Rátaí Dola
Cuirfidh an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta méadú i bhfeidhm ar dholaí agus ar phionóis dola neamhíoctha ó 00:00:01 maidin an 1ú Eanáir 2013. Soláthraíonn an tábla anseo thíos miondealú iomlán ar na muirir nua seo i ndáil le dolabhóthar an M50.*
Tá pointe dolála gan bhacainní á fheidhmiú ag eFlow ar mhótarbhealach an M50. Gabhann feithiclí faoi dhroichead ceamara lastuas a thaifeadann faisnéis chláruimhreach agus a shannann an muirear dola cuí. Braitheann an muirear dola seo ar:
- Cineál feithicle (m.sh. carr, feithicil earraí troma).
- Cibé an bhfuil feithicil an tiománaí cláraithe le cuntas Clibe nó Físeáin eFlow, aon soláthraí clibe eile, nó an bhfuil sí neamhchláraithe.
Cén fáth nach gcláraíonn tú le haghaidh cuntais Chlibe nó Fhíseáin eFlow? Caithfidh tú suas le €1.00 níos lú agus seachnóidh tú an spriocdháta íocaíochta um 8:00in an lá dar gcionn. Faigh a thuilleadh eolais faoi na buntáistí atá le cuntas eFlow – lena n-áirítear tairiscintí agus lascainí chárta luaíochta eFlow.
*Chun eolas a fháil ar na méaduithe dolabhóthair eile ar fad, déan tagairt le do thoil do shuíomh gréasáin an ÚBN
Muirir Dhola an M50 do gach aicme feithicle†
| Cineál feithicle |
Cláraithe le cuntas Clibe eFlow |
Cláraithe le cuntas Físeáin eFlow |
Neamhchláraithe |
| Carranna |
2013 €2.10/2012 €2.00 |
2013 €2.60/2012 €2.50 |
2013 €3.10/2012 €3.00 |
Feithiclí seirbhíse poiblí
(le suíocháin do suas le 8 bpaisinéir) |
2013 €2.10/2012 €2.00
|
2013 €2.60/2012 €2.50 |
2013 €3.10/2012 €3.00 |
| Busanna nó cóistí (le suíocháin do níos mó ná 8 bpaisinéir) |
2013 €2.90/2012 €2.80 |
2013 €3.40/2012 €3.30 |
2013 €3.90/2012 €3.80 |
| Feithicil earraí éadroma (meáchan neamhualaithe faoi 2,000 kg) |
2013 €2.90/2012 €2.80 |
2013 €3.40/2012 €3.30 |
2013 €3.90/2012 €3.80 |
| Feithiclí earraí (meáchan neamhualaithe 2,000 go 10,000 kg) |
2013 €4.20/2012 €4.10 |
2013 €4.70/2012 €4.60 |
2013 €5.20/2012 €5.10 |
| Feithiclí earraí troma (meáchan neamhualaithe níos mó ná 10,000 kg) |
2013 €5.20/2012 €5.10 |
2013 €5.70/2012 €5.60 |
2013 €6.30/2012 €6.10 |
| Aonaid tarracóirí le haghaidh feithiclí altacha |
2013 €5.20/2012 €5.10 |
2013 €5.70/2012 €5.60 |
2013 €6.30/2012 €6.10 |
†Admhálacha CBL ar fáil ar iarratas
Díolúintí
Tá cineálacha áirithe feithicle agus úsáideora bóthair díolmhaithe ó dholaí an M50 a íoc:
- Gluaisrothair.
- Otharcharranna agus Feithiclí na Briogáide Dóiteáin.
- Feithiclí á n-úsáid ag baill den Gharda Síochána nó Óglaigh na hÉireann i mbaint amach a gcuid dualgas mar bhaill dá leithéid.
- Feithiclí Earraí de chuid Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas á n-úsáid i gcur i ngníomh na bhfeidhmeanna agus na ndualgas de chuid Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas.
- Feithiclí Earraí de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall úsáidte i gcur i ngníomh na bhfeidhmeanna agus na ndualgas de chuid Chomhairle Cathrach Fhine Gall.
- Feithiclí a úsáideann an tOibreoir Bóthair nó an tOibreoir Dola, nó aon duine ceaptha ag an Údarás chun Mótarbhealach an M50 a oibriú agus a chothabháil, i gcur i ngníomh a gcuid dualgas maidir le Mótarbhealach an M50.
- Feithiclí curtha in oiriúint go speisialta á dtiomáint ag daoine faoi mhíchumas.
Méadú i bPionóis ó 1 Eanáir 2013
Mura bhfuil tú cláraithe le eFlow nó aon soláthraí clibe eile, éilíonn úsáid dolabhóthair an M50 ort d’íocaíocht dola a dhéanamh roimh 8:00in an lá dar gcionn. Mura n-íocann tú faoin am seo, gearrfar muirear pionóis bhreise de chuid €3.00.
Mura bhfuil an dola agus an pionós íoctha agat laistigh de 14 lá eile, gearrfar pionós déanach breise de chuid €41.00 (€40.00 roimhe seo).
Má theiptear an méid gan íoc seo a íoc tar éis 56 lá eile gearrfar muirear pionóis déanach breise de chuid €102.50 (€100.50 roimhe seo). Mura bhfuil an méid iomlán atá dlite íoctha agat fós, d’fhéadfaí tús a chur le himeachtaí dlí.