Rátaí Dola
Baineann muirir dhola éagsúla le lucht úsáide an M50 faoi chóras dolála gan bhacainní eFlow. Braitheann na rátaí seo ar na nithe seo a leanas:
- An cineál feithicle atá agat
- Cibé an bhfuil tú cláraithe trí na córais chlibe leictreonaigh nó uimhirphláta, nó neamh-chláraithe
Tá clárú le haghaidh clib nó cuntas íocaíochta bunaithe ar uimhirphláta níos saoire ná íocaíocht trí neamh-chlárú. Cláraigh inniu
Muirir Dhola do gach aicme feithicle*
| An cineál feithicle |
Cláraithe le clib |
Cláraithe le físeán |
Neamh-chláraithe |
| Gluaisteáin |
€2.00 |
€2.50 |
€3.00 |
Feithiclí seirbhíse poiblí
(le suíocháin do suas le 8 bpaisinéir) |
€2.00 |
€2.50 |
€3.00 |
Busanna nó cóistí
(le suíocháin do níos mó ná 8 bpaisinéir) |
€2.80 |
€3.30 |
€3.80 |
Feithicil earraí éadroma
(meáchan neamhualaithe faoi 2,000 kg) |
€2.80 |
€3.30 |
€3.80 |
Feithiclí earraí
(meáchan neamhualaithe 2,000 go 10,000 kg) |
€4.10 |
€4.60 |
€5.10 |
Feithiclí earraí troma
(meáchan neamhualaithe níos mó ná 10,000 kg) |
€5.10 |
€5.60 |
€6.10 |
| Aonaid tarracóirí le haghaidh feithiclí altacha |
€5.00 |
€5.50 |
€6.00 |
*níl CBL infheidhmithe
Díolúintí
Tá cineálacha áirithe feithicle agus úsáideoirí bóithre díolmhaithe agus ní gá dóibh dolaí an M50 a íoc. Áiríonn siad seo:
- Gluaisrothair
- Feithiclí curtha in oiriúint go speisialta do dhaoine le míchumais
Pionóis
Chun aon phionóis a sheachaint, molaimid go láidir go gcláraíonn tú le haghaidh cuntas clibe leictreonaigh nó cuntas físeáin (uimhirphláta). Is iad seo na modhanna is saoire agus is éasca chun an dola a íoc.
Le haghaidh úsáideoirí neamhchláraithe, mura n-íoctar an dola faoi 8i.n. an lá i ndiaidh an turas, cuirfear pionós breise €3 le méid an dola atá le híoc.
Má theipeann ort an dola agus an pionós seo de €3 a íoc laistigh de 14 lá, gearrfar pionós breise de €40.00 ort.
Má theiptear an méid iomlán atá dlite a íoc laistigh de 56 lá ina dhiaidh sin gearrfar pionós eile de €100.50. Ansin mura bhfuil an méid iomlán íoctha agat fós, cuirfear tús le himeachtaí dlí.