Jump to main content

The new barrier-free tolling system on the M50.
Making the M50 work better for you, and flow more freely.

Téarmaí Úsáide Suímh Gréasáin e-Flow

1. GINEARÁLTA

1.1 Tá an suíomh gréasáin seo á fheidhmiú ag [BetEire Flow Limited] ("BetEire Flow") thar ceann an Údaráis um Bóithre Náisiúnta ("NRA"). Tá an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin seo (lena n-áirítear cuairt a thabhairt air agus/nó brabhsáil fhánach) faoi réir na téarmaí úsáide seo. Léigh na téarmaí úsáide seo go cúramach le do thoil roimh úsáid a bhaint as ár suíomh gréasáin mar trí úsáid a bhaint as ár suíomh gréasáin meastar gur ghlac tú go hiomlán leis na téarmaí úsáide seo. Mura n-aontaíonn tú leis na téarmaí úsáide seo, staon ó húsáid a bhaint as ár suíomh gréasáin le do thoil.

1.2 D'fhéadfaimis dul siar ar na téarmaí úsáide seo ó am go ham tríd an leathnach seo a leasú. Déan an leathnach seo a sheiceáil go rialta le do thoil chun aon athruithe a dhéanaimid a thabhairt faoi deara mar trí leanúint ar aghaidh ag baint úsáid as ár suíomh gréasáin measfar go bhfuil tú tar éis glacadh lena leithéid d'athruithe.

1.3 Beidh na téarmaí úsáide seo á rialú ag dlíthe na hÉireann. Beidh dlínse eisiach ag cúirteanna na hÉireann ar aon éilimh nó díospóidí a tharlaíonn maidir le, de bharr nó i ndáil leis na téarmaí úsáide seo.

2. Maoin Intleachtúil (lena n-áirítear cóipcheart)

2.1 Is linne nó táimid ceadúnaithe chun úsáid a bhaint as cearta maoine intleachtúla ar fad (lena n-áirítear cóipchearta, paitinní, trádmharcanna, rúin ceirde, cearta in eolas rúnda agus cearta dearaidh bíodh siad cláraithe nó neamhchláraithe) atá ar marthain ar shuíomh gréasáin eFlow, an méid atá air agus bogearraí tacaíochta. D'fhéadfá cóip neamhbhuan stóráilte go leictreonach a dhéanamh den suíomh gréasáin eFlow, nó de shleachta nó píosaí as, d'fhonn féachaint orthu ar líne amháin ach lasmuigh de sin, ach amháin go bhfuil tú údaraithe go sainráite againn chun amhail a dhéanamh, níl cead agat aon chuid den suíomh gréasáin eFlow, an méid a bhfuil air nó a bhogearraí tacaíochta a athrú, a chóipeáil, a stóráil, a fhoilsiú, a ghlacadh ar cíos, ar cheadúnas, a dhíol nó a scaipeadh in aon slí.

3. Eolas

3.1 Soláthraítear na hábhair agus an t-eolas atá le fáil ar ár suíomh gréasáin ar mhaithe le heolas a thabhairt amháin. Cé go ndéantar gach iarracht réasúnta chun a chinntiú go bhfuil aon eolas ar an suíomh gréasáin ceart, ní thugaimid aon ionadaíochtaí ná barántaí, léirithe nó intuigthe maidir le cruinneas nó iomláine an eolais sin.

4. Seirbhísí

4.1 D'fhéadfaimis, faoinár lánrogha, seirbhísí a chuimsíonn cuntas clibe agus seirbhísí nuachta agus eolais a chur ar fáil duit. Aontaíonn tú cloí leis na téarmaí agus coinníollacha ar a sholáthrófar aon seirbhísí dá leithéid duit mar atá leagtha amach sna téarmaí úsáide seo agus in áiteanna eile ar shuíomh gréasáin eFlow.

4.2 Coimeádaimid de cheart againn féin na seirbhísí go léir nó aon chuid díobh a tharraingt siar, a shrianadh, a éagsúlú, a shíneadh nó a thabhairt isteach arís, agus chun aon ghné dár suíomh gréasáin (lena n-áirítear do rochtain air) a nuashonrú, a athrú, a chur ar fionraí nó a scor, gan fógra ag aon am agus de bharr aon chúis ar bith agus gan dliteanas.

5. Rochtain Suímh Gréasáin

5.1 Bainfimid úsáid as dianiarrachtaí réasúnta chun a chinntiú go bhfuil a shuíomh gréasáin ag oibriú go hiomlán i gcónaí. Mar sin féin, de dheasca nádúr seirbhísí idirghníomhacha agus an idirlín go ginearálta, ní féidir linn a ráthú go mbeidh a shuíomh gréasáin saor ó mhoilleanna, idirbhriseacha nó earráidí agus d'fhéadfaí rochtain ar an suíomh gréasáin eFlow a chur ar fionraí (á dhéanamh againn nó de bharr cúiseanna seachtracha) go sealadach agus/nó gan fhógra. Ní bheimid faoi dhliteanas d'aon chailliúint nó dochar a tharlaíonn toisc nach raibh an suíomh gréasáin eFlow infhaighteach (bíodh sé de bharr cúiseanna próiseála inmheánacha nó ar dhóigh eile).

6. Séanadh

6.1 Seachas mar atá leagtha amach go sonrach sna téarmaí agus coinníollacha seo, tá na hionadaíochtaí, barántaí, téarmaí agus coinníollacha go léir, bíodh siad léirithe nó intuigthe, maidir leis an suíomh gréasáin seo nó leis an eolas ar fáil air as an áireamh mar seo chomh fada agus is féidir de réir an dlí.

7. Teorannú Dliteanais

7.1 Toisc nach féidir linn a ráthú go mbeidh ár suíomh gréasáin gan locht nó go mbeidh an t-eolas atá cuimsithe ar an suíomh gréasáin ceart, ní ghlacaimid le haon dliteanas d'aon dochar nó d'aon chailliúint atá fabhraithe agat (bíodh sí go díreach, go hindíreach, go speisialta, go teagmhasach, cailliúint phíonósach nó iarmharach, lena n-áirítear cailliúint brabúis) ag eascairt as an suíomh gréasáin nó an eolas atá ar fáil ann (le haon earráidí, míchruinneas nó easnaimh ina leithéid d'eolas nó aon lochtanna, idirbhriseacha nó moilleanna maidir leis an suíomh gréasáin san áireamh).

8. Naisc le Suímh Ghréasáin eile

D'fhéadfaimis naisc a sholáthar chuig suímh ghréasáin ar an Idirlíon atá á bhfeidhmiú ag treas páirtithe. Ní sholáthraítear a leithéid de naisc ach ar mhaithe le háisiúlacht duitse. Ní dhéanaimid aon ionadaíochtaí ar bith mar gheall ar aon shuíomhanna gréasáin eile a d'fhéadfá teacht orthu trínár suíomh gréasáin nó a d'fhéadfadh a bheith nasctha lenár suíomh gréasáin. Nuair a ghnóthaíonn tú rochtain ar aon suíomh gréasáin eile tuigeann tú go bhfuil sé neamhspleách uainn agus nach bhfuil aon amacht againn ar ábhar nó infhaighteacht nó cleachtais príobháideachais an tsuímh gréasáin sin.

8.1 Slánaíocht

Aontaíonn tú sinn a shlánú agus chun glacadh leis go bhfuilimid neamhurchóideach i leith aon teideal, gníomhaíochtaí nó éileamh (lena n-áirítear aon táillí dlí a bhfuil fabhraithe i ndáil leis seo) a tharlaíonn mar thoradh ar drochúsáid a bheith bainte agat as suíomh gréasáin eFlow nó a chuid seirbhísí nó trí na téarmaí úsáide seo a bheith sáraithe agat.

9. Clárú agus Slándáil

9.1 Chun úsáid a bhaint as codanna áirithe dár suíomh gréasáin, tá sé riachtanach go gcláraíonn tú linn. Tá na sonraí a thugann tú agus tú ag clárú tábhachtach agus caithfidh siad a bheith fíor agus cruinn. Má thagann aon athruithe ar na sonraí seo, cuir iad in iúl dúinn trí chliceáil ar an gcnaipe Mo Chuntas agus na treoracha a leanúint.

9.2 Má roghnaíonn tú, nó má sholáthraítear pasfhocal, nó aon phíosa eolais eile duit mar chuid dár nósanna imeachta slándála, ní mór duit a leithéid d'eolas a choimeád rúnda agus níl cead agat é a nochtadh d'aon treas pháirtí. Aontaíonn tú sinn a chur ar an eolas láithreach má chailltear do phasfhocal nó má mhíúsáidtear é. Faoi réir seiceálacha slándála iomchuí, eiseofar pasfhocal nua duit.

10. Ráiteas Príobháideachais

10.1 Déanfar aon sonraí pearsanta bailithe ar ár suíomh gréasáin a phróiseáil de réir ár ráiteas príobháideachais atá le feiceáil ar ár suíomh gréasáin. Léigh an ráiteas príobháideachais seo go cúramach toisc go gcomhaontaíonn tú lena leithéid de phróiseáil trí úsáid a bhaint as ár suíomh gréasáin.