Jump to main content

Ioc Anois

Roghanna Íocaíochta

Tá cineálacha áirithe feithicle agus úsáideoirí bóithre díolmhaithe agus ní gá dóibh dolaí a íoc ar an M50 saor ó bhacainní. Áiríonn siad seo:

  1. Gluaisrothair
  2. Feithiclí curtha in oiriúint go speisialta do dhaoine le míchumais

Conas is féidir leat íoc as do thuras?

A: Clárú clibe

An bealach is éasca agus is saoire d’úsáideoirí rialta íocaíocht a dhéanamh ná clárú le haghaidh clib leictreonach. Cláraigh le haghaidh do chlib eFlow anois – SAOR IN AISCE fad atá stoic ar fáil. (Tá táille cuntais mhíosúil de €1.23/Clib i bhfeidhm.)

Is féidir leat clibeanna ó oibreoirí eile a úsáid chomh maith, féach www.tagcompare.ie le haghaidh sonraí. Agus oibríonn clibeanna eFlow ar na bóithre dola eile ar fad in Éirinn.

Má roghnaíonn tú cuntas réamhíoctha, déantar déaduchtú ar na muirir ar fad go huathoibríoch ó do chuntas gach uair a úsáideann tú an dola-bhóthar. Má roghnaíonn tú cuntas iar-íoctha, gearrtar táille ort ag deireadh na míosa.

B: Clárú físeáin (M50 amháin)

Nó is féidir leat cuntas íocaíochta a eagrú atá bunaithe ar uimhirphláta na feithicle, a chuirfear do dhochar le haghaidh gach turas a dhéanann tú.

Má roghnaíonn tú cuntas réamhíoctha, déantar déaduchtú ar na muirir ar fad go huathoibríoch ó do chuntas gach uair a úsáideann tú an dola-bhóthar. Má roghnaíonn tú cuntas iar-íoctha, gearrtar táille ort ag deireadh na míosa.

Ní oibríonn clárú físeáin le eFlow ach ar an M50 amháin. Níl aon táille bhainistíochta cuntais míosúil le haghaidh clárú físeáin.

C: Neamh-chlárú

Nó mura gcláraíonn tú, déanfar taifeadadh ar d’uimhirphláta. Caithfear íoc as an turas faoi cheann 8i.n. an lá dar gcionn, ag baint úsáid as ceann de na modhanna seo a leanas:

Má chailleann tú an spriocdháta seo, gheobhaidh tú do bhille sa phost agus tá tú faoi dhliteanas muirir bhreise le haghaidh íocaíocht déanach.