Is féidir do chlib a úsáid ag na dolaí seo in Éirinn:
Oibreoidh do chlib eFlow láithreach ar an M50; ní bheidh sé gníomhach do na dolabhóithre eile in Éirinn a chlúdaíonn eFlow go dtí dhá lá tar éis a eisiúna. Fad is go bhfuil do chuntas gníomhach agus bailí (i.e. níl sé ar fionraí) piocfar suas do thuras ar an M50 fiú mura bhfuil an chlib i d’fheithicil ag an am, fad is gur féidir an chláruimhir a léamh.
Tá sé tábhachtach go mbíonn an chlib suiteáilte i gceart le go mbeifear ábalta í a léamh.
Tabhair do d'aire: Ar roinnt gaothscáthanna bíonn ciseal miotail chun teas na gréine a fhrithchaitheamh. Sa chás sin, ní mór an chlib a chur taobh istigh de limistéir shainithe gan an ciseal seo. De ghnáth bíonn dath nó pátrún difriúil ar na limistéir sin (e.g. limistéar le spotaí dubha).
Ceisteanna coitianta faoi chlibeanna:
Ní gá duit aon rud a dhéanamh chun an chlib a ghníomhachtú. Oibreoidh do chlib eFlow láithreach ar an M50; ní bheidh sé gníomhach do na dolabhóithre eile in Éirinn a chlúdaíonn eFlow (liostaithe anseo) go dtí dhá lá tar éis a eisiúna.
Tá sé tábhachtach go ndéanfar an chlib a shuiteáil i gceart i d’fheithicil. I gcarranna agus i veaineanna, ba cheart an chlib a chur ard i lár an ghaothscátha taobh thiar den scáthán siar. I leoraithe agus i mbusanna, ba cheart go mbeadh sé íseal agus i lár an ghaothscátha.
Tá riachtanais luais agus achair difriúla chun bacainní a ardú ar mhearlánaí dola ar fud na hÉireann.
Molaimid dár gcustaiméirí cloí leis an luasteorainn ar na comharthaí agus achar 30 méadar ar a laghad a choimeád idir iad féin agus an fheithicil rompu. Mura gcloítear leis na riachtanais luais agus achair d’fhéadfadh nach n-ardódh an bhacainn do d’fheithicil.
Ní féidir, ní oibreoidh do chlib eFlow i gcarrchlóis.
Mairfidh cadhnra do chlibe, thart faoi 5 bliana ar an meán.
Má tá cadhnra do chlibe caite, is féidir linn clib eile a thabhairt ina háit saor in aisce. Beidh ort an chlib dhíghníomhachtaithe a thabhairt thar n-ais do eFlow chun muirear de chostas na clibe a sheachaint (€24.60).