Jump to main content

 
Bain tairbhe as lascainí agus luaíochtaí eisiacha – ár mbealach chun buíochas a ghabháil.
 
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil as ucht a bheith le eFlow.Is ionann cárta luaíochta nua eFlow agus ár mbealach chun é sin a dhéanamh. 
 
Mar chustaiméir de chuid eFlow, cibé an bhfuil cuntas clibe nó físeáin cláraithe agat le eFlow, tá tú i dteideal cárta luaíochta eFlow pearsanta agus saor in aisce a fháil.Mura bhfuil do chárta faighte agat go fóill, déan teagmháil le do thoil le fiosrúcháin chustaiméirí um an cárta luaíochta agus seolaimid do chárta chugat.
 
Céard a bheidh mé i dteideal a fháil le cárta luaíochta eFlow?
Tá eFlow, i gcomhar le roinnt de phríombhrandaí na hÉireann, ag cur lascainí eisiacha agus tairiscintí roghnaithe maidir le hóstáin, seirbhísí cairr, árachas agus liosta de ghníomhaíochtaí fóillíochta ar fáil dár gcustaiméirí trí chomhpháirtithe rannpháirtíochta.
 
Cá bhfaighidh mé a thuilleadh eolais faoi na lascainí is déanaí agus na tairiscintí roghnaithe?
Ní gá ach cuairt a thabhairt ar www.eflowrewards.ie chun na lascainí agus tairiscintí is déanaí go léir a fheiceáil. Leanfaidh ár liosta de bhrandaí comhpháirtíochta ar aghaidh ag fás agus déanaimid nuashonrú rialta ar an láithreán gréasáin le tairiscintí agus lascainí nua. Cuimhnigh ar chuairt a thabhairt ar an leathanach promóisin nua chun eolas nuashonraithe a fháil faoi na promóisin is déanaí. 
 
Conas a úsáidfidh mé mo chárta luaíochta eFlow nua?
Níl aon ghá do chárta luaíochta eFlow a ghníomhachtú mar tá sé réidh le húsáid cheana féin.Feicfidh tú go bhfuil cárta luaíochta eFlow éasca le húsáid, ní gá ach na sonraí a bhaineann le do promóisean roghnaithe a léamh chun eolas a fháil ar conas leas a bhaint as an tairiscint.Tabhair faoi deara le do thoil, go bhfuil modh éagsúil chun gach tairiscint a fhuascailt, mar sin bí cinnte le do thoil gach leathanach promóisin aonair de chuid ár gcomhpháirtithe roghnaithe a sheiceáil.  
 
Céard a tharlaíonn mura dteastaíonn uaim mo chárta luaíochta eFlow a úsáid?
Is cárta pearsanta saor in aisce é seo, ach mura dteastaíonn uait leas a bhaint as aon tairiscintí ná lascainí ag baint úsáide as do chárta luaíochta eFlow, diúscair é ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol le do thoil nó seol ar ais chugainn é trí mheán saorphoist le nóta achomair ag míniú nach mian leat do chárta a úsáid.
 
Luaíochtaí eFlow,
Bosca OP 11302,
Baile Átha Cliath 17,
Éire.
 
Céard a dhéanaim má tá mo chárta caillte agam agus is mian liom ceann a athordú? 
Déan teagmháil linn le do thoil chun cárta athsholáthair a fháil.
 
Cén chaoi a dhéanfaidh mé teagmháil le seirbhís chustaiméara eFlow um an cárta luaíochta le m’fhiosrúchán?
Féach ar ár leathanach déan teagmháil linn le do thoil le fáil amach conas is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar an nguthán, tríd an bpost, trí rphost, nó facs.
 
Is féidir teacht orainn ar twitter freisin.