Loading...
Close Menu

Iarmhéid & ráitis

eFlow you first
Iarmhéid & Ráitis
first
Conas is féidir liom iarmhéid mo chuntais a sheiceáil?
Féadfaidh tú an t-iarmhéid reatha ar do chuntas a fheiceáil nuair a logálann tú isteach i do chuntas ar líne le d’ainm úsáideora agus do phasfhocal.

Nuair a bheidh tú logáilte isteach, is féidir leat léargas tapa a fháil ar an iarmhéid reatha ón scáileán Forbhreathnú Cuntais, nó, le haghaidh miondealú níos doimhne, cliceáil ‘My Bill’.

Má tá cuntas Post Pá agat, tógfar an íocaíocht as aon iarmhéid a bheidh dlite ag deireadh na míosa go huathoibríoch idir an 12ú agus an lá oibre deireanach den mhí seo chugainn. Ar an drochuair, nílimid in ann dáta cruinn a sholáthar / a bhunú nuair a thógtar an íocaíocht ó do chuntas bainc. Tá na híocaíochtaí míosúla dlite uathoibrithe agus déanann bainc iad a phróiseáil ag tosú ón 12ú lá de gach mí, ní roimhe sin.

Más maith leat íocaíocht a dhéanamh i gcoinne iarmhéid do chuntais eFlow de láimh, is féidir leat anois. Is féidir íocaíochtaí iomlána nó páirteach a dhéanamh ar chuntais Post-Phá eFlow ar líne ag eFlow.ie. Má tá cuntas Réamhphá agat, féadfaidh tú íocaíochtaí Breisithe breise a dhéanamh ar líne chun do chreidmheas a leathnú.

Conas a ríomhtar iarmhéid an chuntais?
Tagraíonn an t-iarmhéid ar leathanach forbhreathnaithe de chuntas Post-phá don iomlán a bheidh le feiceáil ar do chéad ráiteas eFlow eile. Baineann sé seo le muirir a tabhaíodh i rith na míosa roimhe sin, nár tógadh íocaíocht ina leith fós as do mhodh íocaíochta cláraithe.

Ní chuimsíonn sé turais a rinneadh i rith na míosa reatha (d’iarmhéid beo) agus ní bheidh siad comhoiriúnach le suim na sleachta ar an leathanach ‘Turais agus Íocaíochtaí’.

Conas is féidir liom mo ráitis a fheiceáil?

Chun do ráitis bhille a fheiceáil, logáil isteach ar eFlow.ie le d’ainm úsáideora agus do phasfhocal.

  1. Roghnaigh ‘Mo Bhille’.
  2. Scrollaigh síos chun liosta iomlán de do ráitis mhíosúla a fheiceáil (tá ráitis le 18 mí anuas ar fáil ar líne; ar an drochuair, ní féidir linn ráitis níos sine a sholáthar).
  3. Is féidir gach ráiteas a íoslódáil trí chliceáil ar an nasc. Roghnaigh ‘File’ agus ‘Save As…’ chun an comhad PDF a íoslódáil agus a shábháil.

Leid úsáideach: Má shábhálann tú gach ceann de do ráitis eFlow, beidh siad áisiúil duit i gcónaí le haghaidh tagartha sa todhchaí. Is féidir na ráitis a íoslódáil tríd an nasc a roghnú agus trí ‘Save’ a chliceáil.

Ba mhaith liom an bealach a bhfaighidh mé mo ráiteas a athrú

Chun an chaoi a bhfaigheann tú do bhille a athrú:

  1. Logáil isteach ar eFlow.ie le d’ainm úsáideora agus do phasfhocal.
  2. Roghnaigh 'Mo Bhille'.
  3. Roghnaigh ‘Athraigh Modh Seachadta’.
  4. Roghnaigh an modh is fearr leat (post nó ríomhphost) agus cliceáil ‘Deimhnigh’.