eFlow: Aip My Tolls
Dolaí an M50 Gan Stró le eFlow: My Tolls
Trí úsáid a bhaint as aip My Tolls: eFlow is féidir do dhola M50 a íoc ar bhealach níos éasca ná riamh. Is féidir leat clárú chun cuntas eFlow a oscailt, nó logáil isteach má tá cuntas agat cheana féin. Nó, is féidir leat Mear-rochtain a roghnú a chabhraíonn leat súil a choinneáil ar d’aistir agus íocaíochtaí dola an M50.
Mear-rochtain
Trí Mhear-rochtain, atá le fáil go heisiach ar aip My Tolls, is féidir leat d’fheithicil a chur leis chun eolas a fháil faoin méid íocaíochtaí dola M50 atá dlite, meabhrúcháin a fháil agus íoc go huathoibríoch ag an ráta neamhchláraithe.
Tá Mear-rochtain an-áisiúil mura n-úsáideann tú an M50 go minic agus más mian leat an méid atá le híoc agat a fheiceáil gan cuntas eFlow a oscailt.
Rogha aipe amháin a thugann deis duit dolaí M50 a rianú agus a íoc ag an ráta caighdeánach (neamhchláraithe), gan cuntas eFlow a bhunú.
Faigh eolas maidir le haon dola agus pionós atá dlite ar d’fheithicil.
Faigh fógra maidir le spriocdhátaí íocaíochtaí dola amach anseo.
Seachain pionóis trí íocaíochtaí uathoibríocha a chumasú ar do dholaí.
Níl lascainí dola san áireamh i Mear-rochtain. Féach thíos ar na buntáistí a bhaineann le cuntas cláraithe a bheith agat.
Gnéithe chuntas eFlow
Sábháil Am agus Airgead le Cuntas eFlow
Is é cuntas eFlow an bealach is éasca chun do dhola M50 a íoc agus pionóis neamhriachtanacha a sheachaint.
Faigh lascaine ar do dholaí le Dola Físeáin nó Clibe an M50 – ar fáil díreach le cuntas eFlow.
Déan dearmad ar sprioc-am 8pm an lá dár gcionn agus íoc do dholaí go huathoibríoch.
Is féidir leat rogha a dhéanamh creidmheas a chur leis láithreach nó íoc gach mí i riaráiste.
Cúpla clic chun féachaint ar d’aistir, sonraisc agus mionsonraí.