Feithicil a chur le do chuntas eFlow:
Tabhair do d’aire: cé go gcuirtear formhór na sonraí ann go huathoibríoch, beidh ort sonraí feithiclí ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann a iontráil de láimh.
Ar mhaith leat do chlib eFlow a úsáid ar d’fheithicil nua?
Má theastaíonn uait do chlib eFlow a athúsáid, is féidir leat do chlib a aistriú agus tú ag cur d’fheithicle nua le do chuntas. Ní foláir é seo a dhéanamh sula mbaintear an tseanfheithil den chuntas (toisc go gcuirfeadh sé sin an chlib ar ceal).
Ní féidir clibeanna a aistriú ach go feithiclí den aicmechéanna. Mar shampla, ó charr go carr ach ní ó thrucail go carr.
Má bhaintear feithicil sula n-athshanntar an chlib, déanfar an chlib a dhíghníomhachtú láithreach. Beidh ort an chlib dhíghníomhachtaithe a thabhairt thar n-ais do eFlow chun muirear de chostas na clibe a sheachaint (€24.60). Eiseofar clib nua duit d’aon fheithicil eile a chuirfidh tú le do chuntas ina dhiaidh sin.
Táillí Clibeanna ar Cíos
Le gach feithicil bhreise a chuirtear le do chuntas, gearrfar táille chíosa bhreise. Mar shampla, má tá feithicil amháin agat, íocfaidh tú €1.23 in aghaidh na míosa, ach má tá trí fheithicil agat le clib, €3.69 a bheidh le híoc agat as cíos na míosa.
Ar dtús, déan deimhin de go n-iontrálann tú an chláruimhir cheart nuair atá feithicil á cur le do chuntas eFlow agat.
Má tá cláruimhir feithicle ó Phoblacht na hÉireann á hiontráil agat, feicfidh tú cuntas ar an bhfeithicil mar atá thíos sula ndearbhaíonn tú:
Mura meaitseálann an déantús, múnla agus dath le d’fheithicil féin, seiceáil arís do chláruimhir feithicle. Chun dul ar ais agus do shonraí a athiontráil, cliceáil an tsiombail ‘X’.
Nó, má tá an fheithicil ceannaithe le déanaí agat, d’fhéadfadh an fheithicil a bheith fós ar chuntas eFlow an iar-úinéara. Chun an fheithicil seo a chur le do chuntas eFlow, b’fhéidir go mbeidh ort teagmháil linn chun an fheithicil a athchlárú ar do chuntas. Beidh ort déantús agus múnla na feithicle a dhearbhú le go mbeidh eFlow in ann í a bhaint ó chuntas duine eile.
Déan nóta den lá a cheannaigh tú an fheithicil mar go bhféadfadh sé a bheith ag teastáil uainn chun turais a aistriú go dtí do chuntas.
Is féidir leat freisin teagmháil a dhéanamh leis an iar-úinéir agus iarraidh air an fheithicil a bhaint dá chuntas, agus beidh tú ábalta ansin é a chur ar do chuntas féin.
Níl aon uasteorainn ar líon na bhfeithiclí ar féidir a chur ar chuntas ag am ar leith.
Nuair a chuireann tú feithicil ar do chuntas, cuirfidh eFlow in iúl duit cén aicme lena mbaineann sí, de réir a cláruimhreach feithicle (má tá an fheithicil cláraithe leis an Roinn Iompair). Bunaítear táillí dola an M50 ar cibé a bhfuil an fheithicil cláraithe mar ‘príobháideach’ nó ‘tráchtála’, más feithicil ‘tráchtála’ í, úsáidfear meáchan na feithicle gan lasta chun aicme na feithicle a dheimhniú.
Faightear gach eolas faoi fheithiclí atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann ón gComhad Náisiúnta um Fheithiclí agus Tiománaithe, a choimeádann Rannóg Seirbhísí Ríomhaireachta um Thiománaithe agus Feithiclí. Ní féidir le eFlow an fhaisnéis seo a athrú, agus ba cheart aon cheisteanna maidir leis na sonraí sa chomhad a chur ar an Rannóg.
Chun sonraí a fháil faoi aicmí feithicle ar dholabhóithre eile agus na táillí orthu téigh go dtí TII.ie.
Tabhair do d’aire: ní bheidh faisnéis ar fheithiclí atá cláraithe taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann ar fáil ar eflow.ie. Caithfear an fheithicil a chlárú de láimh agus d’fhéadfaí cóip de logleabhar/teastas clárúcháin na feithicle a lorg uait chun na sonraí a dhearbhú.