Coinneálaí Nua Clibe a Ordú


Is féidir coinneálaí nua cllibe do d’fheithicil a ordú ar líne saor in aisce.

Má theastaíonn uait coinneálaí nua clibe eFlow a ordú:

  • Logáil isteach i do chuntas le d’ainm úsáideora agus le do phasfhocal.
  • Cliceáil ‘M’fheithiclí’ ar an mbarra ar clé, agus cliceáil ansin an cnaipe gorm i gcolún na roghanna den fheithicil chuí.
  • Ón roghchlár anuas, cliceáil ‘Coinneálaí clibe nua a iarraidh’ agus dearbhaigh.

Cuirfear do choinnéalaí clibe chugat laistigh de 3-5 lá oibre.

Tabhair do d’aire nach soláthraímid coinneálaithe clibe do na seanchlibeanna (móra) a thuilleadh, na cinn nua (beaga) amháin atá againn.

Má theastaíonn uait clib a aistriú go feithicil eile, caithfidh tú an t-aistriú ar líne ar do chuntas a dhéanamh ar dtús. Mura ndéanann, b’fhéidir nach n-ardóidh an bhaiceann duit ag an mearlána ar do chéad turas eile.


Úsáideann an láithreán gréasáin seo fianáin, trí leanúint ar aghaidh, comhaontaíonn tú lena n-úsáid.
Foghlaim níos mó faoi fhianáin agus conas iad a bhainistiú.

X