Jump to main content

eFlow: córas nua dolála saor ó bhacainní

Ráiteas Príobháideachais

1. Ginearálta

1.1 Tá an suíomh gréasáin seo de chuid eflow Barrier-Free Tolling á fheidhmiú ag [BetEire Flow Limited] ("BetEire Flow") thar ceann an Údaráis um Bóithre Náisiúnta ("NRA"). Tá meas iomlán ag BetEire Flow agus an NRA ar do cheart um príobháideachais, agus ní bhaileofar aon sonraí pearsanta mar gheall ort ar an suíomh gréasáin seo gan do chuid feasachta agus cead soiléir a fháil. Pléifear go docht le haon sonraí pearsanta a thugann tú dúinn go deonach faoi réir na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.

1.2 Léigh téarmaí an ráitis príobháideachais seo go cúramach le do thoil, mar trí chuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin seo measfar go bhfuil tú tar éis glacadh le téarmaí an ráitis príobháideachais seo.

2. Bailiúchán agus úsáid sonraí pearsanta

2.1 Ní bhaileoimid aon eolas fút a shainaithníonn go pearsanta tú nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin ach amháin má roghnaíonn tú an t-eolas sin a chur ar fáil dúinn. Braitheann an t-eolas a bhailímid ar an méid a dhéanann tú nuair atá tú ar ár suíomh gréasáin.

2.2 Má thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin d'fhonn brabhsáil, léamh nó íoslódáil déanaimid do sheoladh IP, an cineál brabhsálaí atá agat agus fad seisiúin an úsáideora a bhailiú agus a stóráil go huathoibríoch. Bainimid úsáid as an eolas seo chun cabhrú linn ár suíomh a dhéanamh níos úsáidí do chuairteoirí, chun foghlaim faoi líon na gcuairteoirí a thagann chuig ár suíomh agus an cineál teicneolaíochta a úsáideann ár gcuairteoirí. Ní dhéanaimid eolas faoi dhaoine aonair a thraiceáil nó a thaifeadadh nuair a thugann siad cuairt ar an suíomh. D'fhéadfaimis staitisticí comhiomlána faoinár n-úsáideoirí i dtéarmaí uimhreacha, patrúin tráchta agus eolas suímh ábhartha a thiomsú agus a thuairisciú. Ní chuimseoidh a leithéid de staitisticí aon eolas a shainaithneoidh daoine go pearsanta.

2.3 D'fhéadfá roghnú sonraí pearsanta a sholáthar (m.sh. ainm, seoladh r-phoist agus poist) mar fhreagra ar cheann de na seoltaí liostaithe ar ár suíomh gréasáin. Ní úsáidimid na sonraí seo ach chun déileáil le do fhiosrúchán.

2.4 Má osclaíonn tú cuntas nó má íocann tú dola ar ár suíomh gréasáin, iarraimid ort d'ainm, do sheoladh r-phoist, uimhir ghutháin teagmhála, cláruimhir feithicle agus sonraí cárta creidmheasa, cárta dochair nó dochair díreach a sholáthar dúinn, i measc rudaí eile. Bainimid úsáid as na sonraí seo chun d'íocaíocht dola a phróiseáil agus/nó do chuntas clibe a riar. Ní bhailímid aon sonraí pearsanta seachas an méid atá riachtanach chun na cuspóirí seo a chomhlíonadh.

3. Nochtadh ar Shonraí Pearsanta

3.1 D'fhéadfaimis do chuid sonraí pearsanta a nochtadh dár ngníomhairí, conraitheoirí agus soláthraithe seirbhíse chomh fada is atá sé riachtanach go reasúnta do na cuspóirí léirithe thuas.

3.2 D'fhéadfaimis eolas a roinnt freisin le gníomhaireachtaí teistiméireachta chreidmheasa maidir leis an slí a dhéileálann tú le do chuntas clibe.

4. Fianáin

4.1 Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin, mar sin d'fhéadfaí fianán a chur i mbrabhsálaí do ríomhaire. Is éard atá i gceist le fianáin ná comhaid téacs bheaga a sholáthraíonn eolas dúinn faoi cé chomh minic is a thugann duine cuairt ar ár suíomh, agus cad a dhéanann sé/sí i rith na gcuairteanna sin. Níl aon eolas a shainaithníonn daoine go pearsanta sna fianáin féin ach má thugann tú eolas dúinn, d'fhéadfadh sé a bheith nasctha leis na sonraí stóráilte san fhianán.

4.2 Mura dteastaíonn uait go nglacfadh do bhrabhsálaí le fianáin, is féidir leat an rogha um ghlacadh le fianáin a mhúchadh i socruithe do bhrabhsálaí. D'fhéadfadh díchumasú ar thacaíocht fhianáin an suíomh gréasáin seo a chosc ó bheith ag feidhmiú i gceart agus b'fhéidir nach bhféadfaí an t-eolas agus na gnéithe ar fad a úsáid i gceart.

5. Slándáil

5.1 Ar mhaithe le cúiseanna slándála an tsuímh agus chun a chinntiú go leanann an suíomh gréasáin seo ar aghaidh de bheith infhaighteach do na húsáideoirí go léir, úsáideann ár gcóras ríomhairí ríomhchláir bhogearraí chun monatóireacht a dhéanamh ar thrácht líonra ionas gur féidir iarrachtaí neamhúdaraithe chun eolas a uaslódáil nó a athrú nó dochar a dhéanamh ar dhóigh eile a aithint. Tá dianchosc ar iarrachtaí neamhúdaraithe eolas a uaslódáil nó eolas ar ár suíomh gréasáin a athrú agus d'fhéadfaí pionós a ghearradh de réir an dlí.

5.2 Coimeádfar na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn ar fhreastalaithe slána óstáilte ag BetEire Flow. De dheasca nádúir an Idirlín ní féidir linn ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil aon eolais a chuireann tú chugainn trí mheán an Idirlín. Mar sin féin, tabharfaimid faoi na céimeanna réasúnta uile (lena n-áirítear bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla cuí) chun do chuid sonraí pearsanta a chosaint.

6. Athruithe ar an Ráiteas Príobháideachais seo

6.1 Ó am go ham d'fhéadfaimis ár ráiteas príobháideachais a athrú, ach taispeánfar aon athruithe ar an leathnach seo chun tú a choimeád suas chun dáta maidir leis na bealaí a bhailímid, a úsáidimid agus a nochtaímid eolas. Má tharlaíonn sé ag aon am go bheartaímid úsáid a bhaint as sonraí pearsanta i mbealach éagsúil ón mbealach atá leagtha amach sa ráiteas príobháideachais seo, nó ón gceann a nochtadh duit ar dhóigh eile ag an am an bhailithe, cuirfimid ar an eolas tú, agus beidh an rogha agat cibé ar cheart nó nár cheart dúinn do chuid sonraí a úsáid sa bhealach nua.

7. Ceart Rochtana agus Scrios Sonraí

7.1 Tá sé de cheart agat, faoi réir díolúintí áirithe, cóip a fháil d'aon sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn fút agus chun aon mhíchruinneas ina leithéid de shonraí a cheartú. Tá sé de cheart agat chomh maith, faoi réir coinníollacha áirithe, iarratas a dhéanamh go scriosfaí aon sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn fút. Más mian leat leas a bhaint as na cearta seo, scríobh chugainn le do thoil ag eFlow, Bosca OP 11302, Baile Átha Cliath 17, marcáilte le haghaidh airde "Oifigeach Cosanta Sonraí". Déileálfar le d'iarratas chomh luath agus is féidir agus ní thógfaidh sé níos mó ná 40 lá chun é a phróiseáil.