Do Chuntas a Dhúnadh


Chun cuntas a dhúnadh, caithfidh tú teagmháil linn agus tabharfaidh gníomhaire seirbhísí do chustaiméirí treoir duit tríd an bpróiseas ar fad. Is féidir d’iarratas a chur lenár bhfoirm ar líne, nó tríd an bpost nó le faics.

Tabhair do d'aire: Sula ndúnfar an cuntas, caithfear aon iarmhéid dlite a íoc agus ní mór aon chlibeanna a bhaineann le do chuntas a chur ar ais:
eFlow
Teach Cape
Páirc Oifigí an Chinn Thiar
Baile Átha Cliath 15

Amhail de réir phointe 15.2 de Théarmaí agus Coinníollacha eFlow tá táille de €20.00 + CBL ar gach clib nach seoltar ar ais. A luaithe is a táthar i mbun do chuntas a dhúnadh nó má tá sé dúnta cheana féin, ní bheidh tú ábalta rochtain a fháil air ag eFlow.ie. 

Ní féidir cuntais a dúnadh a athoscailt. Má theastaíonn uait cuntas eile eFlow a bhunú, cliceáil anseo. 

Cad a tharlaíonn do m’fhaisnéis phearsanta tar éis dom mo chuntas a dhúnadh?
Go hiondúil, scriosfar cuntais chláraithe de bhunachar sonraí eFlow bliain tar éis a dhúnta. Scriosfar sonraí pearsanta uile shealbhóir an chuntais ach amháin sonraí íocaíochta. Coimeádtar sonraí íocaíochta go ceann 7 mbliana ar chúiseanna rialaithe airgeadais.


Úsáideann an láithreán gréasáin seo fianáin, trí leanúint ar aghaidh, comhaontaíonn tú lena n-úsáid.
Foghlaim níos mó faoi fhianáin agus conas iad a bhainistiú.

X