Clibeanna a aistriú go feithiclí eile
Má theastaíonn uait an chlib a úsáid ar fheithicil eile, is féidir í a aistriú ar líne.
Chun do chlib a aistriú:
- Logáil isteach i do chuntasagus roghnaigh ‘M’fheithiclí’ ón roghchlár ar clé Taispeánfar gach fethicil atá gníomhach ar do chuntas.
- Cliceáil ‘+Cuir /Athchuir feithicil eile’
- Iontráil cláruimhir na feithicle a dteastaíonn uait a chur leis.
- Cliceáil ‘Aimsigh m’fheithicil’ Má tá an fheithicil cláraithe in Éirinn, taispeánfar faisnéis na feithicle. Mura bhfuil, beidh ort an fhaisnéis a chur isteach (e.g. cineál feithicle, déantús, múnla, agus dath). Beidh rogha agat freisin ‘lipéad’ a chur leis an bhfeithicil seo (e.g. veain le Tom).
- Roghnaigh ‘Athshann clib ar an bhfeithicil seo’
- Roghnaigh an fheithicil atá le baint ón roghchlár anuas
- Cliceáil ‘Lean ar aghaidh’
- Má tá d’fheithicil athshannta i gceart, feicfidh tú teachtaireacht á dhearbhú sin.
Tabhair do d'aire: Má tá an fheithicil atá tú ag iarraidh cur leis cláraithe ar chuntas eile cheana ní bheidh tú ábalta é sin a dhéanamh go dtí go mbainfear an fheithicil den chuntas eile.
Má theastaíonn coinneálaí clibe uait d’fheithicil ar bith, is féidir é a iarraidh ach cliceáil ar íocón an rotha ghoirm sa cholún ‘Roghanna’ (ar dheis sonraí gach feithicle).
Tabhair do d’aire: ní féidir leat feithicil a athshannú go cineál feithicle eile (e.g. ní féidir a aistriú ó veain go carr ná a mhalairt).
or