Gabhaimid ár leithscéal as ucht na hearráide seo.
Is dóchúil gur mar thoradh ar chláruimhir feithicle eile á chomhcheangal le do chlib nó ar chlib nach bhfuil suiteáilte i gceart í an fhadhb seo.
D'fhonn an fógra seo a chur ar ceal agus a chinntiú go bhfuil do chláruimhir cheart á chomhcheangal le do chlib, bain úsáid as ár seirbhís "Cealú an Úsáideora Chláraithe le do thoil.
Is dóchúil gur mar thoradh ar léamh mícheart de chláruimhir feithicle eile í an fhadhb seo. D'fhéadfadh tosca mar seo a leanas a bheith mar chúis leis seo:
Cé go n-úsáideann ár gcóras an teicneolaíocht is fearr ar domhan chun cláruimhreacha a léamh, le ráta cruinnis foriomlán atá gar do 100%, níl aon chóras in ann léamh foirfe a dhéanamh i ngach cúinse.
Arís, gabhaimid ár leithscéal as ucht na hearráide seo. D'fhonn sonraí a sholáthar chun cead a thabhairt dúinn an fógra seo a chur ar ceal, déan teagmháil lenár bhfoireann seirbhíse custaiméara le do thoil ar 1890 50 10 50 atá ar fáil idir 7r.n. agus 11i.n. Luan - Domhnach.