Tar éis dom taisteal ach roimh spriocam 8pm


Laistigh de Phoblacht na hÉireann

Tá bealaí éagsúla ann chun dola M50 a íoc. Is é an tslí is fusa agus is saoire ná clárú le haghaidh cuntas uath-íoctha eFlow. Le Cuntas Físeáin eFlow saor in aisce sábhálfaidh tú €0.50 ar gach turas ar an M50 agus níl aon táille riaracháin ar an gcuntas. Cliceáil anseo má tá breis eolais uait

Má roghnaíonn tú gan clárú le eFlow, féadfaidh tú dola M50 a íoc tar éis duit taisteal ach roimh an spriocam 8pm ar thrí bhealach.

  • Ar líne ag eFlow.ie - roghnaigh Dola a Íoc ar an leathanach baile agus lean na céimeanna ar an scáileán. 
  • Is feidir do tolla M50 a íoc ar an app íochaiocht. Díreach dul chuig an siopa Apple nó Google, Cúrdaigh an app agus lean ort.        
  • Tú féin le hairgead tirim nó le cárta ag aon siopa miondíola Payzone sa tír. Bíodh an chláruimhir ullamh agat agus abair leis an aigeadóir an mó turas a dteastaíonn uait íoc as.
  • Glaoigh orainne ag Íosghlao 1890 50 10 50 ó Phoblacht na hÉireann, 0845 30 15 405 ón RA, nó +353 1 4610122 ó aon tír eile.

Nod: Bí cinnte d'fháltas nó uimhir d'fháltais d'aon íocaíocht atá déanta agat a choimeád.

Ar ais go dtí an Barr

Lasmuigh de Phoblacht na hÉireann

Má tá tú ag íoc lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, tá dhá rogha íocaíochta agat:

  • Ar líne ag eFlow.ie - roghnaigh Dola a Íoc ar an leathanach baile agus lean na treoracha ar an scáileán.
  • Glaoigh orainne ag  0845 30 15 405 ón RA, nó +800 50 10 50 11 ó aon tír eile. Má bhíonn deacracht ar bith agat leis na huimhreacha sin triail +353 1 4610122. 

Is iad na gnáthroghanna íocaíochta: Cártaí Dochair Visa ó chuntais ainmnithe in euro nó cártaí creidmheasa (Visa & Mastercard).

Má bhíonn deacracht ar bith agat le híocaíocht a dhéanamh déan teagmháil linn ar Twitter.

Nod: Bí cinnte d'fháltas nó uimhir d'fháltais d'aon íocaíocht atá déanta agat a choimeád.

Ar ais go dtí an Barr


Úsáideann an láithreán gréasáin seo fianáin, trí leanúint ar aghaidh, comhaontaíonn tú lena n-úsáid.
Foghlaim níos mó faoi fhianáin agus conas iad a bhainistiú.

X