Jump to main content

Téarmaí agus Coinníollacha um

Chomhaontú Custaiméara eFlow

Réamhrá

A. TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA

Leagann na téarmaí agus coinníollacha seo, chomh maith leis an bhFoirm Iarratais Chuntais, amach an comhaontú (an Comhaontú) idir tú féin (tusa nó an Custaiméir) agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (chun na críocha seo, eFlow you firsteFlow) maidir le hoscailt agus feidhmiú Chuntais le eFlow agus, más infheidhmithe, an soláthar agus úsáid ghaolmhar de chlib leictreonach (dá dtagraítear Clib as seo amach) ar Dhola-Bhóthar an M50 agus ar dhola-bhóithre eile i bPoblacht na hÉireann.

Is féidir le eFlow téarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe seo a choigeartú, a léasú nó a athrú ar dhóigh eile am ar bith trí fhógra scríofa a sholáthar duit sa phost nó trí mheán ríomhphoist de théarmaí agus coinníollacha dá leithéid.Beidh coigeartuithe, leasuithe nó athruithe eile ar fáil ar líne chomh maith ag www.eflow.ie

Tá sé de dhualgas ort faisnéis chustaiméara suas chun dáta a choimeád i gcomhréir le clásal 4.4 thíos, lena n-áirítear do sheoladh, sonraí teagmhála, faisnéis feithicle agus sonraí cláraithe, agus eolas íocaíochta.Ba chóir duit nuashonrú a dhéanamh nuair a thagann athrú ar do chuid faisnéise, mar shampla, nuair a dhíoltar feithicil a bhí cláraithe cheana nó nuair a athraíonn tú do sheoladh.

Ba chóir athruithe a dhéanamh ar an bhfaisnéis chustaiméara ar líne trí logáil isteach ar leathanach Mo Chuntas ar www.eflow.ie nó trí dhul i mbun teagmhála le Lárionad Seirbhísí Custaiméara eFlow ar an nguthán ag 1890 50 10 50 nó trí fhacs a sheoladh chuig an uimhir a cuirtear in iúl ó am go chéile.

B. CUNTAS A OSCAILT

B.1      D’fhonn Cuntas a oscailt, beidh ort Foirm Iarratais Chuntais a chomhlánú ar líne nó na sonraí riachtanacha go léir a sholáthar don Lárionad Seirbhísí Custaiméara ionas gur féidir leo Foirm Iarratais Chuntais a chomhlánú ar do shon nó beidh ort Foirm Iarratais Chuntais a sheoladh sa phost.Cuimseoidh an fhaisnéis atá le háireamh san Fhoirm Iarratais Chuntais na nithe seo a leanas:

·         ainm, seoladh, sonraí teagmhála agus sonraí na bhfeithiclí ar mian leat a chlárú mar Fheithiclí Cláraithe (cosúil le haicme na feithicle, an cineál feithicle, dath agus sonraí clárúcháin);

·         an Modh Íocaíochta beartaithe;

·         cibé an cuntas pearsanta nó gnó a bheidh sa Chuntas;

·         cibé an Cuntas Clibe nó Cuntas Físeáin a bheidh sa Chuntas;

·         cineál agus modh seachadta na Ráiteas Cuntais; agus

·         cibé an Cuntas Réamhíoctha nó Cuntas Iar-Íoctha a bheidh sa Chuntas.

B.2      Sula dtagann an Comhaontú seo i bhfeidhm agus sula n-osclaíonn eFlow Cuntas:

(a) ní mór duit glacadh le téarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe seo i gcomhréir le clásal 2 mar is infheidhmithe; agus

(b) i gcás aon Chuntais Réamhíoctha, caithfidh go mbeadh eFlow tar éis an tIarmhéid Tosaithe Cuntais a fháil uait.

B.3      Tá sé de cheart ag eFlow aon iarratas ar Chuntas a oscailt nó ar dhul isteach sa Chomhaontú seo a dhiúltú.

B.4      Sa chás go bhfuil cóip den Chomhaontú seo ag teastáil uait i gcló níos mó, is féidir é seo a chur ar fáil duit ar iarratas.

1 SAINMHÍNITHE

1 SAINMHÍNITHE

1.1      Sa Chomhaontú seo bainfidh na bríonna seo a leanas leis na focail agus nathanna seo a leanas mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt:

Ciallaíonn “Cuntas” do Chuntas Clibe nó do Chuntas Físeáin;

Ciallaíonn “Foirm Iarratais Chuntais” an fhoirm iarratais atá le comhlánú agat nó ag Gníomhaire an Lárionaid Seirbhíse i gcás Custaiméara a dhéanann iarratas trí mheán an Lárionaid Seirbhísí Custaiméara, d’fhonn cuntas a oscailt;

Ciallaíonn “Iarmhéid Cuntais”, ag am ar bith, an méid taifeadta trína bhféadfaidh Cuntas a bheith i sochar nó i ndochar, de réir an cháis ar leith;

Ciallaíonn “Táille Cuntais", ag am ar bith, an méid iníoctha ag Custaiméir maidir le soláthar an Chuntais agus na seirbhísí gaolmhara tráth dá leithéid do gach Tréimhse Mhuirir nó cuid de Thréimhse Mhuirir i gcomhréir leis an gComhaontú seo (€1.23 in aghaidh na Clibe eisithe duit i láthair na huaire), a d’fhéadfadh eFlow a choigeartú ó am go chéile, tar éis fógra roimh ré a thabhairt duit faoi choigeartú dá leithéid;

Ciallaíonn “Iarmhéid Tosaithe Cuntais”, maidir le Cuntas Réamhíoctha, daichead euro (€40);

Ciallaíonn “Ráiteas Cuntais” ráiteas faoin gcuntas a eisítear chuig Custaiméir ó am go chéile, ag leagan amach na hidirbhearta taifeadta le linn na tréimhse luaite (lena n-áirítear, aon Dolaí tabhaithe ag an gCustaiméir le linn na tréimhse sin);

Ciallaíonn “Muirear um Ráiteas Cuntais Breise” euro agus fiche trí cent (€1.23) nó suim eile dá leithéid a d’fhéadfadh a bheith sainithe ag eFlow le bheith iníoctha maidir le heisiúint na Ráiteas Cuntais sin seachas na Ráitis Chuntais a eisítear saor in aisce i gcomhréir leis an gComhaontú seo;

Ciallaíonn “Comhaontú” na téarmaí agus coinníollacha seo, chomh maith leis an bhFoirm Iarratais Chuntais, a d’fhéadfaí a léasú nó a fhorlíonadh ó am go chéile;

Ciallaíonn “Tréimhse Mhuirir”, i gcás na chéad tréimhse, an tréimhse ag tosú ar (agus lena n-áirítear) an lá a dhéantar gníomhachtú ar an gCuntas agus ag críochnú ar dháta éaga na míosa féilire agus i gcás gach Tréimhse Mhuirir ina dhiaidh sin, tréimhse aon mhí amháin (1) ag tosú ar dháta éaga na Tréimhse Muirir roimhe sin;

Ciallaíonn “Custaiméir” tusa, an té atá ag oscailt Chuntais le eFlow;

Ciallaíonn “Lárionad Seirbhísí Custaiméara” lárionad teagmhála tiomnaithe eFlow a bunaíodh chun fiosruithe ó Chustaiméirí a bhainistiú, a réiteach agus a fhreagairt;

Ciallaíonn “BLD” bailiú leictreonach na ndolaí;

Ciallaíonn “Táillí”, a fhairsinge agus atá infheidhmithe i ngach cás, an Táille Cuntais, an Muirear Íocaíochta Déanach agus an Muirear um Ráiteas Cuntais Breise;

Ciallaíonn “Idir-inoibritheacht” á go mbeidh Custaiméir a bhfuil Clib acu in ann Dola a urscaoileadh trí mheán BLD ar aon Dola-Bhóthar seachas Dola-Bhóthar an M50 atá mar chuid den scéim náisiúnta idir-inoibritheachta agus déanfar “idir-inoibritheach” a léirmhíniú mar is cuí;

Ciallaíonn “Muirir Íocaíochta Déanach” suim a d’fhéadfadh eFlow a shonrú ó am go chéile mar an tsuim bhreise le híoc agat mura bhfaigheann eFlow íocaíocht de réir mar a iarrtar faoin gComhaontú;

Ciallaíonn “Dola-Bhóthar an M50” an chuid sin de bhóthar náisiúnta an N50 (a bhfuil aithne air mar an M50) atá ina dhola-bhóthar;

Ciallaíonn “Iarmhéid Íosta” an t-iarmhéid íosta atá le coimeád i gCuntas Réamhíoctha, is sé sin dhá euro déag (€12) nó méid eile dá leithéid a d’fhéadfadh eFlow a shonrú ó am go chéile;

Ciallaíonn “Íosmhéid Bhreisithe” an méid íosta atá le cur chun sochair sa Chuntas Réamhíoctha gach uair a shroichtear an tIarmhéid Íosta, is sé sin tríocha euro (€30) nó méid eile dá leithéid a d’fhéadfadh eFlow a shonrú ó am go chéile;

Ciallaíonn “Mí-úsáid” teip an Chustaiméara gníomhú i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe, na bhFodhlithe agus Achtanna na mBóithre ,1993-2007, lena n-áirítear achtanna nó easnaimh eile dá leithéid a d’fhéadfadh eFlow a shonrú agus a chur in iúl do Chustaiméirí ó am go chéile;

Ciallaíonn “Ráiteas Cuntais Míosúil” an Ráiteas Cuntais a eisítear duit ag leagan amach do chuid staire idirbheartaíochta ar bhonn míosúil don tréimhse luaite agus aon mhuirir tabhaithe agat le linn na tréimhse sin;

Ciallaíonn “Cuntas Íocaíochta” cuntas atá agat le hinstitiúid chreidmheasa nó cuntas a bhaineann le cárta creidmheasa nó cárta dochair (i ngach cás, cuntas ar féidir treoracha a thabhairt ina leith chun údarás a thabhairt dochair a bhaint as) nó cuntas eile dá leithéid ar féidir a bheith faofa ag eFlow, agus atá údaraithe agat, nó á údarú agat, do eFlow dochair a bhaint óna leithéid de chuntas i gcomhréir leis an gComhaontú;

Ciallaíonn “Dáta Íocaíochta”, maidir le haon Tréimhse Mhuirir, an chéad lá gnó eile a leanann dáta éaga Thréimhse Mhuirir dá leithéid;

Ciallaíonn “Modh Íocaíochta” modh íocaíochta atá inghlactha do eFlow, is é sin, cárta creidmheasa, cárta dochair nó trí dhochar díreach ó chuntas íocaíochta an Chustaiméara nó modh íocaíochta eile dá leithéid a d’fhéadfadh eFlow a fhaomhadh ó am go chéile;

Ciallaíonn “Cuntas Iar-Íoctha” an cineál cuntais atá agat le eFlow trína bhaintear suim atá cothrom leis an tsuim atá dlite maidir le Dolaí agus suimeanna eile dá leithéid a d’fhéadfadh a bheith dlite i gcomhréir leis an gComhaontú seo tabhaithe le linn tréimhse áirithe (an “méid gan íoc”) agus tuairiscithe i gcuntas dá leithéid trí mheán an méid gan íoc ag an am sin a chur do dhochar ó do chuntas íocaíochta ó am go chéile;

Ciallaíonn “Cuntas Réamhíoctha” an cineál cuntais atá agat le eFlow trína n-íoctar suimeanna roimh ré le cur chun sochair cuntais dá leithéid, le suimeanna atá dlite maidir le Dolaí agus suimeanna eile dá leithéid a d'fhéadfadh a bheith dlite i gcomhréir leis an gComhaontú seo á mbaint ina dhiaidh sin, agus leis an áis suimeanna breise a chur do dhochar do chuntas íocaíochta ó am go chéile (nó íoctha ar bhealach eile a d’fhéadfadh eFlow a fhaomhadh) agus a chur do shochair an chuntais seo;

Ciallaíonn “Ráiteas Cuntais Ráithiúil” an Ráiteas Cuntais a eisítear duit ar bhonn trí (3) mhí ag leagan amach do chuid staire idirbheartaíochta (lena n-áirítear aon mhuirir tabhaithe) le linn na tréimhse luaite;

Ciallaíonn “Feithiclí Cláraithe” an fheithicil nó na feithiclí atá cláraithe agat maidir leis an gComhaontú;

Ciallaíonn “Íocaíocht Diúltaithe” aon íocaíocht, nach bhfuil méid na híocaíochta sin curtha chun sochair eFlow;

Ciallaíonn “Cárta Luaíochta” scéim dhílseachta um Charta Luaíochta eFlow a fheidhmíonn eFlow agus atá ar fáil do shealbhóirí cuntas Clibe nó Físeáin gníomhachtaithe de chuid eFlow. Tugann an scéim dhílseachta um Chárta Luaíochta deis do chustaiméirí eFlow leas a bhaint as réimse lascainí agus tairiscintí ó cuid de na brandaí is mó aithne in Éirinn, nithe atá curtha le chéile go heisiatach do scéim Chárta Luaíochta eFlow. Féadfar liosta iomlán na lascainí agus na dtairiscintí a fháil ar líne ag www.eflowrewards.ie.

Ciallaíonn “Gníomhaire an Lárionaid Seirbhíse” fostaí de chuid an Lárionaid Seirbhísí Custaiméara atá údaraithe chun déileáil le fiosruithe ó Chustaiméirí;

Tá an bhrí ag “Láithreán” atá tugtha dó i gclásal 21;

Ciallaíonn “Clib” an gléas leictreonach a sholáthraíonn eFlow duit le suiteáil sna Feithiclí Cláraithe d’fhonn bailiú leictreonach na nDolaí faoi théarmaí an Chomhaontaithe seo maidir le húsáid Dola-Bhóthar an M50 nó Dhola-Bhóithre idir-inoibritheacha eile ag na Feithiclí Cláraithe a éascú;

Ciallaíonn “Cuntas Clibe” cuntas a choimeádtar le eFlow a bhfuil Clib eisithe ina leith le suiteáil sna Feithiclí Cláraithe;

Ciallaíonn “Dola” aon dola (lena n-áirítear dola réamhshocraithe) atá iníoctha ag an gCustaiméir as Dola-Bhóthar a úsáid agus a ríomhtar trí mheán tagartha don aicme feithicle de réir na reachtaíochta ábhartha agus Fodhlithe Dola infheidhmithe;

Ciallaíonn “Fodhlithe Dola”, ag am ar bith, na fodhlithe atá infheidhmithe i ndáil le Dola-Bhóthar an M50 déanta de bhun Acht na mBóithre 1993;

Ciallaíonn “Córas Bailithe na nDolaí” an córas deartha agus cothaithe d’fhonn éascú a dhéanamh ar bhailiú na nDolaí go leictreonach ar son eFlow;

Ciallaíonn “Dola-Bhóthar” aon bhóthar (nó cuid de bhóthar) a bhfuil dola iníoctha maidir lena úsáid de réir Acht na mBóithre 1993;

Ciallaíonn “Feithiclí Neamhchláraithe” aon fheithicil nach bhfuil cláraithe le eFlow nó le hoibreoir de chuid dola-bhóthair idir-inoibrithigh (seachas Dola-Bhóthar an M50); agus

Ciallaíonn “Cuntas Físeáin” cuntas a choimeádtar le eFlow, nach Cuntas Clibe é.

1.2 Sa Chomhaontú seo:

(a)       is le haghaidh éascaíocht tagartha amháin na ceannteidil agus fotheidil agus ní chuirfear san áireamh iad agus léirmhíniú nó forbairt á ndéanamh ar an gComhaontú seo;

(b)       áiríonn na tagairtí go léir d’aon chomhaontú (lena n-airítear, gan teorainn, an Comhaontú seo), cáipéis nó ionstraim eile (faoi réir faofa ábhartha agus forála ar bith eile den Chomhaontú seo a bhaineann go díreach lena leithéid de chomhaontú, de cháipéis nó d'ionstraim eile) tagairt don chomhaontú, don cháipéis nó don ionstraim sin de réir mar a léasaíodh, a forlíonadh, a ionadaíodh, a athnuadh nó a sannadh;

(c)        áireoidh na tagairtí uile d’aon reacht nó foráil reachtúil (lena n-áirítear aon fho-reachtaíocht) tagairtí d’aon reacht nó foráil reachtúil a léasaíonn, a leathnaíonn, a chomhdhlúthaíonn nó a ionadaíonn an ní céanna nó é sin atá leasaithe, leathnaithe, comhdhlúite nó ionadaithe ag an ní céanna;

(d)       déanfaidh gach tagairt don am tagairt do pé am a bheidh i gceist sa Stát ábhartha;

(e)       áiríonn focail a léiríonn an uimhir uatha an uimhir iolra agus a mhalairt chomh maith;

(f)        áiríonn focail a léiríonn inscne ar leith na hinscní go léir;

(g)       áiríonn “duine” aon duine aonair, comhpháirtíocht, fiontar, iontaobhas, comhlacht corparáideach, rialtas, comhlacht rialtais, údarás, eascróg, gníomhaireacht nó ionstraimeacht, comhlacht neamhchorpraithe de dhaoine nó chomhlachas;

(h)       áireoidh aon tagairt do “eFlow” (seachas tagairt maidir le teidlíocht chun íocaíochtaí a fháil) daoine ag gníomhú ar son eFlow maidir leis an gComhaontú seo;

(i)         glacfar leis go n-áireoidh aon tagairt d’eagraíocht phoiblí nó d’ionadaí poiblí tagairt d’aon chomharba de chuid eagraíochta nó ionadaí poiblí dá leithéid nó d’aon eagraíocht nó aonán nó ionadaí atá tar éis glacadh le feidhmeanna nó freagrachtaí na heagraíochta nó an ionadaí poiblí dá leithéid; agus

(j)         nuair is ionann an Custaiméir agus beirt nó níos mó, glacfar leis go mbeidh na cúnaint uile faoi seach ag an gCustaiméir déanta ag a leithéid de dhaoine i gcomhpháirt agus go leithleach.

2 GLACADH LEIS AN GCOMHAONTú SEO

2.1      I gcúinsí ina ndéanann tú iarratas ar Chuntas ar líne (trí an Láithreán Gréasáin), iarrfar ort na téarmaí agus coinníollacha seo a léamh agus ansin an cnaipe “Glac Leis” [Accept] a chliceáil, más mian leat leanúint ar aghaidh.Trí an cnaipe “Glac Leis” [Accept] a bhrú, beidh, agus glacfar leis go mbeidh, an Comhaontú seo déanta agus glactha agat.

2.2      I gcás Cuntais Chlibe agus Físeáin (seachas na Cuntais Chlibe agus Físeáin sin ar glacadh leo i gcomhréir le clásal 2.1), nuair atá an Fhoirm Iarratais Chuntais faofa:

(a)       eiseoidh eFlow an Comhaontú seo chomh maith le Cód Gníomhachtaithe Cuntais chuig an seoladh a soláthraíodh ar an bhFoirm Iarratais Chuntais ded’ chuid;

(b)       eiseoidh eFlow Cárta Luaíochta eFlow tar éis duit clárú le haghaidh cuntais Chlibe de chuid eFlow. Cárta pearsanta saor in aisce é seo cé nach bhfuil faoi dhualgas ort a úsáid. Mura mian leat leas a bhaint as aon cheann de na lascainí nó tairiscintí, scrios an carta le do thoil.

(c)        ach amháin má tá an Comhaontú seo glactha agat (mar atá leagtha amach thíos), tá sé de cheart agat laistigh de 14 lá ón dáta a chuirtear an Comhaontú seo chugat do Chuntas Clibe linn a chur ar ceal; agus

(d)       d’fhonn an ceart cealaithe a fheidhmiú ní mór duit an Chlib agus an Comhaontú a thabhairt ar ais dúinn le hiarratas scríofa ar chealú. Ní mór go gcuirfí an chlib ar ais chugainn lena cuma bunaidh neamhúsáidte uirthi. Mar sin féin, beidh feidhm leis an gComhaontú seo eadrainn agus ní bheidh an ceart cealaithe agat níos mó ag an tráth is luaithe díobh seo a leanas:

            (i)         Tráth éaga na tréimhse 14 lá dá dtagraítear i 2.2(c) thuas; agus

            (ii)        An dáta agus an t-am a chuireann tú an Chlib id’ fheithicil agus a thugann tú faoi thuras ar dhola-bhóthar ag baint úsáide as an gClib chun do dhliteanas i ndáil leis an dola iníoctha a íoc a thaifeadadh

2.3      I gcás Cuntas Clibe (seachas na Cuntais Físeáin a nglactar leo i gcomhréir le clásal 2.1), a luaithe agus a dhéantar an Fhoirm Iarratais Chuntais a fhaomhadh:

(a)       eiseoidh eFlow an Comhaontú seo chuig an seoladh a soláthraíodh ar an bhFoirm Iarratais Chuntais ded’ chuid;

(b)       eiseoidh eFlow Cárta Luaíochta eFlow tar éis duit clárú le haghaidh cuntais Físeáin de chuid eFlow. Cárta pearsanta saor in aisce é seo cé nach bhfuil faoi dhualgas ort a úsáid. Mura mian leat leas a bhaint as aon cheann de na lascainí nó tairiscintí, scrios an carta le do thoil.

(c)        ach amháin má tá an Comhaontú seo glactha agat (mar atá leagtha amach thíos), tá sé de cheart agat laistigh de 14 lá ón dáta a chuirtear an Comhaontú seo chugat do Chuntas Físeáin linn a chur ar ceal; agus

(d)       d’fhonn an ceart cealaithe a fheidhmiú ní mór duit an Comhaontú seo a thabhairt ar ais dúinn mar aon le hiarratas scríofa ar chealú. Mar sin féin, beidh feidhm leis an gComhaontú seo eadrainn agus ní bheidh an ceart cealaithe agat níos mó ag an tráth is luaithe díobh seo a leanas:

            (i)         Tráth éaga na tréimhse 14 lá dá dtagraítear i 2.3(c) thuas; agus

            (ii)       An dáta agus an t-am a thugann tú faoi thuras ar dhola-bhóthar an M50 sa chaoi gur ionann an dola atá le híoc agat agus an dola infheidhmithe do shealbhóir Chuntais Físeáin

2.4      Ba chóir a thabhairt faoi deara, cé go bhféadfadh an Comhaontú seo a bheith i bhfeidhm de réir an mhéid atá luaite roimhe seo, ní thagann sé i bhfeidhm, i gcás Cuntais Réamhíoctha, mura bhfaigheann agus go dtí go bhfaigheann eFlow an tIarmhéid Tosaithe Cuntais maidir le do Chuntas, agus go dtí go bhfaigheann eFlow an tIarmhéid Tosaithe Cuntais úd, déileálfar leis na Feithiclí Cláraithe mar Fheithiclí Neamhchláraithe.

3 CUNTAIS – MODH TAIFEADTA

Tairgeann eFlow dhá Chuntas do Chustaiméirí trí thagairt do mhodh taifeadta ghluaiseacht na bhFeithiclí Cláraithe ar Dhola-Bhóthar an M50, eadhon:

·         Cuntais Chlibe; agus

·         Cuntais Físeáin.

Is féidir le ceachtar Cuntas a bheith ina Chuntas Réamhíoctha nó ina Chuntas Iar-Íoctha.

Beag beann ar a gcineál Cuntais a roghnaítear, tógtar grianghraf/déantar taifead físeáin de na feithiclí uile a úsáideann Dola-Bhóthar an M50.Coimeádtar na grianghraif/íomhánna sin chun críche forfheidhmithe agus chun déileáil le haon agóidí a thagann chun cinn i leith feithicle nó cuntais agus chun na hagóidí úd a réiteach.

4 DOLAÍ

4.1      Gan cur isteach ar aon oibleagáid dlíthiúil a fhorchuireann dlí infheidhmithe ort, tá tú faoi dhliteanas eFlow a íoc as gach uile dola a d'fhéadfadh na Feithiclí Cláraithe a thabhú de bhun dlí infheidhmithe agus urscaoilfear suimeanna dá leithéid de réir an Chomhaontaithe seo.

4.2      Féadfar na Dolaí atá infheidhmithe i ndáil le haon dola-bhóthar (lena n-áirítear Dola-Bhóthar an M50) a choigeartú ó am go chéile i gcomhréir le dlí infheidhmithe.

4.3      Féadfaidh eFlow aicme na feithicle lena mbaineann Cuntas Clibe nó Cuntas Físeáin a athrú go haontaobhach, agus íocfaidh tú an Dola cuí a bhaineann leis an aicmiú nua seo, má tá úsáid á bhaint agat as Cuntas Clibe nó Cuntas Físeáin le haghaidh aicme feithicle nach bhfuil comhsheasmhach le haicme feithicle na bhFeithiclí Cláraithe agus lena mbaineann an Cuntas Clibe nó an Cuntas Físeáin.

4.4      Aontaíonn tú aon athrú ar Fheithicil Chláraithe nó ar ainm nó seoladh nó oifig cláraithe a chur in iúl do eFlow, de réir mar is cuí, laistigh de sheacht (7) lá ón uair a tharlaíonn an t-athrú sin.

5. CLIBEANNA AGUS CUNTAIS CHLIBE

5.1      Ní féidir Clib a úsáid ach amháin don Fheithicil Chláraithe (agus an Cuntas Clibe gaolmhar) dá n-eisíonn eFlow é.

5.2      Tá Feithiclí Cláraithe agus Clibeanna cláraithe le Cuntas Clibe.

Is féidir uasmhéid sé (6) Fheithicil Chláraithe agus Clib a chlárú i ndáil le Cuntas arbh ionann é agus cuntas pearsanta nó cuntas neamh-ghnó. Ag brath ar fhaomhadh eFlow, níl líon uasta ann d’Fheithiclí Cláraithe agus Clibeanna ar féidir a chlárú i ndáil le Cuntas Clibe ar leith arbh ionann é agus cuntas gnó.

5.3      Tá sé de dhualgas ort a chinntiú go ngreamaíonn tú Clibeanna don Fheithicil Chláraithe lena bhfuil siad cláraithe de réir na dtreoracha um shuiteáil Clibe atá soláthartha ag eFlow ionas:

(a) go bhfuil sí ábalta cumarsáid a dhéanamh go sásúil leis an gCóras Bailithe Dola; agus

(b) gur féidir leis an gCóras Bailithe Dola (nó aon chóras atá i bhfeidhm ar aon dola-bhóthar eile chun críocha BLD) gluaiseacht na Feithicle Cláraithe ar Dhola-Bhóthar an M50 (nó aon dola-bhóthar eile) a thaifeadadh.

5.4      Má fhaigheann tú clib ó oibreoir dhola-bhóthair seachas Dola-Bhóthar an M50 agus má tá sé ar intinn agat an chlib seo a úsáid i bhFeithicil Chláraithe in éineacht leis an gClib don Fheithicil Chláraithe sin, tá sé de dhualgas ort a chinntiú go léann Córas Bailithe na nDolaí an Chlib úd.

5.5      Nuair is ionann dola-bhóthar agus dola-bhóthar idir-oibritheach agus nuair atá Clib suiteáilte san Fheithicil Chláraithe i gcomhréir leis an gComhaontú seo, d’fhéadfá a bheith in ann an Dola atá iníoctha maidir le húsáid dola-bhóthair dá leithéid ag Feithicil Chláraithe mar sin a urscaoileadh:

(a) trína gluaiseacht a thaifeadadh tríd an Chlib dá cuid i gcumarsáid le córas an dola-bhóthair le haghaidh BLD;

(b) sonraí idirbhearta dá leithéid a soláthar do eFlow, ionas go ndéanfaidh eFlow an méid atá dlite maidir leis an Dola sin a urscaoileadh; agus

(c) méid do Chuntais:

            (i) (i gcás Cuntais Réamhíoctha) bainfear an méid atá dlite maidir le Dola dá leithéid as; nó

            (ii) (i gcás Cuntais Iar-Íoctha) méadófar an méid atá dlite do eFlow ar an gcéad Dáta Íocaíochta eile faoin méid atá dlite maidir le Dola dá leithéid, ar an gcoinníoll nach mbeifeá in ann leas a bhaint as an gceart seo má sháraíonn tú an Comhaontú seo (cé acu toisc gur theip ort aon suim a bhí dlite do eFlow a íoc de réir an Chomhaontaithe seo nó eile nó, i gcás Cuntais Réamhíoctha, go bhfuil iarmhéid Chuntais Réamhíoctha dá leithéid níos lú ná an tIarmhéid Íosta).

5.6      I gcás Cuntais Chlibe, nuair nach dtaifeadtar gluaiseacht na Feithicle Cláraithe ar an Dola-Bhóthar ag úsáid na Clibe agus go dtaifeadtar íomhá de cláruimhir na Feithicle Cláraithe, beidh eFlow i dteideal Dola a ghearradh i leith úsáid dá leithéid amhail gur Cuntas Físeáin atá sa Chuntas, agus ní Cuntas Clibe.

5.7      Sa chás go bhfuil an Comhaontú seo sáraithe agat (cé acu toisc gur theip ort aon suim a bhí dlite do eFlow a íoc de réir an Chomhaontaithe seo nó eile nó, i gcás Cuntais Réamhíoctha, go bhfuil iarmhéid Chuntais Réamhíoctha dá leithéid níos lú ná an tIarmhéid Íosta), d'fhéadfadh eFlow déileáil leat amhail is nach bhfuil na Feithiclí Cláraithe faoi réir Cuntais Chlibe agus mar sin beidh tú faoi dhliteanas Dolaí a íoc amhail gur Feithiclí Neamhchláraithe iad na Feithiclí Cláraithe.

6. CUNTAS FÍSEÁIN

6.1      Ní bheidh Cuntas Físeáin ann ach amháin maidir leis na Feithiclí Cláraithe sin atá cláraithe maidir lena leithéid de Chuntas Físeáin.

6.2      Féadfar líon uasta sé (6) Fheithicil Chláraithe a chlárú maidir le Cuntas atá ina chuntas pearsanta nó cuntas neamh-ghnó.Ag brath ar fhaomhadh eFlow, níl aon uasmhéid Feithiclí Cláraithe ann gur féidir a chlárú maidir le Cuntas Físeáin faoi leith atá ina chuntas gnó.

6.3      Sa chás go bhfuil an Comhaontú seo sáraithe agat (cé acu toisc gur theip ort aon suim a bhí dlite do eFlow a íoc i gcomhréir leis an gComhaontú seo nó eile nó, i gcás Cuntais Réamhíoctha, go bhfuil iarmhéid Chuntais Réamhíoctha dá leithéid níos lú ná an tIarmhéid Íosta), d’fhéadfadh eFlow déileáil leat amhail is nach bhfuil na Feithiclí Cláraithe faoi réir Cuntais Físeáin agus dá réir sin, beidh tú faoi dhliteanas Dolaí a íoc amhail gur Feithiclí Cláraithe iad na Feithiclí Neamhchláraithe.

7. ÍOCAÍOCHT DOLAÍ AGUS MUIREAR

7.1      Íocfaidh tú na méideanna go léir atá dlite le eFlow i gcomhréir leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear, gan teorainn, na méideanna go léir atá dlite:

            (a) maidir le haon Dola agus muirir ghaolmhara;

            (b) na méideanna uile atá iníoctha trí mheán Táille Cuntais;

            (c) na méideanna uile atá iníoctha trí mheán Muirear um Ráiteas Cuntais Breise;

            (d) aon Mhuirir Íocaíochta Déanacha; agus

            (e) aon suimeanna nó muirir eile atá dlite leis de bhun téarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe. Áireoidh na muirir a mbeidh tú faoi dhliteanas ina leith (gan dochar do ghinearáltacht na nithe roimhe seo) a leithéid de mhuirir a d’fhéadfadh eFlow a chur in iúl ó am go chéile maidir le Mí-úsáid nó mí-úsáid Dola-Bhóthair.

7.2      Nuair a tharlaíonn Íocaíocht Diúltaithe, cinnteoidh an Custaiméir go bhfaigheann eFlow an méid gan íoc (in éineacht le haon mhuirir a thagann chun cinn de bharr na hÍocaíochta Diúltaithe) chomh luath agus is féidir ach ar aon chuma laistigh de cheithre lá dhéag (14) ó thráth na hÍocaíochta Diúltaithe.

7.3      Glacann tú freagracht as ucht eFlow a chur ar an eolas mar gheall ar aon athruithe ar do chuid sonraí íocaíochta (lena n-áirítear, gan teorainn, do chuntas íocaíochta) mar atá leagtha amach san Fhoirm Iarratais Chuntais.

7.4      Cé go ndéanann eFlow gach iarracht a chinntiú go dtaifeadtar muirir go cruinn, glacann tú leis go bhféadfadh mí-áirimh a bheith sna hiarmhéid Chuntais. I gcásanna dá leithéid, tá sé de cheart ag eFlow coigeartuithe a dhéanamh, gan fógra, nuair is féidir fianaise a sholáthar go bhfuil an t-athrú oiriúnach.Cuirfear a leithéid d’athruithe in iúl go sonrach nó go hachomair ar an Ráiteas Chuntais infheidhmithe.

7.5      Níl tú i dteideal úis maidir le haon suimeanna a fhaigheann eFlow de bhun téarmaí an Chomhaontaithe seo.

7.6       Más rud é:

            (a) go gcealaíonn nó go n-athraíonn tú aon íocaíocht nó do chuid sonraí íocaíochta (lena n-áirítear an cuntas íocaíochta); nó

            (b) nach bhfuil sé i gceist agat leanúint leis na híocaíochtaí a dhéanamh, cuirfidh tú cealú, athrú nó intinn dá leithéid in iúl do eFlow laistigh de cheithre uair a’ chloig is fiche (24) agus urscaoilfidh tú láithreach bonn na méideanna uile atá dlite le eFlow.

8. CUNTAS RÉAMHÍOCTHA

Nuair atá Cuntas Réamhíoctha roghnaithe agat:

(a)       is ionann an tIarmhéid Tosaithe Cuntais do gach Cuntas Réamhíoctha agus daichead euro (€40.00) do gach Feithicil Chláraithe;

(b)       tá sé de dhualgas ort an tIarmhéid Íosta a choimeád i gCuntas Réamhíoctha dá leithéid i gcónaí;

(c)       nuair a thabhaíonn tú dliteanas i leith eFlow de réir an Chomhaontaithe seo, bainfidh eFlow (agus mar sin tugann tú údarás do eFlow amhail a dhéanamh) na méideanna uile atá dlite dó ón gCuntas Réamhíoctha (agus bainfear asbhaintí dá leithéid ón Iarmhéid Cuntais infheidhmithe) de réir an Chomhaontaithe seo, lena n-áirítear, gan teorainn, iad sin dá dtagraítear i gclásal 7.1;

(d)       leis seo tugann tú cead do eFlow treoracha a thabhairt chun do chuntas íocaíochta a chur do dhochar ó am go chéile le suim ar choibhéis;

(i)         an tÍosmhéid Breisithe; nó

(ii)       aon mhéid eile a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun a chinntiú go bhfuil an tIarmhéid Cuntais ar do Chuntas Réamhíoctha cothrom ar a laghad leis an Iarmhéid Íosta, i gcomhréir leis an Modh Íocaíochta a bhaineann leis an gCuntas agus léireoidh an Cuntas íocaíochtaí dá leithéid nuair a fhaigheann eFlow iad, ar an gcoinníoll, agus Iarmhéid Íosta á chinneadh chun críocha an Chlásail 8 seo, go gcuirfear aon dochar de do chuntas íocaíochta atá curtha i gcrích ag eFlow (agus nach bhfuil na fáltais úd faighte go fóill ag eFlow ach de bharr an ama a thógann sé cistí a chur do shochar eFlow tar éis aon treoir dá leithéid a thabhairt amháin) san áireamh.

9. CUNTAS IAR-ÍOCTHA

Nuair atá Cuntas Iar-Íoctha roghnaithe agat:

(a)       tá sé de dhualgas ort a chinntiú go bhfuil do Mhodh Íocaíochta roghnaithe bailí agus go bhfuil a dhóthain airgid ar fáil sa chuntas íocaíochta chun na méideanna go léir atá dlite do eFlow a íoc i gcomhréir leis an gComhaontú seo;

(b)       nuair a thabhaíonn tú dliteanas (lena n-áirítear, gan teorainn, i ndáil leo siúd dá dtagraítear i gclásal 7.1) i leith eFlow de réir an Chomhaontaithe seo, áireoidh eFlow méid dá leithéid sa Chuntas Iar-Íoctha agus ceartófar an tIarmhéid Cuntais chun méid dá leithéid a chur san áireamh; agus

(c)       ar gach Dáta Íocaíochta, tabharfaidh eFlow treoracha chun suim atá cothrom leis an Iarmhéid Cuntais ar dháta éaga na Tréimhse Muirir ábhartha a chur do dhochar do chuntas íocaíochta (agus mar sin tugann tú údarás do eFlow treoracha dá leithéid a thabhairt) de réir an Mhodha Íocaíochta a bhaineann leis an gCuntas agus léireoidh an Cuntas íocaíochtaí dá leithéid nuair a fhaigheann eFlow iad.

10. TÁILLÍ AGUS MUIRIR CHUNTAIS

10.1    Beidh tú freagrach as na Táillí infheidhmithe a íoc ar bhonn míosúil.Bainfear a leithéid de Tháillí ó do Chuntas ag deireadh gach Tréimhse Mhuirir.

10.2    Is ionann an Táille Cuntais atá iníoctha le haghaidh gach Clib a eisítear i ndáil le Cuntas Clibe agus €1.23 do gach mí, nó cuid de, nuair atá Cuntas Clibe bailí ag an gCustaiméir. D’fhéadfadh a leithéid de mhéid a éagsúlú le réamhfhógra á thabhairt don Chustaiméir.

10.3    Níl aon Táille Cuntais i gceist le Cuntas Físeáin.

10.4    Níl aon táille le híoc maidir le heisiúint an Ráitis Chuntais Mhíosúil agus cuirtear Ráiteas Cuntais dá leithéid in iúl trí mheán rphoist agus cuirtear ar fáil ar líne é. Níl aon táille le híoc maidir le heisiúint an Ráitis Chuntais Ráithiúil nuair a eisítear a leithéid de Ráiteas Cuntais Ráithiúil sa phost. Nuair a theastaíonn uait go n-eiseofaí Ráiteas Cuntais Míosúil sa phost, beidh Muirear um Ráiteas Cuntais Breise i gceist maidir le gach Ráiteas Cuntais Míosúil dá leithéid a eisítear tríd an bpost.

10.5    Sa chás go n-éilíonn tú Ráiteas Cuntais sa bhreis orthu siúd dá dtagraítear i gclásal 10.4, íocfaidh tú Muirear um Ráiteas Cuntais Breise le eFlow i ndáil le Ráiteas Cuntais breise dá leithéid, cibé an bhfuil sé eisithe trí mheán rphoist nó sa phost.

11. DÍOSPÓID NA MUIREAR

11.1    Ní mór eFlow a chur ar an eolas mar gheall ar aon díospóidí faoi mhuirir a léirítear i do Chuntas laistigh de nócha (90) lá tar éis breactha an mhuirir.Bíonn gach díospóid faoi réir athbhreithnithe agus faofa ag eFlow agus d’fhéadfadh go mbeadh tuilleadh doiciméadaithe nó fianaise á lorg uait.D’fhonn díospóidí a réiteach, coimeádann eFlow íomhánna fótagrafacha de na hidirbhearta uile ar Dhola-Bhóthar an M50

11.2    Sa chás go bhfuil muirear breactha go mícheart ag eFlow i do Chuntas agus / nó gur gearradh muirear ort go mícheart, aisíocfaidh eFlow an méid a gearradh go mícheart ar do Chuntas.

12. RÁITIS

12.1    Soláthróidh eFlow, i gcomhréir leis an bhFoirm Iarratais Chuntais, gan mhuirear:

(a)       Ráiteas Cuntais Míosúil curtha in iúl trí mheán rphoist agus curtha ar fáil ar líne; nó

(b)       Ráiteas Cuntais Ráithiúil sa phost, chuig an seoladh r-phoist nó an seoladh poist (mar is cuí) a soláthraíodh ar d’Fhoirm Iarratais Chuntais (nó chuig aon seoladh r-phoist nó poist athraithe atá curtha in iúl agat do eFlow i gcomhréir leis an gComhaontú seo) ag leagan amach stair na n-idirbheart don tréimhse luaite.

12.2    Is féidir iarratas a dhéanamh go n-eiseofaí Ráitis Chuntais bhreise chugat trí mheán r-phoist nó tríd an bpost agus, nuair a chuirtear a leithéid de Ráiteas Cuntais breise ar fáil, beidh eFlow i dteideal Muirear um Ráiteas Cuntais Breise a fháil maidir lena leithéid de Ráiteas Cuntais breise.

12.3    Aithneoidh aon Ráiteas Cuntais na Dola-Bhóithre ábhartha, na Dolaí infheidhmithe agus muirir eile atá iníoctha.

12.4    Nuair a rogha déanta agat Ráitis Chuntais Ráithiúla a fháil tríd an bpost, beidh eFlow i dteideal, i ndáil le haon tréimhse trí mhí ar leith, Ráitis Chuntais Mhíosúla a eisiúint chugat tríd an bpost in ionad a leithéid de Ráitis Chuntais Ráithiúla.

13 SOLÁTHAR AGUS ÚSÁID CHLIBE

13.1    Tar éis duit clárú go sealadach do Chuntas Clibe (.i., faoi réir ghlacadh leis an gComhaontú seo i gcomhréir le clásal 2), soláthróidh eFlow an Chlib (nó na Clibeanna) duit agus ní mór duit:

(a)       an Chlib a shuiteáil agus a úsáid san Fheithicil Chláraithe lena bhfuil an Chlib eisithe de réir na dtreoracha soláthartha agus a chinntiú go bhfuil an Chlib feistithe i gceart;

(b)       gan an Chlib a úsáid ach amháin i gcomhréir leis an gComhaontú seo don Fheithicil Chláraithe atá liostaithe san Fhoirm Iarratais Chuntais agus ar eisíodh an Chlib ina leith;

(c)        gan an Chlib a aistriú, a dhíol, fáil réidh léi, a loit nó baint léi nó an Chlib a úsáid go calaoiseach nó go mídhleathach;

(d)       gach iarracht a dhéanamh a chinntiú nach gcailltear, nach ngoidtear, nó nach mbaintear mí-úsáid as an gClib agus na bearta réasúnta uile a ghlacadh chun sábháilteacht na Clibe a chinntiú;

(e)       gach eolas atá agat maidir le caillteanas, gadaíocht nó Mí-úsáid na Clibe a sholáthar do eFlow agus gach beart a mheasann eFlow a bheith riachtanach chun cabhrú le hathghabháil na Clibe a ghlacadh; nó

(f)        gan an Chlib a aistriú ná a roinnt le feithicil eile chun iarracht a dhéanamh Dola a íoc go leictreonach.Gan dochar do ghinearáltacht na nithe roimhe seo, ní dhéanfaidh tú iarracht an Chlib a úsáid trí í a choinneáil i do lámh nó í a fhágáil ar an deais nó i suíomh neamh-shuiteáilte eile san Fheithicil Chláraithe nó in aon fheithicil eile agus is ionann a leithéid d‘iompar agus Mí-úsáid chun críocha an Chomhaontaithe seo.

13.2    Mura fheistíonn tú an Chlib i gceart sna Feithiclí Cláraithe, tá seans go ngearrfar muirear ort ag ráta na nDolaí le haghaidh Feithiclí Neamhchláraithe maidir le Dola-Bhóthar an M50.Beidh tú freagrach as aon Dolaí neamh-íoctha agus pionóis infheidhmithe i gcomhréir le dlí infheidhmithe mar thoradh ar theip an Chlib a shuiteáil i gceart.

13.3    Is ionann an Chlib agus maoin de chuid eFlow i gcónaí agus ní dhéanfaidh tú nó ní cheadóidh tú d'aon rud a bheith déanta a mbeadh Mí-úsáid Clibe i gceist leis.

13.4    Beidh sé de dhualgas ort eFlow a chur ar an eolas mar gheall ar Chlib nach bhfuil ag feidhmiú i gceart nó atá lochtach. Sa mhéid is go n-iarann eFlow é, d’fhéadfaí Clib a thástáil chun a fháil amach an bhfuil sí ag feidhmiú i gceart.Déanfar Clib nach bhfuil ag feidhmiú i gceart nó atá lochtach, agus atá lochtach de bharr cúiseanna nach ionann iad agus mí-úsáid nó úsáid mhícheart dar le eFlow, a ionadú gan aon costas breise ortsa.

13.5    Sa chás go bhfuil eFlow den tuairim go bhfuil Mí-úsáid á bhaint nó bainte as an gClib, beidh eFlow i dteideal an Chlib a chur ar ceal nó a dhíchumasú ionas nach mbeifear in ann tuilleadh úsáide a bhaint as an gClib chun Dolaí a urscaoileadh. Ní bheidh eFlow faoi dhliteanas i do leith maidir le cealú na Clibe de bharr aon mhí-úsáide iarbhír nó mí-úsáide a bhfuil amhras réasúnach faoi.

14. CLIBEANNA DAMÁISTITHE/CAILTE/GOIDTE

14.1    Sa chás go ndéantar damáiste do, go gcailltear nó go ngoidtear Clib, tá sé de dhualgas ort eFlow a chur ar an eolas trí mheán an láithreáin ghréasáin nó ar an nguthán nó trí ghlaoch ar chur ar an Lárionad Seirbhísí Custaiméara. Beidh tú fós faoi dhliteanas as aon úsáid a bhaintear as an gClib go dtí go gcuirtear eFlow ar an eolas faoin gClib a bheith damáistithe, caillte nó goidte agus go dtí go mbeidh an Chlib cealaithe ag eFlow.

14.2    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, sainmhínítear damáiste mar an Chlib a bheith lochtach nó as feidhm de thoradh a bheith ag baint léi, de thoradh mí-úsáide, úsáide míchuí, sceite ceallra, aghloit, nó scriosta timpistigh.

14.3    Tar éis eFlow a chur ar an eolas i gcomhréir le clásal 14.1 thuas, cealóidh nó díchumasóidh eFlow an Chlib agus ní bheifear in ann a thuilleadh úsáide a bhaint as an gClib.

14.4    Nuair a chailleann tú nó nuair a loiteann tú Clib, ní bheidh tú i dteideal Clib ionadaithe a fháil saor in aisce ach is féidir athiarratas a dhéanamh ar Chlib nua ar chostas ceithre euro fiche agus seasca cent (€24.60) nó ar chostas eile dá leithéid mar atá infheidhmithe ag an am.

15. TABHAIRT AR AIS NA CLIBE

15.1    Aontaíonn tú an Chlib a thabhairt ar ais do eFlow:

            (a) ar iarratas ó eFlow;

            (b) nuair atá an Chlib lochtach nó nuair a fhaightear í tar éis don Chustaiméir fógra a thabhairt go raibh an Chlib caillte nó goidte; nó

            (c) i ndiaidh foirceannadh an Chomhaontaithe seo cibé cúis atá leis.

15.2    Nuair a theipeann ort Clib a thabhairt ar ais i gcomhréir leis an gcomhaontú seo, laistigh de cheithre lá déag (14) ina bhfuil dualgais ort a leithéid a dhéanamh, féadfaidh eFlow muirear ceithre euro fiche agus seasca cent (€24.60) nó a leithéid de chostas eile mar is infheidhmithe ag an am sin a ghearradh ort, agus is féidir a leithéid de chostas a bhaint ó do Chuntas.

16 CEALÚ AN CHOMHAONTAITHE

16.1    Féadfar an Comhaontú seo a chealú laistigh de cheithre lá déag (14) ón dáta a ndéantar gníomhachtú ar an gComhaontú i gcomhréir le clásal 2. Nuair atá an ceart chun cealaithe i bhfeidhm agus go mbaineann tú úsáid as, tabharfaidh tú an Chlib ar ais chuig eFlow láithreach bonn laistigh de cheithre lá déag (14) tar éis í a fháil agus aisíocfaidh eFlow aon Táille Cuntais nó Iarmhéid Tosaithe Cuntais a d’íoc tú.

16.2    Más rud é gur baineadh úsáid as an gClib laistigh den tréimhse ceithre lá déag (14), ní bheidh tú i dteideal an ceart i ndáil le cealú an Chomhaontaithe a fheidhmiú.

17. FOIRCEANNADH

17.1    Féadfaidh eFlow an Comhaontú seo a fhoirceannadh le héifeacht láithreach:

(a)       má chuirtear achainí le haghaidh ordaithe féimheachta faoi bhráid maidir leat nó mura mbíonn tú in ann do chuid fiachas a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite nó, de réir mar is cuí, go nglacann eireadóir seilbh go dleathach (agus nach scarann sé leis laistigh de tríocha (30) lá) nó go gceaptar glacadóir go bailí i ndáil le do chuid sócmhainní nó go gcuirtear achainí faoi bhráid chun scrúdaitheoir a cheapadh nó go ndéantar ordú scrúdaitheora maidir leat nó go gcuirtear achainí faoi bhráid dod fhoirceann nó fhéimheacht nó go ndéantar ordú dod’ fhoirceann nó fhéimheacht nó go ndéantar nó go gceadaítear réiteach éifeachtach dod fhoirceann; nó

(b)       má tá tú i mbun sáraithe ábhartha ar aon cheann de théarmaí an Chomhaontaithe seo agus mura féidir a leithéid de shárú a réiteach nó, más féidir é a réiteach, go leanann mainneachtain dá leithéid gan réiteach ar feadh tríocha (30) lá tar éis do eFlow fógra a thabhairt duit;

(c)        má theipeann ort an Chlib a úsáid de réir an Chomhaontaithe seo nó má baineadh úsáid nó má beartaíodh úsáid a bhaint as an gClib ar bhealach neamhúdaraithe nó neamhdhleathach; nó

(d)       nuair, i dtuairim eFlow, atá scortha agat de na híocaíochtaí atá riachtanach de réir an Chomhaontaithe seo a dhéanamh agus go dteipeann ort méid atá dlite do eFlow a urscaoileadh laistigh den am atá leagtha síos don íocaíocht.

17.2    Gan dochar dod’ cheart chun an Comhaontú seo a chur ar ceal i gcomhréir le halt 16 thuas, féadfaidh ceachtar páirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra deich (10) lá a thabhairt don pháirtí eile ar an gcoinníoll, nuair a thugtar a leithéid d’fhógra:

(a)       go dtiocfaidh deireadh le do theidlíocht i ndáil leis an socrú bailithe dolaí atá beartaithe leis an gComhaontú seo a úsáid; agus

(b)        go ndéileálfar leis na Feithiclí Cláraithe mar Fheithiclí Neamhchláraithe.

18. IARMHAIRTÍ AN FHOIRCHEANTA

18.1    I ndiaidh foirceanta, beidh tú fós freagrach as aon mhéideanna atá dlite faoin gComhaontú seo a íoc agus bainfear a leithéid de mhéideanna gan íoc ó do Chuntas.Más gá, d’fhéadfadh eFlow orduithe a thabhairt chun aon iarmhéid atá fós gan íoc le eFlow a bhaint ó do chuntas íocaíochta ar nó i ndiaidh foirceanta.Aisíocfar aon iarmhéid sochair atá fágtha leat.

18.2    Mura bhfuil go leor airgid i do Chuntas beidh tú fós faoi dhliteanas i leith méideanna uile dá leithéid.Mura n-íoctar a leithéid de mhuirir neamh-íoctha go pras le eFlow, d’fhéadfadh go mbeifeá faoi dhliteanas breis muirear seirbhíse, fíneálacha, nó pionós de réir mar atá leagtha amach sna Fodhlithe, Muirir Íocaíochta Déanacha nó de réir mar a d’fhéadfaí a chur in iúl duit ó am go chéile.

19. LEASUITHE AR AN gCOMHAONTÚ

19.1    Féadfaidh eFlow téarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe seo a athrú ag aon am agus cuirfear a leithéid d’athruithe in iúl duit sula dtagann siad i bhfeidhm.Measfar go mbeidh tú tar éis glacadh le haon athruithe dá leithéid laistigh de cheithre lá (14) dhéag tar éis an fhógra a fháil nó nuair a úsáideann tú do Chuntas Clibe nó Físeáin i ndiaidh dáta an fhógra, pé ceann acu is luaithe.

19.2    Mura nglacann tú le téarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe seo, nó le haon coigeartuithe, leasuithe nó athruithe eile ar théarmaí agus choinníollacha an Chomhaontaithe seo ag eFlow sa todhchaí, cuirfidh tú Lárionad Seirbhísí Custaiméara eFlow ar an eolas laistigh de cheithre (14) lá dhéag ó dáta eisithe na sonraí sin ag eFlow agus déanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh.

20. COSAINT SONRAÍ

20.1    Áiríonn an Fhoirm Iarratais Chuntais fógra cosanta sonraí a dhéanann cur síos ar an úsáid agus an nochtadh ar féidir baint as aon fhaisnéis (lena n-áirítear sonraí pearsanta de réir mar atá sainmhínithe sna hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003) a bhaineann leat.

20.2    D’fhéadfadh eFlow do chuid sonraí pearsanta a nochtadh dá ghníomhairí, conraitheoirí agus soláthraithe seirbhíse chomh fada is atá sé riachtanach go réasúnta do na cuspóirí léirithe anseo thuas.

20.3    D’fhéadfadh eFlow do chuid sonraí pearsanta a nochtadh d'oibreoir dólála bóthair ábhartha maidir le soláthar idirbheart dola comh-inoibritheach in Éirinn.

20.4    D’fhéadfadh eFlow faisnéis a roinnt freisin le gníomhaireachtaí teistiméireachta creidmheasa faoin gcaoi a láimhseálann tú do chuntas.

20.5    D’fhéadfadh eFlow dul i mbun cumarsáide leat trí mheán rphoist nó tríd an bpost chun do thuairim a fháil ar eFlow agus bealaí chun ár seirbhís a fheabhsú. D’fhéadfadh eFlow dul i mbun cumarsáide leat freisin trí mheán rphoist nó tríd an bpost chun do thuairim a fháil ar phromóisin agus tairiscintí amach anseo a d’fhéadfaí a chur ar fáil trí scéim Chárta Luaíochta eFlow.

20.6    D’fhéadfadh eFlow dul i mbun cumarsáide leat trí mheán rphoist nó tríd an bpost chun tú a chur ar an eolas faoi thairiscintí promóisin ar tháirgí agus seirbhísí atá á bhfógairt ar www.eflowrewards.ie amhail fruiliú gluaisteáin, árachas gluaisteáin, óstáin agus gníomhaíochtaí fóillíochta a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhair spéise duit.

20.7    D’fhéadfadh eFlow dul i mbun cumarsáide leat trí mheán rphoist nó tríd an bpost chun tú a chur ar an eolas faoi fógraí comórtais á reáchtáil ag eFlow, ag scéim Chárta Luaíochta eFlow agus i gcomhar le páirtithe cleamhnaithe agus lucht urraíochta gaolmhara ar leith.

20.8    Coimeádfar na sonraí pearsanta a sholáthraíonn do eFlow ar fhreastalaithe slána agus tabharfar faoi na céimeanna réasúnta uile (lena n-áirítear bearta slándála teicniúla agus eagrúcháin cuí) chun do chuid sonraí pearsanta a chosaint.

20.9    Má dhéanann eFlow cinneadh ag aon am úsáid a bhaint as do chuid sonraí pearsanta i mbealach atá difriúil ón méid atá leagtha amach sa Chomhaontú seo, nó ón mbealach a nochtadh duit ar dhóigh eile ag am an bhailithe, cuirfidh eFlow ar an eolas tú, agus beidh tú in ann rogha a dhéanamh cé acu an mbainfidh nó nach mbainfidh eFlow úsáid as do chuid sonraí sa bhealach nua.

20.10 Tá sé de cheart agat, faoi réir díolúintí áirithe, cóip a fháil d’aon sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn fút agus aon mhíchruinnis i sonraí dá leithéid a cheartú. Más mian leat leas a bhaint as aon cheann de na cearta seo, déan teagmháil linn le do thoil ag eFlow, Bosca O.P. 11302, Baile Átha Cliath 17.

21. MAOIN INTLEACHTÚIL

Tugann eFlow cead neamh-eisiach, neamh-inaistrithe, teoranta duit rochtain a fháil ar agus úsáid a bhaint as láithreán gréasáin eFlow ag www.eflow.ie (an “Láithreán”) agus an t-ábhar atá léirithe air. Tá a leithéid de rochtain faoi réir théarmaí an Chomhaontaithe seo agus faoi réir Théarmaí Úsáide an Láithreáin Ghréasáin atá leagtha amach ar an Láithreán tráth na rochtana úd.

22. IONADAÍOCHT AGUS BARÁNTA

Déanann tú ionadaíocht agus barántú do eFlow:

(a)       go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha do eFlow maidir leis an gComhaontú seo fíor agus ceart;

(b)       go bhfuil tú tar éis glacadh go bailí leis an gComhaontú seo; agus

(c)        gurb ionann an Comhaontú seo agus do chuid oibleagáidí bailí agus ceangailteacha.

23. SANNADH

23.1    D’fhéadfadh eFlow a chuid ceart, oibleagáidí agus leasa sa nó faoin gComhaontú seo a shannadh, a aistriú nó a dhiúscairt chuig aon duine ag aon am.

23.2    Ní féidir leat a chuid ceart, oibleagáidí nó leasa sa nó faoin gComhaontú a shannadh, a aistriú nó a dhiúscairt.

24. FORCE MAJEURE

Má bhíonn cosc nó bac ar úsáid na Clibe nó Dola-Bhóthair ar bith de bharr aon ábhair nach bhfuil faoi smacht eFlow, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta d’fhoiche Dé, gníomhartha rialtais, stailceanna, frithdhúnadh, conspóidí tionsclaíochta, gaotha, tine, tintreach, aerárthach, pléascadh, bá, triomach, círéibeacha, clampair shibhialta, bearta cogaidh, éirí amach, lánchosc, neamhábaltacht chun cumarsáide le tríú páirtithe ar pé cúis, teip ar aon ríomhaire nó córas lonnaíochta, teip nó moilliú i ndáil le tarchur teachtaireachtaí trí mheán aon líonra fóin phóca, cosc nó bac ar ghnóthú aon fhuinneamh nó soláthairtí eile, mísc dhéanach nó mailíseach nó gadaíocht nó bréag-íocaíocht ag gníomhaire nó aon chúis eile (cé an bhfuil nó nach bhfuil sí cosúil le haon ní thuasluaite) nach bhfuil faoi smacht eFlow nó aon cheann dá ghníomhairí nó fochonraitheoirí, ansin cuirfear feidhmíocht an Chomhaontaithe seo ar fionraí gan aon dliteanas ar thaobh eFlow go dtí go dtagann deireadh lena leithéid de chosc nó bac.

25. DLITEANAS

25.1    Sa mhéid atá ceadaithe de réir an dlí, eisiaitear leis seo aon dliteanais nó na dliteanais uile de chuid eFlow (cibé faoi chonradh, tort (lena n-áirítear faillí) nó eile) a thagann chun cinn de bharr nó maidir le Clib (lena n-áirítear, gan teorainn, teip ar an gClib feidhmiú, í a bheith díghníomhachtaithe nó Mí-úsáid na Clibe).

25.2    Ní bheidh aon oibleagáid i gceist do eFlow ná dá chuid gníomhairí agus ní bheidh siad faoi dhliteanas i ndáil leis an úsáid a bhaineann tú as an gClib nó le feidhmíocht na Clibe. An t-aon leigheas eisiatach a gheofar ó eFlow agus a ghníomhairí ná aon Chlib(eanna) lochtacha a athsholáthar.

25.3    Gan dochar don mhéid réamhluaite, ní bheidh eFlow faoi dliteanas i do leith i ndáil le haon chaillteanas brabúis, cáilmheasa, deise gnó nó aon chineál caillteanais speisialta, indírigh nó iarmhartaigh a thabhaíonn tú, cé acu go díreach nó go hindíreach.

26. ILGHNÉITHEACH

26.1    Is ionann na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach anseo agus téarmaí agus coinníollacha uile an Chomhaontaithe.Aithníonn tú nár bhraith tú ar aon ionadaíocht seachas aon ní atá leagtha amach sna téarmaí agus coinníollacha seo.

26.2    Rialóidh dlí na hÉireann léirmhíniú an Chomhaontaithe seo agus tá dlínse ag cúirteanna na hÉireann aon díospóid a bhaineann leis an gComhaontú a réiteach.

26.3    Ní tharscaoilfear aon téarmaí nó coinníollacha seachas má tá fianaise ann dá leithéid de tharscaoileadh i scríbhinn agus é sínithe ag an bpáirtí tarscaoilte. Ní ghníomhóidh easnamh nó moill ar thaobh ceachtar pháirtí agus aon cheart, cumhacht nó pribhléid thíos á bhfeidhmiú mar tharscaoileadh, ná ní chuirfidh feidhmiú aonair nó páirteach de cheart, cumhacht nó pribhléid dá leithéid bac ar aon fheidhmiú eile nó breise d’aon cheart, cumhacht nó pribhléid eile.

26.4    Tá na cearta agus réitigh anseo feasta carnach le agus níl siad eisiatach i ndáil le haon chearta nó réitigh atá soláthartha ag an dlí. Seachas mar a luaitear go sonrach sa Chomhaontú seo, eisiaitear leis seo aon agus gach ionadaíocht, baránta agus gnóthas, léirithe nó intuigthe.

27. FORÁLACHA INSCARTHA

Beidh gach ceann de na forálacha atá sna téarmaí agus coinníollacha seo inscartha agus éagsúil óna chéile agus má tá nó má éiríonn ceann amháin nó níos mó de na forálacha dá leithéid neamhbhailí, mídhleathach nó míréasúnta ina dhiaidh seo, ní chuirfear isteach ar, ní dhéanfar dochar do agus ní dhéanfar comparáid idir bailíocht, dlíthiúlacht agus in-fhorfheidhmitheacht na bhforálacha dá leithéid atá fágtha.

28. FÓGRAÍ

28.1    Nuair atá dualgas ortsa nó ar eFlow fógra a thabhairt don pháirtí eile atá de bhun an Chomhaontaithe seo, nó más mian libh cumarsáid a dhéanamh lena chéile ar dhóigh eile, is féidir a leithéid d’fhógra a thabhairt nó chumarsáid a dhéanamh:

(a)        i do chás le eFlow,

(i)         tríd an bpost chuig:eFlow, Bosca OP 11302, Baile Átha Cliath 17, Éire; nó

(ii)        trí mheán rphoist nó tarchuir facasamhla chuig:seoladh rphoist nó uimhir fhacasamhla dá leithéid a chuirfear in iúl ó am go chéile; nó

(b)       i gcás eFlow chugatsa,

(i)         trí sheoladh nó seachadadh go dtí an seoladh atá taifeadta san Fhoirm Iarratais Chuntais (a d’fhéadfaí a athrú ó am go chéile de réir an Chomhaontaithe seo) nó seoladh eile dá leithéid a d’fhéadfadh a bheith beartaithe ag Achtanna na mBóithre 1993-2007;

(ii)        trí mheán rphoist chuig:seoladh dá leithéid atá taifeadta san Fhoirm Iarratais Chuntais (a d’fhéadfaí a leasú ó am go cheile de réir an Chomhaontaithe seo); nó

(iii)       i mbealaí eile a bhreithníonn eFlow a bheith oiriúnach.

28.2    Glacfar leis go mbeidh aon fhógra nó cumarsáid a dhéantar sa tslí sin seirbheáilte go cuí:

(a)       i gcás an phoist, ocht uair is daichead (48) i ndiaidh postála nó má dhéantar seachadadh de láimh, tráth an tseachadta;

(b)       i gcás rphoist, tráth an tseachadta; nó

(c)     i gcás facs, nuair a dheimhníonn an seolaí go bhfuarthas é.

28.3    Má thugtar fógra ar an nguthán nó go pearsanta, ní bheidh sé éifeachtach ach amháin má dheimhnítear trí mheán fógra scríofa é, dáilte i gcomhréir leis an gclásal 28 seo laistigh de sheacht lá ó fhógra dá leithéid a thabhairt ar an nguthán nó go pearsanta.