Cosaint Sonraí
1.1 Maidir le d’iarratas ar chuntas agus tar éis duit ceann a oscailt linn, iarraimid ort d’ainm, do sheoladh rphoist, uimhir ghutháin teagmhála, cláruimhir feithicle agus sonraí cárta creidmheasa, cárta dochair nó dochair díreach, a sholáthar dúinn, i measc rudaí eile. Bainimid úsáid as na sonraí seo d’fhonn do chuntas linn a bhainistiú agus d’íocaíochtaí dola a phróiseáil. Ní bhailímid aon sonraí pearsanta seachas an méid atá riachtanach chun na cuspóirí seo a chomhlíonadh.
1.2 Tairgeann eFlow dhá chuntas difriúil do chustaiméirí faoi threoir tagairt a dhéanamh don mhodh taifeadta de ghluaiseacht feithiclí cláraithe ar Dhola Bhóthar an M50, go háirithe cuntais chlibe agus cuntais físeáin. Is cuma cén saghas cuntas a roghnaítear, nó cibé an bhfuil cuntas ag an úsáideoir bóithre nó nach bhfuil, tógtar grianghraf/déantar taifead físeáin de na feithiclí uile a úsáideann Dola Bhóthar an M50. Coimeádtar na grianghraif/íomhánna chun críche forfheidhmithe agus d’fhonn aghaidh a thabhairt ar aon agóidí a éiríonn i leith feithicle nó cuntas agus iad a réiteach.
1.3 Ina theannta sin, soláthraíonn eFlow áis do chustaiméirí neamhchláraithe chun Dola Bhóthar an M50 a úsáid agus dolaí bóthair a íoc. I gcás úsáideoirí neamhchláraithe, faigheann eFlow ainm agus seoladh úinéir cláraithe na gcarranna ag úsáid Dola Bhóthar an M50 ón gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe, le húdarás reachtaíochta sainiúil. Ina theannta sin, d’fhéadfaimis sonraí cárta creidmheasa nó cárta dochair a bhailiú uait maidir le híocaíochtaí a dhéanann tú mar chustaiméir neamhchláraithe.
1.4 D’fhéadfaimis do chuid sonraí pearsanta a nochtadh dár ngníomhairí, conraitheoirí agus soláthraithe seirbhíse chomh fada is atá sé riachtanach go réasúnta do na cuspóirí léirithe anseo thuas.
1.5 D’fhéadfaimis do chuid sonraí pearsanta a nochtadh d'oibreoir ábhartha comhoiriúnach maidir le soláthar idirbhearta dola comh-inoibritheacha in Éirinn.
1.6 D’fhéadfaimis eolas a roinnt freisin le gníomhaireachtaí teistiméireachta creidmheasa maidir leis an slí a dhéileálann tú le do chuntas .
1.7 Coimeádfar na sonraí pearsanta a sholáthraítear dúinn agus a bhailímid nuair a úsáideann d’fheithicil Dola Bhóthar an M50 ar fhreastalaithe slána á n-óstáil ag BetEire Flow. Tabharfaimid faoi na céimeanna réasúnta uile (lena n-áirítear bearta slándála teicniúla agus eagrúcháin cuí) chun do chuid sonraí pearsanta a chosaint. Is é an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta an rialaitheoir sonraí i leith na sonraí seo, a phróiseálann BetEire Flow thar ceann an Údaráis um Bóithre Náisiúnta ina cháil mar phróiseálaí sonraí.
1.8 Má dhéanaimid cinneadh ag aon am úsáid a bhaint as do chuid sonraí pearsanta i mbealach difriúil ón gceann leagtha amach san fhógra um chosaint sonraí seo, nó ón gceann a nochtadh duit ar dhóigh eile ag am an bhailithe, cuirfimid ar an eolas tú, agus beidh tú in ann roghnú cibé an mbainfimid nó nach mbainfimid úsáid as do chuid sonraí sa tslí nua.
1.9 Tá sé de cheart agat, faoi réir díolúintí áirithe, cóip a fháil d’aon sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn fút agus aon mhíchruinneas ina leithéid de shonraí a cheartú. Tá sé de cheart agat chomh maith, faoi réir coinníollacha áirithe, iarratas a dhéanamh go scriosfaí aon sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn fút. Más mian leat leas a bhaint as na cearta seo, scríobh chugainn le do thoil ag eFlow, Bosca OP 11302, Baile Átha Cliath 17, marcáilte le haghaidh airde "Oifigeach Cosanta Sonraí".
1.10 Ní choimeádfar do chuid sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá. Ina theannta sin féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ag aon am go scriosfaí aon sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn fút. Déanfar dianiarracht cloí le hiarratais dá leithéid seo, faoi réir chomhaontú uait go dtarscaoilfí aon cheart i leith agóid a dhéanamh in aghaidh beart a rinneadh roimhe seo agus lena mbaineann na sonraí atá le scriosadh. Más mian leat go scriosfaí do chuid sonraí pearsanta, scríobh chugainn le do thoil ag eFlow, Bosca OP 11302, Baile Átha Cliath 17, marcáilte le haghaidh airde "Oifigeach Cosanta Sonraí".
1.11 Trí iarratas a chur isteach ar chuntas a oscailt linn, toilíonn tú leis seo le húsáidí agus nochtadh sonraí pearsanta sainithe san fhógra um chosaint sonraí seo.
Teagmháil a dhéanamh linn
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Córas Dolála gan Bhacainní eFlow trí teachtaireacht ghréasáin ag http://www.eflow.ie/ga/contact_us/contact_form, ar líne ag www.eflow.ie, ar an nguthán ag 1890 50 10 50, le facs ag 01 4430555 nó sa phost ag eFlow, Bosca OP 11302, Baile Átha Cliath 17, Éire.
Ainm gnó cláraithe de chuid an Údaráis um Bóithre Náisiúnta is ea Córas Dolála Gan Bhacainní eFlow.
Is trádmharc cláraithe de chuid an Údaráis um Bóithre Náisiúnta é eFlow.
Féadfar breis sonraí i ndáil le cosaint sonraí a fháil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara um Chosaint Sonraí www.dataprotection.ie