Faoi eFlow
Is éard atá i gceist le eFlow ná an córas nua dolála gan bhacainní ar an M50. An aidhm atá aige ná go bhfeidhmeodh an mótarbhealach i bhfad níos fearr duitse.
Déanann brathadóirí agus ceamaraí lastuas taifeadadh ar do chlib leictreonach nó ar uimhirphláta d'fheithicil go huathoibríoch, ionas gur féidir leatsa dul trí phointe an dola ag an gnáth-luas taistil, ag seachaint scuainí agus ag laghdú strus agus frustrachas.
Modhanna íocaíochta agus cuntais
Tá réimse leathan cuntas ar fáil, cosúil le cuntais réamhíoctha nó iar-íoctha.
Tá rogha agat maidir le modhanna íocaíochta chomh maith, cosúil le dochar díreach, cárta dochair nó airgead tirim. Mura bhfuil cárta creidmheasa / cárta dochair nó cuntas dochair díreach agat, is féidir leat an rogha a dhéanamh do dholaí a íoc le hairgead tirim nó le seic in aon asraon miondíola Payzone.
Léigh a thuilleadh faoi roghanna íocaíochta nó cláraigh le haghaidh cuntas.
Ag úsáid pláis rDola eile
Tá clibeanna eFlow comh-inoibritheach go hiomlán: ciallaíonn sé sin gur féidir leat iad a úsáid ag gach plás rDola eile ar ghréasán bhóithre na hÉireann.
Tabhair faoi deara le do thoil nach mbaineann cuntais físeáin eFlow (uimhirphláta) ach le mótarbhealach an M50 amháin. Mar sin má theastaíonn uait tiomáint gan chiapadh trí na pláis rDola ar fad in Éirinn, cláraigh inniu le haghaidh clib leictreonach.
Ag úsáid clibeanna dola eile
Má tá clibeanna leictreonacha agat ó sholáthraithe eile - MiniTag, Eazypass, eTrip, Eirtag, PassDirect agus Tolltag - is féidir leat aon cheann díobh seo a úsáid ar an M50 agus leas a bhaint as na muirir dhola is ísle atá ar fáil.
Más maith leat clárú le soláthraí clibe eile, logáil isteach chuig suíomh gréasáin an tsoláthraí clibe le do thoil. Le haghaidh liosta iomlán agus chun comparáid a dhéanamh idir na clibeanna, féach www.tagcompare.ie.
Cé sinn féin
Tá eFlow á fheidhmiú ar son an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta ag BetEire Flow, feadhnacht déanta suas d'oibreoir dola na Fraince Sanef agus dearthóir córais dola na Fraince CS.
Eatarthu, tá níos mó ná 40 bliain taithí ag an dá chomhlacht seo i ndoláil leictreonaigh san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.
Tá páirtí eile, Payzone, freagrach as ucht seirbhísí miondíola agus seirbhísí íocaíochta dola ar líne a sholáthar do lucht úsáide an M50. Tá Payzone mar an gréasán inglacthachta is mó um íocaíochtaí tomhaltóra san Eoraip, ag soláthar seirbhísí i níos mó ná 21 tír.
