Conas a íocaim dola M50 sula bhfágaim?


Is é an tslí is fusa d'úsáideoirí nua dola M50 a íoc ná réamhíoc. Seo roinnt ceisteanna coitianta a bhaineann le dola M50 a réamhíoc:

Conas Réamhíoc:

Tá dhá shlí ann chun dola M50 a réamhíoc:

  1. Chun íoc ar líne as do thuras cliceáil anseo agus lean na treoracha ar an leathanach
  2. Tú féin le hairgead tirim nó le cárta ag aon siopa miondíola atá gar duit ina bhfuil an comhartha Payzone
  3. Is feidir do tolla M50 a íoc ar an app íochaiocht. Díreach dul chuig an siopa Apple nó Google, Cúrdaigh an app agus lean ort.

Cláraigh le haghaidh cuntas uath-íoctha eFlow i gcomhair dolaí níos saoire M50 agus roghanna níos fusa billeála. 

Tabhair do d'aire: Ní chuirfear ann go huathoibríoch sonraí feithiclí a cláraíodh lasmuigh d'Éirinn nuair a iontráilfear ar eFlow.ie iad. Beidh deis agat do shonraí a iontráil de láimh agus íoc ansin 

Ar ais go dtí an Barr

Réamhíoc mé as turas nár thug mé.

Ná bí buartha má réamhíoc tú as turas nár thug tú. Beidh  do chláruimhir i sochar fós chun turas eile amach anseo a chlúdach. Seachas sin, is féidir leat aisíoc a lorg ó eFlow lenár bhfoirm ghréasáin. Cuir d'ainm iomlán, cláruimhir feithicle, seoladh poist agus sonraí d'íocaíochta leis an teachtaireacht le go mbeimid ábalta an próiseas aisíochta a bhrostú. Tabhair do d'aire gur le seiceanna a aisíoctar custaimeirí neamhchláraithe.

Ar ais go dtí an Barr


View all FAQs or Back

Úsáideann an láithreán gréasáin seo fianáin, trí leanúint ar aghaidh, comhaontaíonn tú lena n-úsáid.
Foghlaim níos mó faoi fhianáin agus conas iad a bhainistiú.

X