Is é an tslí is fusa d'úsáideoirí nua dola M50 a íoc ná réamhíoc. Seo roinnt ceisteanna coitianta a bhaineann le dola M50 a réamhíoc:
Tá dhá shlí ann chun dola M50 a réamhíoc:
Cláraigh le haghaidh cuntas uath-íoctha eFlow i gcomhair dolaí níos saoire M50 agus roghanna níos fusa billeála.
Tabhair do d'aire: Ní chuirfear ann go huathoibríoch sonraí feithiclí a cláraíodh lasmuigh d'Éirinn nuair a iontráilfear ar eFlow.ie iad. Beidh deis agat do shonraí a iontráil de láimh agus íoc ansin
Ná bí buartha má réamhíoc tú as turas nár thug tú. Beidh do chláruimhir i sochar fós chun turas eile amach anseo a chlúdach. Seachas sin, is féidir leat aisíoc a lorg ó eFlow lenár bhfoirm ghréasáin. Cuir d'ainm iomlán, cláruimhir feithicle, seoladh poist agus sonraí d'íocaíochta leis an teachtaireacht le go mbeimid ábalta an próiseas aisíochta a bhrostú. Tabhair do d'aire gur le seiceanna a aisíoctar custaimeirí neamhchláraithe.