Jump to main content

Téarmaí agus Coinníollacha um Chomhaontú Custaiméara i leith eFlow Barrier-Free Tolling

Réamhrá

A. TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA

Leagann na téarmaí agus coinníollacha seo, chomh maith leis an bhFoirm Iarratais Chuntais, amach an comhaontú (an Comhaontú) idir tú féin (tusa nó an Custaiméir) agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta (ar mhaithe na gcuspóirí seo, eFlow Barrier-Free Tolling nó eFlow) maidir le hoscailt agus feidhmiú Chuntais le eFlow agus, más infheidhme, an soláthar gaolmhara agus an úsáid de chlib leictreonach (déanfar tagairt do mar Clib as seo amach) ar an Dola-Bhóthar M50 agus ar dhola-bhóithre eile i bPoblacht na hÉireann.

Is féidir le eFlow téarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe seo a athrú, a léasú nó a athrú ar dhóigh eile ag aon am trí fógra scríofa a sholáthar sa phost nó trí mheán ríomhphost de théarmaí agus coinníollacha dá leithéid. Beidh athruithe, léasaithe nó aon athruithe eile ar fáil ar líne ag www.eflow.ie

Tá sé de dhualgais ort eolas custaiméara suas chun dáta a choimeád i gcomhréir le clásal 4.4 thíos, lena n-áirítear do sheoladh, eolas teagmhála, eolas feithicle agus sonraí cláraithe, agus eolas íocaíochta. Ba chóir duit nuashonrú a dhéanamh nuair a thagann athrú ar do chuid eolais, mar shampla, nuair a díoltar feithicil a bhí cláraithe cheana nó nuair a athraíonn tú do sheoladh.

Ba chóir duit athruithe a dhéanamh don eolas custaiméara ar líne trí logáil isteach go dtí leathanach Mo Chuntas ar www.eflow.ie nó trí teagmháil a dhéanamh le hIonad Seirbhíse Custaiméara eFlow ar an nguthán go 1890 50 10 50 nó trí facs a sheoladh chuig an uimhir a cuirtear in iúl ó am go ham.

B. AG OSCAILT CUNTAIS

B.1 D’fhonn Cuntas a oscailt, beidh ort Foirm Iarratais Chuntais a chomhlíonadh ar líne nó na sonraí riachtanacha go léir a sholáthar chuig an tIonad Seirbhíse Custaiméara chun ligean dó Foirm Seirbhíse Custaiméara a chomhlíonadh nó bheith tar éis Foirm Iarratais Chuntais a chur isteach trí mheán an phoist. Áireoidh an t-eolas seo atá le bheith san áireamh san Fhoirm Iarratais Chuntais:

  • ainm, seoladh, sonraí teagmhála agus sonraí faoi na feithiclí is mian leat clárú mar Fheithiclí Cláraithe (cosúil le haicme na feithicle agus sonraí faoin gcineál, dath agus clárú);
  • an Modh Íocaíochta beartaithe;
  • má tá an Cuntas le bheith mar chuntas pearsanta nó cuntas gnó;
  • má tá an Cuntas le bheith mar Chuntas Clibe nó Cuntas Físeáin;
  • cineál agus bealach an tseachadta de na Ráitis Chuntais; agus
  • cibé an bhfuil an Cuntas le bheith mar Chuntas Réamhíoctha nó Cuntas Iar-Íoctha.

B.2 Sula dtagann an comhaontú seo i bhfeidhm agus sula n-osclófar Cuntas ag eFlow:
(a) ní mór duit glacadh le téarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe seo i gcomhréir le clásal 2 mar is infheidhme; agus
(b) i gcás aon Chuntas Réamhíoctha, caithfidh go mbeadh eFlow tar éis an tIarmhéid Tosaithe Cuntais a fháil uait.

B.3 Tá sé de cheart ag eFlow aon iarratas chun Cuntas a oscailt nó teacht isteach sa Chomhaontú seo a dhiúltú.

B.4 Sa chás go bhfuil cóip den Chomhaontú seo uait i gcló níos mó, is féidir é seo a chur ar fáil duit ar iarratas.

1 SAINMHÍNITHE

1 SAINMHÍNITHE

1.1 Sa Chomhaontú seo beidh na bríonna seo a leanas ag na focail agus nathanna seo a leanas murar bhfuil a mhalairt de dhíth ón gcomhthéacs:

Is éard is brí le "Cuntas” ná do Chuntas Clibe nó Cuntas Físeáin;

Is éard is brí le "Cód Gníomhachtaithe Cuntais” ná an cód atá le bheith seolta chugat ag eFlow nuair a fhaightear an Fhoirm Iarratais Chuntais agus atá le bheith luaite agat leis an Ionad Seirbhíse Custaiméara chun Cuntas an Chustaiméara a chur i ngníomh.

Is éard is brí le "Foirm Iarratais Chuntais” ná an fhoirm iarratais atá le bheith comhlíonta agat nó ag Gníomhaire an Ionaid Seirbhíse i gcás Custaiméir a dhéanann iarratais trí mheán an tIonad Seirbhíse Custaiméara, d’fhonn cuntas a oscailt.

Is éard is brí le "Iarmhéid Cuntais” ná, ag aon am, an méid taifeadta gur féidir Cuntas a bheith i sochar nó i ndochar, de réir na gcúinsí;

Is éard is brí le "Táille Cuntais" ná, ag aon am, an méid atá le n-íoc ag Custaiméir maidir le soláthar an Chuntais agus seirbhísí gaolmhara ag am dá leithéid do gach Tréimhse Mhuirir nó cuid de Thréimhse Mhuirir i gcomhréir leis an gComhaontú seo (€1.23 in aghaidh na Clibe eisithe duit i láthair na huaire), go d’fhéadfaí a choigeartú ó am go ham ag eFlow, ina dhiaidh fógra roimh ré a thabhairt duit faoi coigeartú dá leithéid;

Is éard is brí le "Iarmhéid Tosaithe Cuntais”, maidir le Cuntas Réamhíoctha, ná daichead euro (€40);

Is éard is brí le "Ráiteas Cuntais” ná ráiteas faoin gcuntas a eisíodh do Chustaiméir ó am go ham, ag leagadh amach na hidirbhearta a tuairiscíodh le linn na tréimhse luaite (lena n-áirítear aon Dolaí fabhraithe ag an gCustaiméir le linn na tréimhse sin);

Is éard is brí le "Muirear Breise um Ráiteas Cuntais” ná euro amháin (€1) nó cibé méid eile a d’fhéadfadh a bheith sainithe ag eFlow le bheith iníoctha i gcónasc le heisiúint na Ráiteas Cuntais sin seachas na Ráitis Chuntais siúd a eisítear saor in aisce i gcomhréir leis an gComhaontú;

Is éard is brí le "Comhaontú” ná na téarmaí agus coinníollacha seo, chomh maith leis an bhFoirm Iarratais Chuntais, a d’fhéadfaí léasú nó forlíonadh ó am go ham;

Is éard is brí le "Tréimhse Mhuirir” ná, i gcás an chéad tréimhse, an tréimhse ag tosú ar (agus a áiríonn) an lá a chuirtear an Cuntas i ngníomh agus ag críochnú ar shíothlú na míosa féilire agus maidir le gach Tréimhse Mhuirir ina dhiaidh sin, tréimhse mhí amháin (1) ag tosú ar shíothlú na Tréimhse Muirir roimhe sin.

Is éard is brí le "Custaiméir” ná tusa, an duine atá ag oscailt an Chuntais le eFlow;

Is éard is brí le "Ionad Seirbhíse Custaiméara” ná an t-ionad teagmhála eFlow tiomnaithe a bunaíodh chun bainistiú a dhéanamh ar fhiosruithe ó Chustaiméirí, agus iad a réiteach agus a fhreagairt.

Is éard is brí le "BLD” ná bailiú leictreonach na ndolaí;

Is éard is brí le "Táillí” ná, sa mhéid is go bhfuil sé infheidhme i ngach chás, an Táille Cuntais, an Muirear d’Íocaíocht Déanach agus an Muirear Breise um Ráiteas Cuntais;

Is éard is brí le "Idir-inoibritheacht” ná go mbeidh Custaiméir a bhfuil Clib acu in ann dul i bhfeidhm ar urscaoileadh Dola trí mheán BLD ar aon Dola-Bhóthar Dola seachas an Dola-Bhóthar M50 atá mar chuid den scéim idir-inoibritheachta náisiúnta agus déanfar "idir-inoibrithe” a léirmhíniú go cuí;

Is éard is brí le "Muirear d’Íocaíocht Déanach” ná a leithéid de mhéid gur féidir le eFlow a shonrú ó am go ham mar an méid breise atá le n-íoc agat murar fhaigheann eFlow íocaíocht de réir mar a iarrtar faoin gComhaontú;

Is éard is brí le "Dola-Bhóthar M50” ná an chuid den bhóthar náisiúnta N50 (ar a dtugtar an M50 air chomh maith) atá ina Dola-Bhóthar;

Is éard is brí le "Iarmhéid Íosta” ná an t-iarmhéid íosta atá le bheith coimeádta i gCuntas Réamhíoctha, is sé sin dhá euro déag (€12) nó a leithéid de mhéid eile gur féidir le eFlow a shonrú ó am go ham;

Is éard is brí le "Íosmhéid an Bhreisithe Creidmheasa” ná an méid íosta atá le bheith curtha chun sochair an Chuntais Réamhíoctha gach uair a shroichtear an tIarmhéid Íosta, sé sin tríocha euro (€30) nó a leithéid de mhéid eile gur féidir le eFlow a shonrú ó am go ham;

Is éard is brí le "Mí-Úsáid” ná teip de chuid an Chustaiméara gníomhú i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe, na Fodhlithe agus Achtanna na mBóithre 1993-2007, lena n-áirítear achtanna eile dá leithéid nó easnamh gur féidir le eFlow a shonrú ó am go ham;

Is éard is brí le "Ráiteas Cuntais in aghaidh na Míosa" ná Ráiteas Cuntais a eisítear duit a leagann amach do chuid staire idirbheartaíochta ar bhonn míosúil don tréimhse luaite agus aon mhuirir fabhraithe agat le linn na tréimhse sin;

Is éard is brí le "Cuntas Íocaíochta” ná do chuntas a coimeádtar le hinstitiúid chreidmheasa nó cuntas a bhaineann le cárta creidmheasa nó cárta dochair (i ngach cás, cuntas faoinar féidir treoracha a thabhairt a údaraíonn fiachais a bheidh tógtha uaidh) nó a leithéid de chuntas eile a mbeadh formheasta ag eFlow, agus atá údaraithe agat féin nó a bhfuil tú tar éis cead a thabhairt do eFlow a úsáid chun fiachais a dhéanamh óna leithéid de chuntas i gcomhréir leis an gComhaontú;

Is éard is brí le "Dáta Íocaíochta” maidir le haon Tréimhse Mhuirir, ná an chéad lá gnó eile ina dhiaidh an síothlú de Thréimhse Mhuirir dá leithéid;

Is éard is brí le "Modh Íocaíochta” na modh íocaíochta atá inghlactha ag eFlow, is é sin, cárta creidmheasa, cárta dochair nó trí mheán dochair díreach ó chuntas íocaíochta an Chustaiméara nó modh íocaíochta eile dá leithéid a d’fhéadfadh eFlow a fhormheas ó am go ham;

Is éard is brí le "Cuntas Iar-Íoctha” ná an cineál cuntais a coimeádtar agat le eFlow nuair a bhíonn méid atá cothrom leis an suim atá dlite maidir le Dolaí agus a leithéid de shuimeanna eile a d’fhéadfadh a bheith dlite i gcomhréir leis an gComhaontú seo a fabhraíodh le linn tréimhse áirithe (an "méid gan íoc”) agus a tuairiscíodh i gcuntas dá leithéid á éigiontú trí mheán fiachas ó am go ham le haghaidh an méid atá gan íoc ag an am ó do chuntas íocaíochta;

Is éard is brí le "Cuntas Réamhíoctha” ná cuntas a coimeádtar agat le eFlow nuair a íochtar suimeanna roimh ré le bheith curtha chun sochair a leithéid de chuntas, le suimeanna atá dlite maidir le Dolaí agus a leithéid de shuimeanna eile a d'fhéadfadh a bheith dlite i gcomhréir leis an gcomhaontú seo a dhéantar a bhaint ina dhiaidh sin, agus leis an áis le haghaidh baint ó am go ham de shuimeanna breise ó do chuntas íocaíochta (nó íoctha ar bhealach eile gur féidir a bheith formheasta ag eFlow) agus curtha chun sochair an chuntais seo;

Is éard is brí le "Ráiteas Cuntais Ráithiúil” ná an Ráiteas Cuntais a eisítear duit ar bhonn trí mhí (3), a leagann amach do chuid staire idirbheartaíochta (lena n-áirítear aon mhuirir a fabhraíodh) le linn na tréimhse luaite;

Is éard is brí le "Feithiclí Cláraithe” ná an fheithicil nó na feithiclí atá cláraithe agat maidir leis an gComhaontú;

Is éard is brí le "Íocaíocht Diúltaithe” ná aon íocaíocht, nach bhfuil méid na híocaíochta sin curtha chun sochair eFlow;

Is éard is brí le "Gníomhaire an Ionaid Seirbhíse” ná fostaí an Ionaid Seirbhíse Custaiméara atá údaraithe chun déileáil le fiosruithe ó Chustaiméirí;

Is éard is brí le "Suíomh” ná an bhrí atá tugtha dó i gclásal 21;

Is éard is brí le "Clib” ná an gléas leictreonach arna sholáthar ag eFlow duit le haghaidh suiteáil sna Feithiclí Cláraithe d’fhonn éascú a dhéanamh ar bhailiú leictreonach na nDolaí faoi théarmaí an Chomhaontaithe seo maidir le húsáid an Dola-Bhóthar M50 nó Dola-Bhóithre idir-inoibrithe eile ag na Feithiclí Cláraithe.

Is éard is brí le "Cuntas Clibe" ná cuntas a coimeádtar le eFlow maidir lena bhfuil Clib tar éis a bheith eisithe le haghaidh suiteáil sna Feithiclí Cláraithe;

Is éard is brí le "Dola” ná aon dola (lena n-áirítear dola réamhshocraithe) atá iníoctha ag an gCustaiméir le haghaidh úsáid an Dola-Bhóthar a ríomhtar trí mheán tagairt don chineál feithicle machnaithe ag an reachtaíocht ábhartha agus Fodhlithe Dola infheidhme;

Is éard is brí le "Fodhlithe Dola” ná, ag aon am, ná fodhlithe atá infheidhme don Dola-Bhóthar M50 a rinneadh de bhun Achta na mBóithre 1993;

Is éard is brí le "Córas Bailithe na nDolaí” ná an córas a dearadh agus a cothaíodh d’fhonn éascú a dhéanamh ar bhailiú na nDolaí go leictreonach ar son eFlow Barrier-Free Tolling;

Is éard is brí le "Dola-Bhóthar” ná aon bhóthar (nó chuid de bhóthar) maidir lena bhfuil dola íoctha i gcomhréir le hAcht na mBóithre 1993;

Is éard is brí le "Feithiclí Neamhchláraithe” ná aon fheithicil nach bhfuil cláraithe le eFlow nó oibreoir de dhola-bhóthar idir-inoibrithe (seachas an Dola-Bhóthar M50); agus

Is éard is brí le "Cuntas Físeáin” ná cuntas a coimeádtar le eFlow seachas Cuntas Clibe.

1.2 Sa Chomhaontú seo:

(a) tá ceannteidil agus fotheidil le haghaidh éascaíocht na tagartha amháin agus ní thógfar san áireamh iad i gcaitheamh léirmhíniú agus déantús an Chomhaontaithe seo;

(b) áireoidh na tagairtí go léir do aon chomhaontú (lena n-airítear an Comhaontú seo, d’éagmais teorainn), cáipéis nó ionstraim eile (de réir na formheasta ábhartha go léir agus aon fhoráil eile den Chomhaontú seo a bhaineann go díreach lena leithéid de chomhaontú, cháipéis nó ionstraim eile ) tagairt don chomhaontú, cháipéis nó ionstraim sin de réir mar a léasaíodh, forlíonadh, ionadaíodh, athnuaite nó sainíodh;

(c) áireoidh na tagairtí go léir d’aon reacht nó foráil reachtúil (lena n-áirítear aon fo-reachtaíocht) tagairtí do aon reacht nó foráil reachtúil a léasaíonn, leathnaíonn, comhdhlúthaíonn nó a théann in áit an rud céanna nó atá leasaithe, leathnaithe, comhdhlúite nó ionadaithe ag an rud céanna;

(d) beidh na tagairtí go léir d’amanna an lae mar thagairt do pé am an lae a bheidh i bhfeidhm sa Stát;

(e) áiríonn na focail a léiríonn an t-uatha an t-iolra chomh maith agus a mhalairt;

(f) áiríonn na focail a léiríonn inscne faoi leith na hinscní go léir;

(g) tógann “duine” aon duine aonair, comhpháirtíocht, gnóthas, iontaobhas, comhlacht corparáide, rialtas, comhlacht rialtais, údarás, eascróg, gníomhaireacht nó maorlathas, comhlacht daoine neamhchorpraithe nó comhlachas, san áireamh;

(h) áireoidh aon tagairt do “eFlow” (seachas tagairt maidir le teidlíocht chun íocaíochtaí a fháil) daoine atá ag feidhmiú ar son eFlow maidir leis an gComhaontú seo;

(i) meastar go n-áireoidh aon tagairt do eagraíocht nó ionadaí poiblí tagairt do aon chomharba d’eagraíocht nó ionadaí poiblí dá leithéid nó aon eagraíocht nó aonán nó ionadaí atá tar éis glacadh le feidhmeanna nó freagrachtaí d’eagraíocht nó ionadaí poiblí dá leithéid; agus

(j) nuair is ionann an Custaiméir agus beirt daoine nó níos mó, meastar go mbeidh na cúnaint go léir faoi seach ag an gCustaiméir ag a leithéid de dhuine i gcomhpháirt lena chéile agus go leithleach araon.

2 GLACADH AN CHOMHAONTAITHE SEO

2.1 I gcúinsí nuair a chuireann tú isteach ar Chuntas ar líne (tríd an Suíomh Gréasáin), cuirfear ceist ort na téarmaí agus coinníollacha seo a léamh agus ansin chun an cnaipe “Accept” a chliceáil, má theastaíonn ort leanúint ar aghaidh. Nuair a bhrúnn tú an cnaipe “Accept”, beidh tú agus meastar go mbeidh tú tar éis dul isteach i agus glacadh leis an gComhaontú seo.

2.2 I gcás Cuntas Clibe agus Físeáin (seachas na Cuntais Chlibe agus Físeáin sin a glacadh leo i gcomhréir le clásal 2.1), nuair a formheastar an Fhoirm Iarratais Chuntais, eiseoidh eFlow an Chomhaontú seo chomh maith le Cód Gníomhachtaithe Cuntais chuig an seoladh a cuireadh ar fáil ar do Fhoirm Iarratais Chuntais.

Ina dhiaidh an Cód Gníomhachtaithe Cuntais a fháil agus má tá sé beartaithe agat glacadh leis an gComhaontú, tá sé de dhualgas ort dul i dteagmháil leis an Ionad Seirbhíse Custaiméara ar an nguthán chun do ghlacadh leis an gComhaontú seo a dheimhniú trí an Cód Gníomhachtaithe Cuntais a bhailíochtú.

Nuair atá an Cód Gníomhachtaithe Cuntais deimhnithe agus an próiseas gníomhachtaithe críochnaithe, déanfar do Chuntas a ghníomhachtú agus measfar go mbeidh tú tar éis dul isteach sa Chomhaontú seo.

2.3 Ba chóir duit tabhairt faoi deara, cé go d’fhéadfadh go mbeadh an Comhaontú seo i bhfeidhm i gcomhréir leis an méid atá réamhléirithe, ní thagann sé i bhfeidhm, i gcás Cuntais Réamhíoctha, murar agus go dtí go bhfuil eFlow tar éis an tIarmhéid Tosaithe Cuntais a fháil maidir le do Chuntas agus go dtí go bhfaigheann eFlow a leithéid de Iarmhéid Tosaithe Cuntais, déileálfar le Feithiclí Cláraithe sa slí céanna le Feithiclí Neamhchláraithe.

3 CUNTAIS – MODH TAIFEADTA

Cuireann eFlow dhá Chuntais ar fáil do Chustaiméirí de réir tagartha don mhodh taifeadta den ghluaiseacht de Fheithiclí Cláraithe ar an Dola-Bhóthar M50, is iad sin;

  • Cuntais Chlibe; agus
  • Cuntais Físeáin

Is féidir le ceachtar Cuntas a bheith mar Chuntas Réamhíoctha nó Cuntas Iar-Íoctha.

4 DOLAÍ

4.1 Gan tionchar a bheith ar aon oibleagáid dlíthiúil a leagtar ort ag dlí infheidhme, tá tú freagrach as ucht eFlow a íoc ar son gach Dola a d’fhéadfadh a bheith éigiontaithe ar Fheithiclí Cláraithe de bhun dlí infheidhme agus beidh a leithéid de shuimeanna leagtha amach de réir an Chomhaontaithe seo.

4.2 Is féidir leis na Dolaí is infheidhme d’aon dola-bhóthar (lena n-áirítear an Dola-Bhóthar M50) a athrú ó am go ham i gcomhréir le dlí infheidhme.

4.3 Is féidir le eFlow aicme na feithicle a athrú go huathrialach lena mbaineann Cuntas Clibe nó Cuntas Físeáin, agus íocfaidh tú an Dola cuí a bhaineann leis an aicmiú nua seo, má tá tú ag úsáid Cuntais Chlibe nó Cuntais Físeáin do aicme feithicle nach bhfuil comhsheasmhach le haicme feithicle na bhFeithiclí Cláraithe agus lena mbaineann an Cuntas Clibe nó an Cuntas Físeáin.

4.4 Aontaíonn tú eolas a chur ar eFlow faoi aon athrú de Fheithiclí Cláraithe nó d’ainm nó seoladh nó oifig cláraithe, de réir mar is cuí, laistigh de seacht (7) lá óna dtarlaíonn an t-athrú.

5. CLIBEANNA AGUS CUNTAIS CHLIBE

5.1 Ní féidir Clib a úsáid ach amháin don Fheithicil Chláraithe (agus Cuntas Clibe gaolmhar) lena eisítear é ag eFlow

5.2 Tá Feithiclí Cláraithe agus Clibeanna cláraithe le Cuntas Clibe.

Is féidir le huasmhéid de sé (6) Fheithiclí Cláraithe agus Clibeanna a bheith cláraithe maidir le Cuntas atá ina chuntas pearsanta nó cuntas neamh-ghnóthais.

Ag brath ar fhormheas de chuid eFlow, níl aon uasmhéid Feithiclí Cláraithe agus Clibeanna ann gur féidir a bheith cláraithe maidir le Cuntas Clibe faoi leith atá ina chuntas gnó.

5.3 Tá sé de dhualgas ort do Chlib a ghníomhachtú le cúnamh na dtreoracha a eisítear leis an gClib nuair a fhaigheann tú an Chlib tríd an phoist.

5.4 Tá sé de dhualgas ort cinntiú go bhfuil na Clibeanna greamaithe agat go dtí an Fheithicil Chláraithe lena bhfuil sé cláraithe i gcomhréir leis na treoracha atá ann maidir le Clib a chrochadh a cuireadh ar fáil ag eFlow ionas:

(a) go bhfuil sí ábalta cumarsáid a dhéanamh go sásúil le Córas Bailithe na nDolaí; agus

(b) gur féidir le Córas Bailithe na nDolaí (nó aon chóras eile atá i bhfeidhm ar aon dola-bhóthar eile ar mhaithe le cuspóirí BLD) gluaiseacht na Feithicle Cláraithe tríd an Dola-Bhóthar M50 (nó aon dola-bhóthar eile) a thaifeadadh.

5.5 Má fhaigheann tú clib ó oibreoir dhola-bhóthar seachas an Dola-Bhóthar M50 agus má tá sé ar intinn agat an Chlib seo a úsáid i bhFeithicil Chláraithe chomh maith leis an gClib don Fheithicil Chláraithe sin, tá sé de dhualgas ort a chinntiú go bhfuil an Chlib léite ag Córas Bailithe na nDolaí.

5.6 Nuair atá dola-bhóthar ina dhola-bhóthar idir-oibrithe agus nuair a bhíonn Clib curtha isteach san Fheithicil Chláraithe i gcomhréir leis an gComhaontú seo, d’fhéadfá a bheith in ann éigiontú an Dola atá iníoctha maidir leis an úsáid de dhola-bhóthar dá leithéid ag Feithicil Chláraithe mar sin, a chur i gcrích:

(a) a gluaiseacht á thaifeadadh trína Chlib a bheith i gcumarsáid le córas dola-bhóthar dá leithéid do BLD;

(b) sonraí de idirbheart dá leithéid á sholáthar chuig eFlow, ionas go ndéanfaidh eFlow an méid atá dlite maidir lena leithéid de Dhola a chur i gcrích; agus

(c) méid do Chuntais:

  1. (i gcás Cuntas Réamhíoctha) go mbeidh an méid atá dlite maidir lena leithéid de Dhola bainte uaidh; nó
  2. (i gcás Cuntas Iar-Íoctha) méadóidh an méid atá dlite le eFlow ar an chéad Dáta Íocaíochta eile go dtí an méid atá dlite maidir lena leithéid de Dhola, ar an gcoinníoll gur sháraigh tú an Comhaontú seo (toisc gur teipeadh ort aon mhéid a bhí dlite a íoc go eFlow i gcomhréir leis an gComhaontú seo nó eile nó, i gcás Cuntais Réamhíoctha, an t-iarmhéid de Chuntas Réamhíoctha dá leithéid nuair atá sé níos lú ná an tIarmhéid Íosta), seans nach mbeadh tú ábalta leas a bhaint as an gceart seo.

5.7 I gcás Cuntas Clibe, nuair nach bhfuil gluaiseacht na Feithicle Cláraithe ar an Dola-Bhóthar taifeadta ag úsáid na Clibe agus go bhfuil íomhá de phláta ceadúnais na Feithicle Cláraithe taifeadta, beidh eFlow i dteideal Dola a ghearradh i leith úsáid dá leithéid amhail is Cuntas Físeán atá sa Chuntas, agus ní Cuntas Clibe.

5.8 Nuair a sháraigh tú an Comhaontú seo (cibé toisc gur teipeadh ort aon suim a bhí dlite le eFlow a íoc leis i gcomhréir leis an gComhaontú seo nó ar dhóigh eile nó, i gcás Cuntas Réamhíoctha, nuair atá an t-iarmhéid de Chuntas Réamhíoctha dá leithéid níos lú ná an tIarmhéid Íosta), is féidir le eFlow déileáil leat amhail nach bhfuil na Feithiclí Cláraithe ina ábhar de Chuntas Clibe, mar sin beidh tú faoi dhliteanas Dolaí a íoc amhail mar Fheithiclí Cláraithe atá sna Feithiclí Neamhchláraithe.

6. CUNTAS FÍSEÁIN

6.1 Ní bheidh Cuntas Físeáin ann ach amháin maidir leis na Feithiclí Cláraithe sin atá cláraithe maidir lena leithéid de Chuntas Físeáin.

6.2 Is féidir le huasmhéid de sé (6) Fheithiclí Cláraithe a bheith cláraithe maidir le Cuntas atá ina chuntas pearsanta nó cuntas neamh-ghnóthais. Ag brath ar fhormheas de chuid eFlow, níl aon uasmhéid Feithiclí Cláraithe ann gur féidir a bheith cláraithe maidir le Cuntas Físeáin faoi leith atá ina chuntas gnó.

6.3 Nuair a sháraigh tú an Comhaontú seo (cibé toisc gur teipeadh ort aon suim a bhí dlite le eFlow a íoc leis i gcomhréir leis an gComhaontú seo nó ar dhóigh eile nó, i gcás Cuntas Réamhíoctha, nuair atá an t-iarmhéid de Chuntas Réamhíoctha dá leithéid níos lú ná an tIarmhéid Íosta), is féidir le eFlow déileáil leat amhail nach bhfuil na Feithiclí Cláraithe ina ábhar de Chuntas Físeáin agus mar sin de, beidh tú faoi dhliteanas Dolaí a íoc amhail mar Fheithiclí Cláraithe atá sna Feithiclí Neamhchláraithe.

7. ÍOCAÍOCHT NA nDOLAÍ AGUS NA MUIREAR

7.1 Íocfaidh tú na méid go léir atá dlite le eFlow i gcomhréir leis an gComhaontú seo, lena n-áirítear na méid go léir atá dlite, d’éagmais teorainn:

  1. maidir le haon Dola agus muirir ghaolmhara;
  2. na méid go léir atá iníoctha trí mheán Táille Cuntais;
  3. na méid go léir iníoctha trí mheán Muirir Bhreise um Ráiteas Cuntais;
  4. aon Mhuirir d'Íocaíocht Déanach; agus
  5. aon mhuirir agus méid eile atá dlite dó de bhun téarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe.

Tógfaidh na muirir, as a mbeidh tú freagrach, (gan claontacht i leith ginearáltacht an réamhléirithe) san áireamh a leithéid de mhuirir gur féidir le eFlow a chur in iúl ó am go ham maidir le Mí-úsáid nó an mhí-úsáid de Dhola-Bhóthar.

7.2 Nuair a tharlaíonn Íocaíocht Diúltaithe, déanfaidh an Custaiméir a chinntiú go bhfaigheann eFlow an méid atá fós le n-íoc (chomh maith le haon muirir a thagann chun cinn de bharr na hÍocaíochta Diúltaithe) chomh luath agus is féidir ach ar aon slí, laistigh de cheithre lá déag (14) den Íocaíocht Diúltaithe.

7.3 Glacann tú freagracht as ucht eFlow Barrier-Free Tolling a chur ar an eolas mar gheall ar aon athruithe maidir le do shonraí íocaíochta (do chuntas íocaíochta, d’éagmais teorainn, san áireamh) mar atá leagtha amach san Fhoirm Iarratais Chuntais.

7.4 Cé go ndéanann eFlow Barrier-Free Tolling gach iarracht a chinntiú go ndéantar na muirir á thaifeadadh go cruinn, glacann tú leis gur féidir mí-áirimh a tharlú sna hiarmhéid Chuntais. I gcásanna dá leithéid, tá sé de cheart ag eFlow athruithe a dhéanamh, gan fógra, nuair is féidir fianaise a sholáthar go bhfuil an t-athrú oiriúnach.

Cuirfear a leithéid de athruithe in iúl go sonrach nó go hachomair ar an Ráiteas Chuntais infheidhme.

7.5 Níl tú i dteideal aon ús ar aon mhéid a fuarthas ag eFlow de bhun téarmaí an Chomhaontaithe seo.

7.6 Má:

(a) cuireann tú ar ceal nó má athraíonn tú aon íocaíocht nó do shonraí íocaíochta (an cuntas íocaíochta san áireamh); nó

(b) mura bhfuil sé ar intinn agat leanúint leis na híocaíochtaí, laistigh de cheithre huaire is fichead, go gcuirfidh tú eFlow ar an eolas faoina leithéid de chealú, athrú nó rún agus go ndéanfaidh tú na méid léir atá dlite le eFlow a íoc gan mhoill.

8. CUNTAS RÉAMHÍOCTHA

Nuair atá tú tar éis Cuntas Réamhíoctha a roghnú:

(a) is ionann an tIarmhéid Tosaithe Cuntais do gach Cuntas Réamhíoctha agus daichead euro (€40.00) do gach Feithicil Chláraithe;

(b) tá sé de dhualgas ort an tIarmhéid Íosta a choimeád san Cuntas Réamhíoctha i gcónaí;

(c) nuair a thabhaíonn tú dliteanas le eFlow i gcomhréir leis an gComhaontú seo, bainfidh eFlow (agus mar sin tá cead tugtha agat do eFlow iad a bhaint) na méid go léir atá dlite leis i gcomhréir leis an gComhaontú seo ón Cuntas Réamhíoctha, (agus déanfar a leithéid de dhéaduchtuithe ón Iarmhéid Cuntais infheidhme) lena n-áirítear, d’éagmais teorainn, iad sin arna dhéanamh tagairt dóibh i gclásal 7.1;

(d) mar sin tugann tú cead do eFlow treoracha a thabhairt chun airgead a bhaint ó do chuntas íocaíochta ó am go ham le suim cothrom le;

(i) Íosmhéid an Bhreisithe Creidmheasa; nó

(ii) a leithéid eile de mhéid a d’fhéadfadh a bheith riachtanach d’fhonn a chinntiú go bhfuil an tIarmhéid Cuntais ar do Chuntas Réamhíoctha ar a laghad cothrom leis an Iarmhéid Íosta,

i gcomhréir leis an Modh Íocaíochta a bhaineann leis an gCuntas agus léireoidh an Cuntas a leithéid d’íocaíochtaí nuair a fhaigheann eFlow iad,

ar an gcoinníoll go dtabharfar aird ar aon airgead a mbainfear ó do chuntas íocaíochta, arna dhéanamh ag eFlow, agus Iarmhéid Íosta á shocrú ar mhaithe le cuspóirí an Chlásail 8 seo, (níl na fáltais óna leithéid faighte ag eFlow fós toisc an t-am a thógann sé chun cistí a chur chun sochair eFlow ina dhiaidh aon treoir mar sin a thabhairt)

9. CUNTAS IAR-ÍOCTHA

Nuair atá tú tar éis Cuntas Iar-Íoctha a roghnú:

(a) tá sé de dhualgas ort a chinntiú go bhfuil do Mhodh Íocaíochta roghnaithe bailí agus go bhfuil a dhóthain airgid ar fáil sa chuntas íocaíochta chun na méid go léir atá dlite le eFlow a íoc i gcomhréir leis an gComhaontú seo;

(b) nuair a thabhaíonn tú dliteanas le eFlow (lena n-áirítear, d’éagmais teorainn, iad sin arna dhéanamh tagairt dóibh i gclásal 7.1) i gcomhréir leis an gComhaontú seo, áireoidh eFlow an méid sin sa Chuntas Iar-Íoctha agus ceartófar an tIarmhéid Cuntais chun méid dá leithéid a thabhairt san áireamh.

(c) ar gach Dáta Íocaíochta, tabharfaidh eFlow orduithe chun go mbainfear airgead ó do chuntas íocaíochta (agus mar sin tugann tú cead do eFlow a leithéid d’orduithe a thabhairt) le suim atá cothrom leis an tIarmhéid Cuntais amhail ag dáta síothlaithe na Tréimhse Muirir ábhartha i gcomhréir leis an Modh Íocaíochta atá bainteach leis an gCuntas agus léireoidh an Cuntas a leithéid d’íocaíochtaí nuair a fhaigheann eFlow iad.

10. MUIRIR AGUS TÁILLÍ CUNTAIS

10.1 Beidh tú freagrach as na Táillí infheidhme a íoc ar bhonn míosúil. Bainfear a leithéid de Tháillí ó do Chuntas ag deireadh gach Tréimhse Mhuirir.

10.2 Is ionann an Táille Cuntas atá le n-íoc le haghaidh gach Clib a eisítear maidir le Cuntas Clibe agus €1.23 do gach mhí nó cuid de ina mbíonn Cuntas Clibe bailí ag an gCustaiméir. Is féidir lena leithéid de mhéid a éagsúlú trí fhógra a thabhairt don Chustaiméir roimh ré.

10.3 Níl aon Táille Cuntais le haghaidh Cuntas Físeáin.

10.4 Níl aon táille le n-íoc maidir le heisiúint an Ráitis Chuntais in aghaidh na Míosa nuair a chuirtear a leithéid de Ráiteas Cuntais in iúl trí mheán r-phost agus nuair a cuirtear é ar fáil ar líne.

Níl aon táille le n-íoc maidir le heisiúint an Ráitis Chuntais Ráithiúil nuair a eisítear a leithéid de Ráiteas Cuntais Ráithiúil trí mheán an phoist.

Nuair atá Ráiteas Cuntais in aghaidh na Míosa de dhíth ort tríd an bpost, gearrfar Muirear Breise um Ráiteas Cuntais i gceist maidir le gach Ráiteas Cuntais in aghaidh na Míosa a eisítear sa phost.

10.5 Nuair atá Ráiteas Cuntais á lorg agat sa bhreis orthu siúd arna dhéanamh tagairt dóibh i gclásal 10.4, íocfaidh tú Muirear Breise um Ráiteas Cuntais do eFlow maidir lena leithéid de Ráiteas Cuntais breise, cibé go bhfuil sé eisithe trí mheán r-phost nó sa phost.

11. DÍOSPÓID NA MUIREAR

11.1 Ní mór eFlow a chur ar an eolas faoi aon díospóid faoi mhuirir a thagann chun cinn ar do Chuntas laistigh de nócha (90) lá don muirear a bheith breactha. Bíonn gach díospóid faoi réir athbhreithnithe agus formheasa ag eFlow agus d’fhéadfadh go mbeadh tuilleadh doiciméadaithe nó fianaise ag teastáil uait.

11.2 Sa chás nár bhreac eFlow muirear i gceart ar do Chuntas agus / nó gur ghearr siad muirear ort nár cheart, aisíocfaidh eFlow an méid sin gur ghearr siad ar do Chuntas go mícheart.

12. RÁITIS

12.1 soláthróidh eFlow, i gcomhréir leis an bhFoirm Iarratais Chuntais, gan mhuirear:

(a) Ráiteas Cuntais in aghaidh na Míosa curtha in iúl trí mheán r-phost agus curtha ar fáil ar líne; nó

(b) Ráiteas Cuntais Ráithiúil sa phost,

go dtí do r-phost nó seoladh poist (mar is cuí) a cuireadh ar fáil ar do Fhoirm Iarratais Chuntais (nó go dtí aon r-phost nó seoladh poist athraithe a chuir tú in iúl go eFlow i gcomhréir leis an gComhaontú seo) a leagann amach stair na hidirbheartaíochta don tréimhse luaite.

12.2 Is féidir leat iarratas a dhéanamh chun go mbeadh Ráiteas Cuntais bhreise eisithe duit trí mheán r-phost nó trí mheán an phoist agus, nuair a chuirtear a leithéid de Ráiteas Cuntais breise ar fáil, beidh eFlow i dteideal Muirear Breise um Ráiteas Cuntais a fháil maidir lena leithéid de Ráiteas Cuntais bhreise.

12.3 Aithneoidh aon Ráiteas Cuntais na Dola-Bhóithre ábhartha, Dolaí infheidhme agus muirir eile atá le n-íoc.

12.4 Nuair a roghnaigh tú Ráitis Chuntais Ráithiúla a fháil trí mheán an phoist, beidh eFlow i dteideal, maidir le aon tréimhse trí mhí faoi leith, Ráitis Chuntais in aghaidh na Míosa a eisiúint duit trí mheán an phoist in ionad a leithéid de Ráitis Chuntais Ráithiúla.

13 SOLÁTHAR AGUS ÚSÁID CHLIBE

13.1 Tar éis duit clárú go sealadach le haghaidh Cuntas Clibe (.i. ag brath ar ghlacadh an Chomhaontaithe seo i gcomhréir le clásal 2), soláthróidh eFlow an Chlib (nó Clibeanna) duit agus ní mór duit:

(a) an Chlib a shuiteáil agus a úsáid san Fheithicil Chláraithe lena n-eisíodh an Chlib di i gcomhréir leis na treoracha a cuireadh ar fáil agus cinnteoidh tú go bhfuil an Chlib crochta i gceart;

(b) an Chlib a ghníomhachtú de réir na dtreoracha a cuireadh ar fáil;

(c) an Chlib a úsáid amháin de réir an Chomhaontaithe seo don Fheithicil Chláraithe atá liostáilte san Fhoirm Iarratais Chuntais agus sa mhéid is a bhaineann sé leis an bhfeithicil a n-eisíodh an Chlib ina leith;

(d) ná aistrigh, díol, fáil réidh le, loit nó cur isteach ar an gClib nó ná bain úsáid as an gClib go calaoiseach nó go mí-dhleathach;

(e) gach iarracht a dhéanamh a chinntiú nach gcaillfear, ngoidfear, nó mí-úsáidfear an Chlib agus go dtógfaidh tú céimeanna réasúnta uile d’fhonn sábháilteacht na Clibe a chinntiú;

(f) an t-eolas go léir atá agat a sholáthar go dtí eFlow, maidir le haon caillteanas, gadaíocht nó Mí-úsáid den Chlib agus go dtógfaidh tú na céimeanna go léir a measann eFlow le bheith riachtanach chun cabhrú le hathghabháil na Clibe; nó

(g) ná aistrigh ná roinn Clib le feithicil eile chun iarracht a dhéanamh Dola a íoc go leictreonach.

Gan claontacht i leith ginearáltacht an réamhléirithe, ná déan iarracht an Chlib a úsáid trí mheán í a choimeád i do lámh nó í a fhágáil ar an bpainéal no i láthair neamh-chrochta eile san Fheithicil Chláraithe nó aon fheithicil eile agus is ionann a leithéid d‘iompar agus Mí-úsáid ar mhaithe le cuspóirí an Chomhaontaithe seo.

13.2 Mura suiteálann tú an Chlib i gceart sna Feithiclí Cláraithe, tá seans go ngearrfar muirear ort ag an Dola-Ráta do Fheithiclí Neamhchláraithe maidir leis an Dola-Bhóthar M50. Beidh tú freagrach as aon Dolaí nach bhfuil íoctha agus pionóis infheidhme a n-íoc i gcomhréir leis an dlí infheidhme mar thoradh ar an teip chun an Chlib a chrochadh i gceart.

13.3 Beidh an Chlib mar mhaoin de chuid eFlow i gcónaí agus ní dhéanfaidh tú aon rud nó ní ligfidh tú d’aon rud a bheith déanta di ba ionann é agus Mí-úsáid na Clibe.

13.4 Beidh sé de dhualgas ort eFlow a chur ar an eolas mar gheall ar Chlib nach bhfuil ag feidhmiú i gceart nó atá lochtach. Sa mhéid is go n-iarann eFlow, is féidir Clib a thástáil d'fhonn a chinntiú go bhfuil sí ag feidhmiú i gceart. Déanfar Clib nach bhfuil ag feidhmiú i gceart nó atá lochtach, i dtuairim eFlow Barrier-Free Tolling, atá lochtach de bharr cúiseanna seachas maslú nó úsáid mhícheart a ionadú gan aon costas breise ort.

13.5 Sa chás go bhfuil eFlow den tuairim go bhfuil nó go raibh an Chlib mar ábhar mí-úsáide, beidh eFlow i dteideal an Chlib a chur ar ceal nó í a dhíchumasú i dtreo is nach féidir a thuilleadh úsáide a bhaint as an gClib ar mhaithe le cuspóirí Dolaí a éigiontú. Ní bheidh eFlow faoi dhliteanas duit as aon chealú den Chlib de bharr aon mhí-úsáid deimhneach nó réasúnta amhrasta den Chlib.

14. CLIBEANNA LOITE/CAILTE/GOIDTE

14.1 Sa chás go loitfear, gcaillfear nó go ngoidfear Clib, tá sé de dhualgas ort eFlow a chur ar an eolas trí mheán an tsuímh gréasáin nó gutháin nó trí glaoch ar chur ar an Ionad Seirbhíse Custaiméara. Beidh tú fós faoi dhliteanas as aon úsáid a bhaintear as an gClib go dtí go gcuirfí eFlow ar an eolas faoin gClib a bheith loite, caillte nó goidte agus go dtí go mbeidh an Chlib cealaithe ag eFlow.

14.2 Ar mhaithe le cuspóirí an Chomhaontaithe seo, tá damáiste sainmhínithe mar an Chlib a bheith lochtach nó do-oibrithe de bharr bheith ag cur isteach uirthi, mí-úsáid, sceitheadh cadhnra, aghlot nó léirscrios timpisteach.

14.3 Ina dhiaidh eFlow Barrier-Free Tolling a chur ar an eolas i gcomhréir le clásal 14.1 thuas, cuirfidh eFlow Barrier-Free Tolling an Chlib ar cheal nó déanfaidh siad í a dhíchumasú ionas nach féidir a thuilleadh úsáide a bhaint as an gClib.

14.4 Nuair a chailleann tú nó nuair a loiteann tú Clib, ní bheidh tú i dteideal Clib ionadaithe saor in aisce ach is féidir leat iarratas a dhéanamh arís le haghaidh Clib nua ar chostas fiche euro (€20) nó a leithéid de chostas eile mar atá infheidhme ag an am.

15. ASCHUR CLIBE

15.1 Aontaíonn tú an Chlib a thabhairt ar ais go eFlow:

(a) ar iarratas ó eFlow;

(b) nuair atá an Chlib lochtach nó, ina dhiaidh fógra a fháil ón gCustaiméir, a fuarthas amach go raibh an Chlib caillte nó goidte; nó

(c) ina dhiaidh foirceannadh an Chomhaontaithe seo de bharr pé cúis.

15.2 Nuair a theipeann ort Clib a thabhairt ar ais i gcomhréir leis an gcomhaontú seo, laistigh de cheithre lá déag (14) ina mbíonn dualgais ort a leithéid a dhéanamh, is féidir le eFlow muirear de fiche (€20) euro nó a leithéid de chostas eile mar is cuí ag an am sin a ghearradh ort, agus is féidir a leithéid de chostas a bhaint ó do chuntas.

16 CEALÚ AN CHOMHAONTAITHE

16.1 Is féidir leat an Comhaontú seo a chur ar ceal laistigh de deich lá (10) ón dáta a cuireadh an Comhaontú seo i ngníomh i gcomhréir le clásal 2. Nuair a bhaineann an ceart cealaithe leat agus nuair a bhaineann tú úsáid as, tabharfaidh tú an Chlib ar ais láithreach go dtí eFlow Barrier-Free Tolling laistigh de deich lá (10) i ndiaidh í a fháil agus leis sin tabharfaidh eFlow Barrier-free Tolling aon Táille Cuntais nó aon Iarmhéid Tosaithe Cuntais a d’íoc tú ar ais duit.

16.2 Nuair a úsáideadh an Chlib laistigh den tréimhse deich lá (10), ní bheidh tú i dteideal an ceart chun an Comhaontú a chur ar ceal a chleachtadh a fheidhmiú.

17. FOIRCEANNADH

17 .1 Is féidir le eFlow an Comhaontú seo a fhoirceannadh le héifeacht láithreach:

(a) má chuirtear achainí faoi bhráid le haghaidh ordú féimheachta maidir leat nó mura bhfuil tú ábalta do chuid fiacha a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite nó, mar is cuí, glacann eireadóir seilbh go dleathach (agus ní scarann siad leis laistigh de tríocha (30) lá) nó ceaptar glacadóir go bailí maidir le do shócmhainní nó má chuirtear achainí faoi bhráid do cheapachán an scrúdaitheora nó go ndéantar ordú scrúdaitheora maidir leat nó ma chuirtear achainí faoi bhráid le haghaidh do fhoirceannadh nó féimheacht nó má dhéantar ordú le haghaidh do fhoirceannadh nó féimheacht nó má dhéantar nó má cheadaítear réiteach éifeachtach le haghaidh do fhoirceannadh; nó

(b) má tá tú i mbun sáraithe ábhartha d’aon cheann de théarmaí an Chomhaontaithe seo agus mura féidir a leithéid de shárú a leigheas, nó más féidir é a leigheas, leanann a leithéid de mhainneachtain gan leigheas ar feadh tríocha (30) lá ina dhiaidh an fógra a bheith tugtha do eFlow agat;

(c) nuair a theipeann ort an Chlib a úsáid de réir an Chomhaontaithe seo nó má raibh tú in ainm is a bheith ag baint úsáide as an gClib ar bhealach neamhúdaraithe nó neamhdhleathach; nó

(d) nuair a chuir tú stop leis na híocaíochtaí atá riachtanach de réir an Chomhaontaithe seo, dar le eFlow, agus má theiptear méid atá dlite le eFlow a éigiontú laistigh den am atá leagtha síos don íocaíocht.

17.2 Gan claontacht ar do cheart chun an Comhaontú seo a chur ar ceal i gcomhréir le halt 16 thuas, is féidir an Comhaontú seo a fhoirceannadh ag ceachtar páirtí trí fógra deich lá (10) a thabhairt don pháirtí eile ar an gcoinníoll go, nuair a thugtar a leithéid d’fhógra:

(a) críochnóidh do theidlíocht chun socrú bailithe na ndolaí machnaithe ag an gComhaontú seo a úsáid; agus

(b) déileálfar le Feithiclí Cláraithe sa tslí céanna le Feithiclí Neamhchláraithe

18. IARMHAIRTÍ AN FHOIRCHEANTA

18.1 Ina dhiaidh foirceannadh, beidh tú fós freagrach as aon mhéid dlite agat faoin gComhaontú seo a íoc agus bainfear a leithéid de mhéid ó do Chuntas. Más gá, is féidir orduithe a thabhairt do eFlow aon iarmhéid atá fós gan íoc le eFlow a bhaint ó do chuntas íocaíochta ar nó ina dhiaidh foirceannadh. Aisíocfar aon iarmhéid sochair iarmhair leat.

18.2 Mura bhfuil go leor airgid i do Chuntas tá tú fós faoi dhliteanas do mhéid uile dá leithéid. Murar n-íocfar a leithéid de mhuirir neamh-íoctha go dtí eFlow go pras, d’fhéadfadh go mbeadh tú faoi dhliteanas tuilleadh muirir seirbhíse, fíneálacha, nó pionóis de réir mar atá leagtha amach sna Fodhlithe, Muirir d’Íocaíocht Déanach nó de réir mar is féidir a chuir in iúl duit ó am go ham.

19. LEASUITHE AR AN gCOMHAONTÚ

19.1 Is féidir téarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe seo a athrú ag eFlow ag aon am agus beidh a leithéid d’athruithe curtha in iúl duit sula dtagann siad i bhfeidhm. Meastar go mbeidh tú tar éis glacadh le haon athruithe dá leithéid laistigh de cheithre lá (14) déag den fhógra a fháil nó nuair a úsáideann tú do Chuntas Clibe nó do Chuntas Físeáin ina dhiaidh dáta an fhógra, cibé is luaithe.

19.2 Mura nglacann tú le téarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe seo, nó le haon athruithe nó leasuithe eile a d’fhéadfadh teacht sa todhchaí ar théarmaí agus choinníollacha an Chomhaontaithe seo ag eFlow Barrier-Free Tolling, cuirfidh tú Ionad Seirbhíse Custaiméara eFlow ar an eolas laistigh de cheithre (14) lá déag ó dáta eisithe na sonraí sin ag eFlow Barrier Free Tolling agus déanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh.

20. COSAINT SONRAÍ

20.1 Tá fógra um chosaint sonraí san áireamh leis an bhFoirm Iarratais Chuntais a chuireann síos ar an úsáid agus an nochtadh ar féidir baint as aon eolas (lena n-áirítear dáta pearsanta de réir mar atá sainmhínithe sna hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003) a bhaineann leat.

20.2 Mar sin de, aontaíonn tú le húsáid agus nochtadh eolais, lena n-áirítear sonraí pearsanta a bhainteach leat de réir mar a thuairiscítear san fhógra um chosaint sonraí.

21. MAOIN INTLEACHTÚIL

Tugann eFlow ceart teoranta, do-aistrithe, neamh-eisiatach duit teacht ar agus úsáid a bhaint as suíomh gréasáin de chuid eFlow Barrier-Free Tolling ag www.eflow.ie (an “Suíomh”) agus an t-ábhar a léirítear ann. Tá a leithéid de rochtain ag brath ar théarmaí an Chomhaontaithe seo agus ar Théarmaí Úsáide an tSuímh Gréasáin atá leagtha amach ar an Suíomh nuair a téitear air.

22. IONADAÍOCHT AGUS BARÁNTAÍ

Seasann tú do agus déanann tú barántas do eFlow:

(a) go bhfuil an t-eolas atá tugtha go dtí eFlow maidir leis an gComhaontú seo fíor agus ceart;

(b) go bhfuil tú tar éis glacadh go bailí leis an gComhaontú seo; agus

(c) gurb ionann an Chomhaontú seo agus do dhualgais bhailí agus cheangailteachta.

23. SANNADH

23.1 Is féidir le eFlow Barrier-Free Tolling a chearta, oibleagáidí agus suim in nó faoin gComhaontú a shannadh, a aistriú nó a dhiúscairt go dtí aon duine ag aon am.

23.2 Ní féidir leat a chearta, oibleagáidí nó suim in nó faoin gComhaontú a shannadh, a aistriú nó a dhiúscairt.

24. FORCE MAJEURE

Má tá cosc nó bac ar úsáid na Clibe nó d’aon Dola-Bhóthar ag aon ábhar nach bhfuil faoi smacht eFlow, mar aon le ach nach bhfuil teoranta do le foiche Dé, foiche rialtais, stailceanna, frithdhúnadh, conspóidí tionsclaíocha, gaotha, tine, tintreach, aerárthach, pléascadh, bá, triomach, círéibeacha, clampair shibhialta, bearta cogaidh, éirí amach, lánchosc, neamhábaltacht chun cumarsáide le tríú pháirtithe ar pé cúis, teip ar aon ríomhaire no córas lonnaíochta, teip nó moilliú in iompar na dteachtaireachtaí trí mheán aon líonra gutháin soghluaiste, cosc nó bac ar theacht ar aon fhuinneamh nó soláthar eile, íocaíocht déanach nó diabhlaíocht mailíseach nó gadaíocht nó íocaíocht amú ag gníomhaire nó ar aon chúis eile (cibé a bhfuil nó nach bhfuil sé cosúil le haon rud atá thuasluaite) nach bhfuil faoi smacht eFlow nó aon cheann dá ngníomhairí nó fochonraitheoirí, ansin beidh feidhmíocht an Chomhaontaithe seo ar fionraí gan aon dliteanas ar pháirt eFlow go dtí go dtagann a leithéid de chosc nó bac i gcrích.

25. DLITEANAS

25.1 Sa mhéid is mó atá ceadaithe de réir an dlí, tá na dliteanais uile de eFlow Barrier-Free Tolling (bíodh sé faoi chonradh, tort (faillí san áireamh) nó ar dhóigh eile) a thagann chun cinn de bharr nó i gcomhar le Clib (lena n-áirítear, d’éagmais teorainn, teip ar an gClib feidhmiú, í a bheith díghníomhachtaithe no Mí-úsáid na Clibe) as an áireamh mar sin.

25.2 Ní bheidh aon oibleagáidí nó dliteanas ar eFlow Barrier-Free Tolling ná ar a ghníomhairí maidir le d’úsáid nó le feidhmíocht na Clibe. An t-aon leigheas amháin a thiocfaidh ó eFlow Barrier-Free Tolling agus a ghníomhairí ná aon Chlib(eanna) lochtacha a athchur.

25.3 Gan claontacht don méid atá réamhléirithe, ní bheidh eFlow faoi dhliteanas agat as aon chailliúint brabúis, dea-thoil, deiseanna gnó nó aon chineál cailliúint speisialta, caillteanas indíreach nó iarmharach atá fabhraithe agat, bíodh sé go díreach nó indíreach.

26. ILGHNÉITHEACH

26.1 Leagann na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach anseo na téarmaí agus coinníollacha go léir den Chomhaontú amach. Aithníonn tú nach bhfuil tú tar éis a bheith ag brath ar aon shábháil ionadaíochta d’aon rud atá leagtha amach sna téarmaí agus coinníollacha seo.

26.2 Déanfar forléiriú an Chomhaontaithe seo a rialú ag dlí na hÉireann agus tá dlínse ag cúirteanna na hÉireann chun aon díospóid maidir leis an gComhaontú a réiteach.

26.3 Ní bheidh aon tarscaoileadh de na téarmaí nó coinníollacha mura bhfuil a leithéid de tharscaoileadh sínithe ar phár ag an bpáirtí tarscaoilte. Ní oibreoidh aon easnamh nó moilliú ar thaobh ceachtar pháirtí nuair atáthar ag feidhmiú a gcearta, a gcumhachtaí nó a bpribhléidí thíos mar tharscaoileadh, ná ní bheidh aon fheidhmiú nó leath-feidhmiú de cheart, chumhacht nó phribhléid dá leithéid mar chosc ar aon fheidhmiú eile nó feidhmiú breise d’aon cheart, cumhacht nó pribhléid eile ach oiread.

26.4 Tá na cearta agus leigheasanna anseo feasta carntha leis agus níl said eisiatach de aon chearta nó leigheasanna a cuirtear ar fáil ag an dlí. Seachas mar a luaitear go sonrach sa Chomhaontú seo, níl aon cheann de na hionadaíochtaí, barántaí agus na gnóthais, léirithe nó intuigthe, san áireamh mar sin.

27. FORÁLACHA INSCARTHA

Beidh gach ceann de na forálacha atá sna téarmaí agus coinníollacha seo inscartha agus éagsúil óna chéile agus má éiríonn ceann amháin nó níos mó de na forálacha dá leithéid neamhbhailí, mí-dhleathach nó mí-réasúnta, ní bheidh aon tionchar ar éifeacht, chlaontacht nó comparáid ar an mbailíocht, dlíthiúlacht agus in-fhorfheidhmitheacht de na forálacha dá leithéid atá fágtha.

28. FÓGRAÍ

28.1 Nuair atá sé de dhualgas ort nó ar eFlow fógra a thabhairt don duine eile de bhun an Chomhaontaithe seo, nó má theastaíonn uait nó an duine eile cumarsáid a dhéanamh lena chéile ar chuma eile, is féidir a leithéid de fhógra nó chumarsáid a thabhairt:

(a) i do chás, chuig eFlow,

(i) trí litir a sheoladh chuig: eFlow Bosca Oifig Phoist 11302, Baile Átha Cliath 17, Éire; nó

(ii) trí mheán r-phost nó tarchur macasamhla go dtí: a leithéid de sheoladh r-phost nó uimhir macasamhla a chuirfear in iúl ó am go ham; nó

(b) i gcás eFlow duitse

,

(i) trí sheoladh nó sheachadadh go dtí a leithéid de sheoladh atá taifeadta san Fhoirm Iarratais Chuntais (de réir mar is féidir a athrú ó am go ham de réir an Chomhaontaithe seo) nó seoladh eile dá leithéid a d’fhéadfadh a bheith machnaithe ag Achtanna na mBóithre 1993-2007;

(ii) trí mheán r-phost go dtí a leithéid de sheoladh atá taifeadta san Fhoirm Iarratais Chuntais (a d’fhéadfadh a leasú ó am go ham i gcomhréir leis an gComhaontú seo); nó

(iii) nó ar dhóigh éigin eile a mbraitheann eFlow le bheith oiriúnach.

28.2 Meastar go mbeidh aon fhógra nó cumarsáid a tugadh mar sin seirbheáilte go cuí:

(a) nuair a sheachadtar é i gcás an phoist, daichead a hocht n-uaire (48) ina dhiaidh é a sheoladh nó má dhéantar é a sheachaid de lámh;

(b) i gcás r-phoist, ar sheachadadh; nó

(c) i gcás tarchur macasamhla, nuair a dheimhnítear go bhfaightear é ag an seolaí.

28.3 Má tugadh an fógra ar an nguthán nó go pearsanta, ní bheidh sé éifeachtach go dtí go mbíonn sé deimhnithe ag fógra scríofa a tugtar i gcomhréir leis an gclásal 28 seo laistigh de seacht lá óna faightear a leithéid de fhógra ar an nguthán nó go pearsanta.

Is féidir leat dul i dteagmháil le eFlow Barrier-Free Tolling trí mheán r-phost ag customerservice@eflow.ie, ar líne ag www.eflow.ie, nó ar an nguthán ar 1890 50 10 50, nó trí facs ar 01 44300555 nó trí mheán an phoist ag eFlow Bosca Oifig Phoist 11302, Baile Átha Cliath 17, Éire;
eFlow Barrier-Free Tolling is ea ainm gnó cláraithe de chuid an Údaráis um Bóithre Náisiúnta;
eFlow is ea trádmhairc cláraithe de chuid an Údaráis um Bóithre Náisiúnta;