Jump to main content

Ceisteanna Coitianta

Faigh freagraí ar do chuid ceisteanna faoi eFlow:

Cad atá le déanamh má íocadh d'fheithicil?

Le haghaidh feithiclí cláraithe roimh 1/1/93-cliceáil anseo https://www.motortax.ie/OMT/pdf/RF200_en.pdf

Má dhíolann tú d'fheithicil le déileálaí mótair, caithfidh tú Foirm RF105 (pdf) a líonadh atá ar fáil ón déileálaí mótair.

Le haghaidh feithiclí cláraithe ón 1ú Eanáir 1993 ar aghaidh;má íocann tú d'fheithicil go príobháideach, ba chóir cuid B den Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle (Deimhniú Clárúcháin Feithicle d'fheithiclí cláraithe tar éis Aibreán 2004), a bheadh faighte agat nuair a cheannaigh tú an fheithicil, a líonadh agus a sheoladh ar ais chuig Rannán Seirbhísí Ríomhaire um Thiománaithe agus Feithiclí (DVCSD). Clárófar na sonraí nua agus seolfar an deimniú chuig an úinéir nua. Ní mór an Deimhniú Clárúcháin Feithicle, a fhaightear chomh maith nuair a cheannaítear feithicil a cláraíodh roimh Aibreán 2004, a thabhairt don úinéir nua nuair a dhíoltar an fheithicil. Cinntigh le do thoil go n-úsáideann tú an Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle, ar chóir a sheoladh chuig an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, an Rannán Seirbhísí Ríomhaire um Thiománaithe agus Feithiclí, Lár Bhaile na Sionainne, Co. an Chláir.

Ar ais go barr

Cad atá le déanamh má tá athrú tagtha ar do sheoladh?

Má tá athrú tagtha ar do sheoladh, ba chóir an Rannán Seirbhísí Ríomhaire um Thiománaithe agus Feithiclí (DVCSD) a chur ar an eolas ionas gur féidir na taifid úinéireachta feithicle a nuashonrú. Chomh luath agus atá sé seo nuashonraithe ar a gcóras siúd, nuashonrófár ár gcóras go huathoibríoch.

Déan teagmháil leis an DVCSD ar an nguthán:

1890 20 20 2101 888 2000

Má tá d'fheithicil cláraithe i dTuaisceart Éireann, déan teagmháil leis an DVLNI le do thoil (http://www.dvlni.gov.uk/contactUs.htm

Más custaiméir cláraithe de chuid eFlow tú, déan teagmháil freisin le Seirbhísí Custaiméara eFlow le do thoil chun do sheoladh nó aon sonraí teagmhála eile a nuashonrú.

Ar ais go barr

 

Cén chuid den M50 a bhaineann dola leis?

Tá sciar an bhóthair ar a bhfuil dola suite idir:

  • Acomhal 6 – an crosbhealach le bóthar náisiúnta an N3 (ar a dtugtar slí amach Bhaile Bhlainséir freisin) agus
  • Acomhal 7 – an crosbhealach le bóthar náisiúnta an N4 (ar a dtugtar slí amach Leamhcán freisin)

Ach toisc go bhfuil sé saor ó bhacainní ní gá duit stopadh.

Ar ais go barr

Conas a íocaim?

Tá na roghanna seo a leanas ar fáil chun muirir dhola eFlow an M50 a íoc:


Custaiméirí Cláraithe

Cuntas réamh-íoctha (clib nó físeán):

  • Víosa
  • Mastercard
  • Léasar
  • Dochar Díreach ó chuntas reatha le banc Éireannach

Déantar muirir dhola a bhaint go huathoibríoch ó do chuntas gach uair a dhéanann tú turas ar sciar an M50 atá faoi reir dola. Caithfear a chinntiú go bhfuil a dhóthain airgid ar fáil ón modh íocaíochta atá roghnaithe agat chun cead a thabhairt do eFlow breisiú a dhéanamh ar do chuntas nuair is gá. Cuirfear creidmheas den mhéid breisithe comhaontaithe i do chuntas go huathoibríoch chomh luath agus a shroicheann an cuntas an tairseach an iarmhéid íseal de €12.00.


Cuntas iar-íoctha (clib nó físeán):

  • Víosa
  • Mastercard
  • Léasar
  • Dochar Díreach ó chuntas reatha le banc Éireannach


Má roghnaíonn tú cuntas iar-íoctha, tabhófar na muirir dhola ar an gcuntas gach uair a dhéanann tú turas ar sciar an M50 atá faoi réir dola. Eisítear sonrasc míosúil agus gearrtar an táille atá dlite go huathoibríoch ar do mhodh íocaíochta.


Custaiméirí Neamhcláraithe

  • Ar líne ag www.eflow.ie (Léasar, Víosa, Mastercard)
  • Glaoigh ar ár lárionad glaonna ar na huimhreacha thíos (Léasar, Víosa, Mastercard):

Íosghlao (ó Éire): 1890 50 10 50

Ceantar Áitiúil 01 4610011

Ó TÉ / RA: 0845 30 15 405

Uimhir ghutháin idirnáisiúnta:

+800 50105011

00 353 14610122

 

Bain úsáid as ár seirbhís íocaíochta uathoibrithe (24 uair) nó labhair le duine dár nIonadaithe Seirbhíse Custaiméara (7r.n - 11i.n. Luan-Domhnach).

  • Payzone (Airgead Tirim, Léasar, Víosa, Mastercard, Mastercard de chuid Payzone).
  • Téigh chuig www.payzone.ie chun liosta d'asraonta cóngarach duitse a fháil.
  • Tá saoráid réamh-íoctha ar fáil chomh maith do chustaiméirí neamhchláraithe atá ag úsáid ceann de na modhanna thuasluaite.


Tá go dtí an t-am scoite de 8i.n. an lá i ndiaidh an turais agat chun an íocaíocht a dhéanamh.
Má theiptear an íocaíocht a dhéanamh roimh an sprioc-am seo, gearrfar pionós breise de €3 ar an dola bunaidh.

Tabhair faoi deara: Má sháraíonn tú an sprioc-am de 8i.n an lá dár gcionn, eiseofar fógra pionóis chugat sa phost agus caithfear uimhir thagartha an fhógra seo a úsáid nuair atáthar ag íoc an pionós. Tóg do litir bharrachódaithe (le hUimhir an Ghnáth-Iarratas Dola / Fhógra Dola Neamhíoctha) leat go dtí saraon miondíola Payzone. Caithfear an barrachód (na barrachóid) a scanadh nuair atáthar ag déanamh íocaíochta mar ceadaíonn sé seo dár gcóras na híocaíochtaí a mheaitseáil nuair is infheidhme agus seachnaíonn sé aon phionóis neamhriachtanacha á n-eisiúint.
Fiú mura bhfuil an fógra faighte agat sa phost go fóill, féadfar íocaíocht a dhéanamh trí dhul i dteagmháil linn ar cheann de na huimhreacha thuas.

 

An sáraíonn feidhmiú córais dolála gan bhacainní eFlow mo chuid cearta um chosaint sonraí?

Ghlac Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí páirt in idirghníomhartha fairsinge leis an Údarás um Bóithre Náisiúnta maidir leis an gcóras dolála gan bhacainní. Is éard atá i gceist le feidhmiú an chórais ná rochtain aonaid príobháideach (BetEire Flow Ltd.) ar shonraí úinéireachta feithicle oifigiúla ach tá bunús reachtúil oiriúnach ann dá leithéid de rochtain (faoi fhorálacha Achtanna na mBóithre ábhartha). Tá BetEire Flow Ltd. ag feidhmiú faoi choimirce an Údaráis um Bóithre Náisiúnta i bhfeidhmiú an chórais agus, faoi réir conarthaí idir an dá aonad, bheadh sé i dteideal rochtain a fháil ar an eolas i gcúinsí teoranta áirithe.

Ar ais go barr

An féidir liom mo chlib a úsáid ar dhola-bhóithre eile nó an féidir liom mo chlib eiseach a úsáid ar an M50?

Glactar le clib eFlow ar gach dola-bhóthar laistigh de Phoblacht na hÉireann.

Glactar leis na clibeanna dola eiseacha uile ó sholáthraithe formheasta ar gach dola-bhóthar – an M50 san áireamh. Tugtar "comh-inoibritheacht" air seo.

Mar sin má tá clib agat cheana féin ó sholáthraí atá formheasta ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta (ÚBN), ní gá duit clárú le eFlow. I measc na bpríomh-sholáthraithe tá: eFlow, MiniTag, Easytrip (cumasc EazyPass agus eTrip), Eirtag, PassDirect agus Tolltag.

Mar sin féin, chun a chinntiú go n-aimsítear do chlib eiseach trí dhroichead nua eFlow, bí cinnte go suiteáltar do chlib i gceart ar ghaothscáth na feithicle. Téigh i dteagmháil le do sholáthraí le do thoil chun treoracha a fháil.

Mura socraítear do chlib i gceart, ní aimseoidh eFlow í, agus cuirfear sonrasc chugat mar chustaiméir neamhchláraithe.

Glactar le clib eFlow ar gach dola-bhóthar laistigh de Phoblacht na hÉireann. Is iad na bóithre seo ná:

  • Seachbhóthar Ráth Chormaic/Mainistir Fhear Maí an N8
  • Mótarbhealach an M1 (Baile Uí Ghormáin go Mainistir Bhuithe)
  • Mótarbhealach Chionn Átha Gad – An Bóthar Buí – Cill Choca an M4
  • Droichead Dola an Naisc Thoir
  • Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath
  • N25 Port Láirge
  • N6 Gaillimh - Béal Átha na Sluaighe
  • Mótarbhealach an M7/M8 (Port Laoise Baile an Chaisleáin / An Chúlchoill)
  • Tollán Luimnigh
  • Mótarbhealach an M3 (Cluain Aodha go Tuaisceart Cheanannais)

Tabharfaimid tuilleadh nuashonruithe ar an suíomh gréasáin seo nuair a thugtar isteach dola-bhóithre nua mórthimpeall na hÉireann.

Ar ais go barr

Céard é an rogha is fearr más úsáideoir neamhrialta mé?

Le eFlow tá trí rogha agat:

  • Cláraigh le haghaidh cuntais clibe
  • Cláraigh le haghaidh cuntais físeáin
  • Ná cláraigh, ansin íoc tar éis gach turas

Chun míniú a thabhairt ar na difríochtaí idir na muirir a bhaineann le cuntais chlibe agus cuntais físeáin agus chun cabhrú leat cinneadh a dhéanamh i leith cé acu rogha is fearr duitse, tá trí shampla anseo:

Sampla 1 – Cuntas clibe do ghluaisteán

Beidh sé seo oiriúnach don úsáideoir rialta. Cosnaíonn sé €2 in aghaidh an turais, chomh maith le táille bainistíochta chuntais de €1.21 in aghaidh na míosa (gearrfar an táille bhainistíochta €1.21 gach mí fiú mura ndéantar aon turas). Níl aon phraghas ceannaigh i gceist le clib eFlow.

Costais samplacha:

  • 1 turas in aghaidh na míosa x €2/turas = €2 + €1.21  táille bhainistíochta = €3.21
  • 10 dturas in aghaidh na míosa x €2/turas = €20 + €121 táille bhainistíochta = €21.21
  • 20 turas in aghaidh na míosa x €2/turas = €40 + €1.21 táille bhainistíochta = €41.21

Sampla 2 – Cuntas físeáin do ghluaisteán

D’fhéadfadh sé seo a bheith oiriúnach don úsáideoir neamhrialta. Cosnaíonn sé €2.50 in aghaidh an turais, ach níl aon táille bainistíochta chuntais.

Costais samplacha:

  • 1 turas in aghaidh na míosa x €2.50/turas = €2.50
  • 10 dturas in aghaidh na míosa x €2.50/turas = €25.00
  • 20 turas in aghaidh na míosa x €2.50/turas = €50.00

Sampla 3 – Gan chlárú

Má roghnaíonn tú gan chlárú le haghaidh cuntais eFlow gearrfar táille €3 in aghaidh an turais ort dod’ ghluaisteán, ach caithfidh tú íoc roimh 8i.n. an lá dar gcionn, nó beidh tú faoi dhliteanas muirir bhreise. D’fhéadfadh sé seo a bheith oiriúnach d'úsáideoirí neamhrialta chomh maith.

Má úsáideann tú an M50 10 n-uaire in aghaidh na bliana cosnóidh sé an méid seo a leanas:

  • 10 turas in aghaidh na míosa x €3/turas = €30

Is féidir le húsáideoirí neamhchláraithe an dola a íoc ag asraon miondíola Payzone, nó ar líne ag www.eflow.ie nó trínár Lárionad Seirbhísí Custaiméara ag 1890 501050.

Ar ais go barr

An féidir liom mo chlib a aistriú go feithicil eile?

Níl clibeanna inaistrithe ó fheithicil amháin go feithicil eile. Mar gheall ar an teicneolaíocht atá úsáidte, go háirithe aithint feithiclí trí aithint íomhá uathoibrithe, tá gach clib ceangailte le feithicil ar leith.

Mar sin beidh clib ag teastáil uait le haghaidh gach feithicil, nó is féidir leat athbhreithniú a dhéanamh ar an gcineál cuntais eFlow atá agat.

Ar ais go barr

Céard iad na príomh-dhifríochtaí idir clib agus físeán?

Feidhmíonn eFlow ar an M50 mar seo a leanas; tá dhá dhroichead, ó thuaidh agus ó dheas ag pointe an dola, a théann gach feithicil a úsáideann an mótarbhealach fúthu.

Tá gach droichead feistithe le trealamh chun grianghraf a thógáil den chláruimhir (le haghaidh "doláil físeáin"). Aimsíonn sé chomh maith má tá clib leictreonach suiteáilte san fheithicil (le haghaidh "doláil chlibe").

Aimsítear feithiclí gan chlibeanna trína gcláruimhir agus gearrtar táille orthu da réir. Aimsítear feithiclí le clibeanna chomh maith agus gearrtar táille orthu dá réir.

Le eFlow tá trí rogha agat:

  • Cláraigh le haghaidh cuntais clibe
  • Cláraigh le haghaidh cuntais físeáin
  • Ná cláraigh, ach íoc i ndiaidh gach turas

Tugann na samplaí seo a leanas eolas faoi na difríochtaí idir na muirir a bhaineann le cuntais chlibe agus cuntais físeáin, chun cúnamh a thabhairt duit cinneadh a dhéanamh i leith cé acu rogha is fearr duitse.

Sampla 1 – Cuntas clibe do ghluaisteán

Beidh sé seo oiriúnach don úsáideoir rialta. Cosnaíonn sé €2 in aghaidh an turais, chomh maith le táille bainistíochta chuntais de €1.21 in aghaidh na clibe gach mí. Níl aon phraghas ceannaigh i gceist le clib eFlow.

Costais samplacha:

  • 1 turas in aghaidh na míosa x €2/turas = €2 + €1.21 táille bhainistíochta = €3.21
  • 10 dturas in aghaidh na míosa x €2/turas = €20 + €1.21 táille bhainistíochta = €21.21
  • 20 turas in aghaidh na míosa x €2/turas = €40 + €1.21 táille bhainistíochta = €41.21

(Gearrfar an táille bhainistíochta €1 gach mí fiú mura ndéantar aon turas)

Sampla 2 – Cuntas físeáin do ghluaisteán

D’fhéadfadh sé seo a bheith oiriúnach don úsáideoir neamhrialta. Cosnaíonn sé €2.50 in aghaidh an turais, ach níl aon táille bainistíochta chuntais.

Costais samplacha:

  • 1 turas in aghaidh na míosa x €2.50/turas = €2.50
  • 10 dturas in aghaidh na míosa x €2.50/turas = €25.00
  • 20 turas in aghaidh na míosa x €2.50/turas = €50.00

Cibé rogha a roghnaíonn tú (.i. clárú le haghaidh cuntais clibe, clárú le haghaidh cuntais físeáin nó a bheith neamhchláraithe agus íoc i ndiaidh gach turas), tógtar grianghraf/déantar taifead físeáin de na feithiclí uile a úsáideann Dola-Bhóthar an M50. Coimeádtar na grianghraif/íomhánna seo chun críche forfheidhmithe agus d’fhonn aghaidh a thabhairt ar aon agóidí a éiríonn i leith feithicle nó cuntas agus iad a réiteach.

Ar ais go barr

Céard iad na feithiclí atá díolmhaithe?

Tá na feithiclí agus na húsáideoirí bóthair seo a leanas díolmhaithe:

  • Gluaisrothair
  • Feithiclí curtha in oiriúint go speisialta do dhaoine faoi mhíchumas
  • Otharcharranna, feithiclí an bhriogáid dóiteáin agus feithiclí na nGardaí
  • Feithiclí earraí Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus Fhine Gall a úsáidtear d'obair na comhairle

Má tá feithicil agat atá díolmhaithe ó dholaí a íoc (mar shampla, má thiomáineann tú feithicil atá curtha in oiriúint do dhaoine faoi mhíchumas), agus go bhfuil an fheithicil cláraithe leis an Rannán Seirbhísí Ríomhaire um Thiománaithe agus Feithiclí (DVCSD), ansin beidh tú díolmhaithe ó dholaí a íoc agus ní bheidh ort clárú le haghaidh cuntais eFlow.

Agus tú ag tiomáint faoi dhroichead eFlow ar an M50, aimseoidh an trealamh grianghrafadóireachta d’fheithicil, ach ní ghearrfar aon táille ort.

Ar ais go barr

An bhfuil aon mhuirir fholaithe i gceist?

Níl aon mhuirir fholaithe le eFlow. Tá na muirir ar fad le fáil inár gcuid téarmaí agus coinníollacha.

Le eFlow tá trí rogha agat maidir le dola a íoc:

  • Clárú le haghaidh cuntais clibe: costas €2 in aghaidh an turais (gluaisteán), chomh maith le táille bainistíochta chuntais de €1.21 in aghaidh na clibe gach mí. Níl aon phraghas ceannaigh i gceist le clib eFlow. Déanfar clibeanna lochtacha a athsholáthar, ach tá táille athsholáthair de €24.20 ann le haghaidh clibeanna caillte, damáistithe nó goidte. Tabhair faoi deara le do thoil go ngearrfar an táille bhainistíochta €1.21 gach mí fiú mura ndéantar aon turas.
  • Clárú le haghaidh cuntais físeáin: costas €2.50 in aghaidh an turais (gluaisteán), ach níl aon táille bainistíochta chuntais.
  • Gan chlárú, agus íoc i ndiaidh gach turas: costas €3 in aghaidh an turais (gluaisteán), ach caithfidh tú cuimhneamh íoc roimh 8i.n. an lá dar gcionn. Tuilleadh eolais faoi na pionóis ar íocaíocht déanach.

Ar ais go barr

Réamh-íoctha / iar-íoctha – cad é an difríocht?

Tá an trí rogha seo a leanas ar fáil le eFlow:

Rogha 1 – Réamh-íocaíocht (le haghaidh úsáideoirí cláraithe):

Déantar muirir dhola a bhaint go huathoibríoch ó do chuntas gach uair a dhéanann tú turas ar sciar an M50 atá faoi reir dola.

Caithfidh sealbhóirí de chuntais réamh-íoctha a chinntiú go bhfuil a dhóthain airgid ar fáil ó na modhanna íocaíochta atá roghnaithe acu chun cead a thabhairt do eFlow breisiú a dhéanamh ar an gcuntas nuair is gá. Cuirfidh córas eFlow creidmheas den mhéid breisithe comhaontaithe sa chuntas go huathoibríoch chomh luath is a shroicheann an cuntas an tairseach an iarmhéid íseal a aontaíodh.

Rogha 2 – Iar-íocaíocht (le haghaidh úsáideoirí cláraithe):

Má roghnaíonn tú cuntas iar-íoctha, tabhófar na muirir dhola ar an gcuntas gach uair a dhéanann tú turas. Eisítear sonrasc míosúil agus gearrtar táille ort go huathoibríodh trí an modh íocaíochta sonraithe.

Rogha 3 – Iar-íocaíocht – íoc mar a théann tú (le haghaidh úsáideoirí neamhchláraithe):

Tá go dtí 8i.n. an lá i ndiaidh an turais ag úsáideoirí neamhchláraithe chun an dola a íoc.

Is féidir é seo a dhéanamh i roinnt bealaí:

  • Téigh chuig suíomh gréasáin eFlow ag www.eflow.ie
  • Téigh isteach chuig miondíoltóir Payzone a thaispeánann lógó eFlow
  • Cuir glaoch ar ár an Lárionad Seirbhísí Custaiméara chun íoc ar an nguthán

Má tá cuntas réamh-íoctha agat, is féidir leat do ráitis a fheiceáil ar ár suíomh gréasáin www.eflow.ie. Soláthraítear ráitis sa chaoi a roghnaíonn tú chomh maith (post nó rphost).

Má tá cuntas iar-íoctha agat, eiseofar sonrasc ag deireadh na míosa sa chaoi a roghnaíonn tú (post, rphost s.rl.).

Má réamhíocann tú an dola agus ansin nach n-úsáideann tú an M50, níl aon dáta éaga ar an gcreidmheas. Ma theastaíonn do chuid airgid ar ais uait beidh ort do chuntas eFlow a dhúnadh. Má tá cuntas clibe agat gheobhaidh tú d'aisíocaíocht nuair a sheolann tú do chlib eFlow ar ais chugainn.

Ar ais go barr

Cad chuige an táille tosaithe €40?

Beidh ar chustaiméirí a roghnaíonn clárú le haghaidh cuntais clibe nó cuntas físeáin réamh-íoctha de chuid eFlow an t-iarmhéid tosaithe cuntais de €40 a íoc.

Ní táille ceannaithe í seo, ach creidmheas réamh-íoctha tosaigh a leagtar síos na muirir dhola ina choinne. Cuirfidh córais eFlow creidmheas den mhéid breisithe comhaontaithe i do chuntas réamh-íoctha go huathoibríoch chomh luath is a shroicheann an cuntas tairseach an iarmhéid íseal a aontaíodh, atá ag €12 faoi láthair.

Ar ais go barr

 

 

Ar ais go barr

Conas a dhéileáltar le feithiclí eachtrannacha?

Tá feithiclí atá cláraithe thar lear agus a bhaineann úsáid as an M50, faoi réir na rialacha céanna le feithiclí cláraithe in Éirinn.

Maidir leis na tiománaithe ar fad a úsáideann an M50, is cuma má tá siad cláraithe nó neamhchláraithe, náisiúnta nó eachtrannach, is cion é faoin reachtaíocht gan dolaí a íoc. Mar sin bhunaigh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta polasaí forfheidhmithe dian, curtha i bhfeidhm trí ghníomhaireacht forfheidhmithe tras-Eorpach chun cúnamh a thabhairt maidir le muirir dhola agus fíneálacha neamhíoctha a aisghabháil agus ionchúiseamh a dhéanamh ar gach imghabhálaí dola i bhfeithiclí cláraithe in Éirinn nó thar lear.

Tá sé de dhualgas freisin ar lucht taistil eachtrannach a thagann isteach in aon tír a bheith ar an eolas i leith fodhlíthe agus rialacha an bhóthair. Tá eolas ar fáil chomh maith trí eagraíochtaí gluaisteánaíochta, cuideachtaí carranna ar cíos agus comhlachais turasóireachta anseo agus thar lear.

Ar ais go barr