Jump to main content

Cad é eFlow?

An córas nua dolála saor ó bhacainní ar an M50.
Tá sí mar aidhm go bhfeidhmeodh an M50 ar bhealach níos fearr duitse, agus go bhféadfaí gluaiseacht níos éasca. Tuilleadh faoi eFlow

 

Conas íoc as do thuras?

Bunaigh cuntas eFlow

 

Clárú clibe

An modh is éasca agus is saoire chun íocaíocht a dhéanamh ná clárú roimh ré le haghaidh clib leictreonach a shuiteálfaidh tú ar do ghaothscáth. Cláraigh le haghaidh do chlib eFlow anois – SAOR IN AISCE fad atá stoic ar fáil. (Tá táille cuntais mhíosúil de €1.23/Clib infheidhmithe.)

Clárú físeáin

Bunaigh cuntas ionas go ngearrtar táille ar do chuntas gach uair a léitear uimhirphláta d’fheithicil. (Gan aon táille cuntais mhíosúil.)

'Íoc Mar a Théann Tú'

Neamhchláraithe

Le haghaidh custaiméirí neamhchláraithe, déantar taifeadadh ar uimhirphláta d’fheithicil gach uair a théann tú thar pointe an dola.

Caithfear íoc as an turas roimh 8i.n. an lá dar gcionn.

Tá íocaíocht éasca – is féidir íoc ar líne anseo nó ár lárionad glaonna a úsáid (Glaoáitiúil 1890 50 10 50) nó in asraonta miondíola Payzone ar fud na tíre.