Loading...
Close Menu
Táimid ar an eolas faoi theachtaireachtaí téacs amhrasacha a deir gur ó eFlow iad. Ná hoscail naisc ar bith uathu seo teachtaireacht eile. Tuilleadh Eolais a fháil anseo.
Rinneamar ár dTéarmaí agus Coinníollacha a nuashonrú le déanaí. Cliceáil anseo le haghaidh achoimre ar na hathruithe seo.

Pionóis

eFlow you first
Pionóis
first
Teachtaireachtaí amhrasacha

Ní sheolann eFlow naisc i dteachtaireachtaí téacs. Má fhaigheann tú ceann, scrios láithreach é. Níor cuireadh as dár gcóras nó níor tharla sárú sonraí. Féadann tú a bheith cinnte go bhfuil do shonraí slán. Chun tuilleadh eolais, noda agus samplaí a fháil, cliceáil anseo.

Nílim cinnte an ndeachaigh mé thar an dolaphointe

Mura bhfuil tú cinnte an ndeachaigh tú thar dhola an M50, seiceáil cibé ar thaistil tú idir Acomhal 6 (Baile Bhlainséir) agus Acomhal 7 (Leamhcán). Tá na ceamaraí dola ar dhroichead iompair os cionn an M50 agus tá comharthaíocht ann chun suíomh an dolaphointe a léiriú.

Nílim cinnte an mó turas dola a rinne mé

Mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS), ní féidir linn líon na dturas a rinne d’fheithicil a thaispeáint. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn chun a fháil amach an bhfuil aon turais fós le híoc ag d’fheithicil.

An bealach is éasca chun líon na dturas dola a rinne d’fheithicil ar an M50 a fheiceáil ná clárú chun cuntas eFlow a fháil. Cláraigh inniu chun airgead agus am a shábháil ar do dholaí.

Nílim cinnte ar chaill mé an sprioc-am íocaíochta

Mura bhfuil tú cinnte ar chaill tú sprioc-am íocaíochta dhola an M50, tá sé an-éasca é a sheiceáil. Mura bhfuil tú tar éis íoc as do thuras/thurais trí dhola an M50 roimh 8pm an lá dár gcionn, tá tú tar éis an sprioc-ama íocaíochta a chailleadh.

Eiseoidh eFlow litir phionóis chuig seoladh úinéir na feithicle cláraithe sula i bhfad.

Seans go bhfuil seantáillí neamhíoctha i gcoinne m’uimhirphláta

Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann seirbhíse do chustaiméirí ar 0818 50 10 50 agus labhróidh duine dár gcomhairleoirí leat faoi do cheist.

Chaill mé an sprioc-am íocaíochta ach níl fíneáil ar bith faighte agam fós

Má tá sprioc-am íocaíochta do dhola M50 caillte agat gan aon litir phionóis faighte agat fós ó eFlow, fan go dtiocfaidh an litir sula ndéanann tú íocaíocht. Beidh Uimhir Thagartha an Turais luaite ar an litir phionóis agus beidh an uimhir sin ag teastáil chun an íocaíocht a dhéanamh.

Má íocann tú an táille dhola bhunaidh le haghaidh turais lena mbaineann pionóis,

beidh an pionós fós amuigh i gcoinne d’fheithicle. Ní féidir íoc as pionóis ar an eFlow gan Uimhir Thagartha an Turais a bheith agat; mar sin, ní mór duit fanacht go bhfaighidh tú an litir.

Dá mba rud é gur íoc tú an táille dhola agus go bhfuil an pionós féin le híoc, is féidir glaoch a chur orainn chun íocaíocht bhreise €3.50 a dhéanamh agus an pionós a chumhdach.

Eiseofar tuilleadh pionós má bhíonn gearríocaíocht i gceist.

Nuair a gheobhaidh tú an litir phionóis, tá 14 lá agat ón dáta eisiúna chun an méid iomlán atá dlite a íoc. Mura n-íoctar an t-iarmhéid iomlán laistigh de 14 lá, cuirfear tuilleadh fíneálacha i bhfeidhm.

Cén t-eolas a bheidh sa litir?

Má chailleann tú sprioc-am íocaíochta eFlow le haghaidh dhola an M50, gheobhaidh tú ‘Céadfhógra Pionóis’ (STR). Is éard atá i do Chéadfhógra Pionóis ná bille ó eFlow le haghaidh chostas an dola, chomh maith le pionós €3.50 mar thoradh ar an sprioc-am íocaíochta a chailleadh. Tá 14 lá agat ón dáta eisiúna chun táille an turais agus an pionós tosaigh a íoc. Mura n-íocann tú le linn na tréimhse ama sin, cuirfear táille eile €49.50 i bhfeidhm.

Conas a íocfaidh mé tar éis an litir phionóis a fháil?

Nuair a bheidh an fógra pionóis faighte agat, tá an próiseas breá simplí ansin. Téigh go eFlow.ie agus roghnaigh Íoc Pionós. Nó is féidir do litir phionóis a thabhairt go hionad díola Payzone agus an t-iarmhéid atá fós amuigh a íoc ansin.

Ní bhfuair mé aon litir phionóis ach tá Uimhir Thagartha an Turais ag teastáil uaim chun an fhíneáil a íoc

Mura bhfuil litir um fhógra pionóis faighte agat ach caithfidh tú do phionós a íoc, déan teagmháil linn agus déanfaidh ball foirne eFlow do chás a fhiosrú.

Chun Uimhir Thagartha an Turais a fháil, is féidir litir a fuair tú ó eFlow roimhe sin i leith na feithicle sin a úsáid. Cliceáil anseo agus cuir isteach d’uimhirphláta mar aon le hUimhir Thagartha an Turais ón litir roimhe sin.

Fuair mé litir phionóis ó eFlow

Mura n-íocann tú dola an M50, gheobhaidh tú litir ó eFlow.

Is ann do thrí chineál litreacha a chumhdaíonn trí chás ar leith; is iad sin:

  • Céadfhógra Pionóis
  • Fógra um Dhola Neamhíoctha
  • Meabhrúchán maidir le hIarmhéid Neamhíoctha
Céadfhógra Pionóis (STR)

Mura n-íocann tú dola roimh 8pm an lá i ndiaidh do thurais, eiseofar litir um Chéadfhógra Pionóis (STR) go huathoibríoch chuig seoladh úinéir cláraithe na feithicle. Cuimsíonn an STR an táille dhola bhunaidh móide an táille íocaíochta dhéanach €3.70. Má fhaigheann tú STR, féadfaidh tú an t-iarmhéid iomlán atá dlite a íoc trí cheann de na roghanna seo a leanas a úsáid: Ar líne ar eFlow.ie. trí Pionós a Íoc a roghnú ar an leathanach baile, nó i bpearsa le hairgead tirim/cárta ag aon ionad miondíola ar fud na tíre a bhfuil an comhartha Payzone air. Tabhair leat an STR chun an barrachód a scanadh.  Tabhair faoi deara go bhféadfadh moill a bheith ann sula mbeidh an turas le feiceáil ar an gcóras.

Fógra um Dhola Neamhíoctha (UTN)

Mura ndéantar íocaíocht as táille dhola M50 agus mura n-íoctar an Céadfhógra Íocaíochta laistigh de 14 lá, eiseofar Fógra um Dhola Neamhíoctha (UTN) chuig seoladh cláraithe úinéir na feithicle.

Cuimsíonn UTN táille an dola bunaidh, an STR (€ 3.50) agus pionós breise €49.50 maidir leis an íocaíocht dhéanach.

Má fhaigheann tú UTN, féadfaidh tú an t-iarmhéid iomlán atá dlite a íoc trí cheann de na roghanna seo a leanas a úsáid: Ar líne ar eFlow.ie trí Pionós a Íoc a roghnú ar an leathanach baile; nó i bpearsa le hairgead tirim/cárta ag aon ionad miondíola ar fud na tíre a bhfuil an comhartha Payzone air. Tabhair leat an UTN chun an barrachód a scanadh.

Mura ndéantar íocaíocht chun an turas agus na pionóis a chumhdach laistigh de 56 lá ó dháta eisiúna an UTN, cuirfear pionós íocaíochta déanach eile €123.50 i bhfeidhm ar an turas. Seolfar an t-idirbheart chuig ár bhfoireann dlí freisin - Aturnaetha Pierse Fitzgibbon - lena bhailiú.

Meabhrúchán maidir le hIarmhéid Neamhíoctha

Má fuair tú litir ‘Meabhrúchán maidir le hIarmhéid Neamhíoctha’ ó eFlow, tá ár bhfoireann Resolver ar fáil chun cabhrú leat. Is é an chéad chéim ná teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann Resolver. Labhróidh siad leat faoi do roghanna chun déileáil leis an iarmhéid neamhíoctha. Cuimhnigh, oibrímid chun saincheisteanna mar seo a réiteach gach lá agus, mar sin, a luaithe is a rachaidh tú i dteagmháil linn a luaithe is féidir linn cabhrú leat. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann Resolver ar 0818 50 70 50 (9.00am go 5.00pm, Luan go hAoine).

Tá litir phionóis faighte agam ó Aturnaetha Pierse Fitzgibbon CDT

Mura ndéantar an t-iarmhéid neamhíoctha i leith turais (lena n-áirítear gach pionós a bhaineann leis) a íoc laistigh de 72 lá ó dháta an turais, féadfar imeachtaí dlí a thionscnamh agus cuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig Aturnaetha Pierse Fitzgibbon. Má fuair tú litir ó Aturnaetha Pierse Fitzgibbon CDT, cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.

Fuair mé litir phionóis ó Euro Parking Collection

Cuirfear turais neamhíoctha a dhéanann feithicil nach bhfuil cláraithe i bPoblacht na hÉireann ar aghaidh chuig Euro Parking Collection. Is gníomhaireacht bhailiúcháin uile-Eorpach é Euro Parking Collection, agus tá siad údaraithe ag eFlow dolaí neamhíoctha ar an M50 a bhailiú. Má fuair tú litir ó Euro Parking Collections, cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil. 

Fuair mé litir faoi tháille bhreise ach tá an táille dhola bhunaidh íoctha agam

Tá roinnt cúiseanna ann go bhféadfá fíneáil a fháil ó eFlow tar éis dola a íoc. Má tharlaíonn a leithéid, seiceáil na rudaí seo a leanas:

  • gur íoc tú an dola leis an uimhirphláta feithicle iomchuí.
  • gur chumhdaigh tú costas iomlán an turais agus do tháille á híoc.

Mar shampla, más rud é gur íoc tú táille an M50 le haghaidh gluaisteáin (€3.70) i ndiaidh an sprioc-ama íocaíochta (8pm an lá dár gcionn), beidh an pionós €3.50 i leith íocaíocht dhéanach fós le híoc. Sa chás seo, cuir glaoch orainn ar 0818 50 10 50 chun íocaíocht bhreise €3.50 a dhéanamh agus an pionós a chumhdach.

Má tharlaíonn sé riamh go bhfuil tú neamhchinnte faoi litir phionóis a fháil déan teagmháil linn agus beidh duine dár bhfoireann cúraim do chustaiméirí in ann cabhrú leat.

Rinne mé dearmad mo dhola M50 a íoc

Má dhéanann tú dearmad an dola M50 a íoc, cuirfear pionós breise €3.50 mar thoradh ar an íocaíocht dhéanach i bhfeidhm ar an turas. Eiseofar ‘Céadfhógra Pionóis’ chuig seoladh úinéir cláraithe na feithicle. Mura n-íoctar an dola bunaidh agus an pionós i leith íocaíocht dhéanach laistigh de 14 lá, tabhófar fíneáil eile (€49.50). Eiseofar litir ar a dtugtar ‘Fógra um Dhola Neamhíoctha’ chuig seoladh úinéir cláraithe na feithicle chun é seo a dhearbhú.

Mura n-íoctar an íocaíocht bhunaidh as an turas agus na pionóis i leith na híocaíochta déanaí laistigh de 72 lá ina dhiaidh sin, cuirfear pionós eile €123.50 i leith íocaíocht dhéanach i bhfeidhm. Cuirtear an turas ar aghaidh freisin chuig aturnaetha eFlow, Aturnaetha Pierse Fitzgibbon lena bhailiú. Eiseoidh Aturnaetha Pierse Fitzgibbon litir faoi sin chuig seoladh cláraithe úinéir na feithicle. Ag an bpointe seo, d’fhéadfadh caingean dlí a thionscnamh i gcoinne úinéir cláraithe na feithicle mar thoradh ar an neamhíocaíocht bhreise.

Pionós a Achomharc

first
Tá an dola íoctha agam cheana féin

Má cheapann tú go bhfuair tú litir phionóis trí dhearmad, déan teagmháil lenár bhfoireann seirbhíse do chustaiméirí agus déanfaidh duine dár ngníomhairí athbhreithniú ar do cheist.

Beidh ort admháil íocaíochta agus an fhaisnéis bhreise seo a leanas a sholáthar:

  • Cainéal íocaíochta (má rinneadh an íocaíocht ar líne ag www.eflow.ie, in ionad díola Payzone, ar an bhfón chuig gníomhaire nó tríd an tseirbhís uathoibrithe teileafóin).
  • Modh íocaíochta (cárta dochair nó cárta creidmheasa).
  • Dáta nuair a rinneadh an íocaíocht.
  • An méid a íocadh.
  • Na ceithre dhigit dheireanacha den chárta a úsáideadh chun an íocaíocht a dhéanamh.
  • Dáta éaga an chárta.
  • Ainm shealbhóir an chuntais.

Cinntigh go ndearnadh an íocaíocht i leith na feithicle iomchuí agus laistigh den sprioc-am íocaíochta.

Chun cabhrú leat pionóis níos airde a sheachaint, féadfaidh go n-úsáidfear íocaíochtaí a gheobhaidh eFlow uait chun íoc as turais neamhíoctha.

Níor úsáid mé dola-bhóthar an M50 ag an am i gceist

In ainneoin go n-úsáideann eFlow cuid den teicneolaíocht aitheantais feithiclí is cruinne ar domhan, féadfaidh ár gceamaraí - ar ócáidí fíorannamha - uimhirphlátaí a léamh go mícheart.

Má cheapann tú go bhfuair tú bille go mícheart, molaimid duit teagmháil a dhéanamh linn, agus déanfaimid athbhreithniú ar do cheist.

Tá clib agam le soláthraí eile clibeanna

Má d’athraigh tú d’fheithicil le déanaí, déan cinnte go ndearnadh nuashonrú ar d’fhaisnéis chlibe dá réir. Tá sonraí teagmhála sholáthraithe clibeanna uile na hÉireann ar fáil ar an suíomh gréasáin. Má tá tú cinnte go bhfuil do chlib suite i gceart, go bhfuil go leor creidmheas air, agus/nó nár tuairiscíodh go bhfuil sé caillte, goidte nó damáistithe, is féidir go bhfuil uimhirphláta mícheart bainteach le do chlib. Chun gach turas eFlow neamhíoctha a aistriú chuig do chuntas clibe reatha, cliceáil ar Pionós a Achomharc agus cuir isteach an fhaisnéis riachtanach. Nuair a bheidh sé seo déanta agat, déanfaimid do chuid sonraí a sheiceáil le do sholáthraí clibeanna agus, más féidir, aistreoimid gach turas neamhíoctha chuig do chuntas clibe reatha.

Dhíol mé an gluaisteán

I gcás turas neamhíoctha arna ndéanamh ag custaiméirí neamhchláraithe, seoltar na fógraí ina leith sin chuig an ainm agus an seoladh faoina bhfuil an fheithicil cláraithe leis an Rannán Seirbhísí Ríomhaireachta Tiománaithe agus Feithicle (DVCSD).

Má dhíol tú an fheithicil le déanaí, ba cheart an DVCSD a chur ar an eolas, ionas gur féidir a dtaifid úinéireachta feithicle a nuashonrú toisc nach féidir le eFlow na sonraí seo a nuashonrú. Nuair a dhéanfar taifid DVCSD a nuashonrú, áfach, nuashonrófar taifid eFlow go huathoibríoch ansin.

Comhlánaigh Cuid B den Teastas Clárúcháin Feithicle nó den logleabhar, agus seol chuig an seoladh seo a leanas é:

An Rannán Seirbhísí Ríomhaireachta um Cheadúnú Tiománaithe agus Feithiclí,
An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (DVCSD)
Lár Bhaile na Sionainne,
Co. an Chláir
V14 P298

Nuair a bheidh na sonraí seo nuashonraithe agat leis an DVCSD, déan teagmháil linn agus déanfaimid athbhreithniú ar do cheist láithreach.

Má tá d’fheithicil cláraithe i dTuaisceart Éireann/sa Ríocht Aontaithe, téigh i dteagmháil leis an nGníomhaireacht Tiománaithe & Feithicle chun na taifid úinéireachta a nuashonrú. Má fuair tú an fhíneáil mar thoradh ar dhola an M50 a thrasnú, déan teagmháil linn agus cuir cruthúnas oifigiúil díola ar fáil, i.e. sonrasc díola sínithe ag an dá pháirtí. Nuair a gheobhaimid an doiciméad seo, beimid in ann tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh.

Goideadh mo ghluaisteán

Déan teagmháil linn agus cuir tuairisc ón nGarda Síochána ar fáil chun a dheimhniú gur goideadh an gluaisteán. Nuair a bheidh an tuairisc seo againn, beimid in ann tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh.

Cúiseanna eile

Más maith leat achomharc a dhéanamh ar phionós eFlow ar chúis ar bith eile, déan teagmháil linn agus déanfaimid athbhreithniú ar do cheist. Más mian leat achomharc a dhéanamh i leith litir phionóis arna heisiúint ag Euro Parking Collection, déan teagmháil dhíreach leo trí chliceáil anseo.