D’fhéadfadh roinnt cúiseanna a bheith ann nach féidir leat logáil isteach in eFlow.ie.
Cuntas dúnta nó ar tí dúnadh
Má tá do chuntas dúnta nó ar tí dúnadh, ní bheidh tú ábalta logáil isteach in eFlow.ie.
Ainm úsáideora nó pasfhocal mícheart
Má tá deacrachtaí agat rochtain a fháil ar do chuntas, is féidir d’ainm úsáideora nó do phasfhocal a athshocrú anseo.
Chun d’ainm úsáideora a aisghabháil, beidh do chláruimhir feithicle ag teastáil (feithicil atá ar do chuntas), seoladh ríomhphoist, agus beidh ort do cheist slándála a fhreagairt.
Chun do phasfhocal a athshocrú, beidh do chláruimhir feithicle ag teastáil (feithicil atá gníomhach ar do chuntas), ainm úsáideora, seoladh ríomhphoist, agus beidh ort do cheist slándála a fhreagairt.
Níl an cuntas gníomhachtaithe lena úsáid ar líne
An bhfuil ainm úsáideora nó pasfhocal cruthaithe agat do do chuntas eFlow? Mura bhfuil, seans nach bhfuil do chuntas gníomhachtaithe ar líne go fóill. Chun é sin a dhéanamh, cliceáil anseo. Cuimnigh go ndéanann cás litreacha difear do phasfhocail, ach nach ndéanann d’ainmneach úsáideora. Ná bíodh aon bhearna ar do cláruimhir feithicle.
Déanfar do shonraí a athshocrú tríd an ríomhphost, mar sin, mura bhfuil an seoladh ríomhphoist ar an gcuntas in úsáid, is féidir teagmháil linn ar Facebook nóTwitter chun rochtain ar do chuntas a athbhunú.
Tabhair do d’aire: feicfidh tú d’ainm úsáideora ar bharr chomhfhreagras eFlow leat.