Is féidir leat féachaint ar d’iarmhéid reatha cuntais ach logáil isteach i do chuntas le d’ainm úsáideora agus le do phasfhocal.
Agus tú logáilte isteach, is féidir leat éachtaint a fháil ar d’iarmhéid reatha ar scáileán na Deaise Úsáideora, nó, chun éachtaint níos fearr air a fháil cliceáil ‘Mo Bhille’ ar an taobh-bharra.
Má theastaíonn uait íocaíocht a dhéanamh ar do chuntas eFlow, is féidir. Is féidir páirtíocaíochtaí nó íocaíochtaí iomlána a dhéanamh le cuntais bhilleála agus bhreisithe ar líne 24/7 ag eFlow.ie.
Seachas sin, má tá cuntas billeála agat tógfar na muirir dhlite go huathoibríoch amach as do chuntas idir an 12ú agus lá deireanach oibre na míosa.
Má tá cuntas breisithe agat, is féidir íocaíochtaí breisithe ar líne a dhéanamh chun do chreidmheas a shíneadh.
Is tagairt é an t-iarmhéid ar leathanach na deaise úsáideora don iomlán a thiocfaidh suas ag bun do chéad ráitis eFlow eile. Baineann sé seo leis na táillí a thabhaigh tú le linn na míosa roimhe sin, agus nár tógadh íocaíocht dóibh as do mhodh cláraithe íocaíochta go fóill.
Ní áirítear ann na turais a rinneadh le linn na míosa reatha agus ní meaitseálfaidh sé líon na dtrasnuithe ar an leathanach Turais agus Íocaíochtaí.
Chun féachaint ar do ráitis, logáil isteach in eFlow.ie le d’ainm úsáideora agus le do phasfhocal.
Tá suas le 18 mí de ráitis ar fáil.
Nod: Má shábhálann tú do chuid ráiteas eFlow ar fad, beidh siad ar láimh agat amach anseo. Is féidir na ráitis a íoslódáil ach an nasc a chliceáil agus ansin sábháil a chliceáil.
Ráitis le haghaidh Cuntais Ghnó
Is féidir le custaiméirí gnó rogha a dhéanamh cé acu a dteastaíonn uathu ráitis mhionsonraithe nó achoimre a fháil. Is ráiteas achomair a eisítear de ghnáth do shealbhóirí cuntais ghnó. Ar ráiteas mionsonraithe tugtar liosta cuimsitheach de gach turas (am, treo, bóthar, etc.) do gach feithicil/clib. Ar an taobh eile, ní thugtar ar ráiteas achomair ach liosta de na hidirbhearta a bhain le feithicil/clib agus na híocaíochtaí ar an gcuntas.
Chun breathnú ar stair turas agus íocaíochtaí:
Is féidir comhad Excel a easphortáil ar a bhfuil liosta turas agus íocaíochtaí a rinneadh laistigh de thréimhse ar leith ach ‘Easphortáil’ a chliceáil ar an taobh dheis den leathanach Turais agus Íocaíochtaí.
Tabhair do d’aire: níl an tseirbhís seo ar fáil ach do chustaiméirí le cuntais Chlibe nó Físeáin eFlow.
An gcaithfidh tú do phasfhocal nó ainm úsáideora a aisghabháil?
Chun an bealach a fhaigheann tú do bhille a athrú: