Chun modh íocaíochta nua a chur leis, logáil isteach in eFlow.ie le d’ainm úsáideora agus le do phasfhocal.
Cliceáil ar ‘Cuir in eagar’.
Chun cárta nua nó dochar díreach nua a chur leis, cliceáil ‘+Cuir Modh Íocaíochta nua le’ roghnaigh ‘Cárta Creidmheasa/Dochair’ nó ‘Dochar Díreach’ ó roghchlár anuas, líon na sonraí riachtanacha agus cliceáil ‘Cuir modh íocaíochta le’ chun é a dhearbhú.
Chun modh íocaíochta a bhaint de do chuntas eFlow, logáil isteach in eFlow.ie le d’ainm úsáideora agus le do phasfhocal.
Ar dtús beidh ort modh íocaíochta eile a bhunú mar phríomh-mhodh. Ní féidir príomh-mhodh íocaíochta a dhíghníomhachtú. Nuair nach é an modh íocaíochta an príomh-mhodh íocaíochta ar do chuntas is féidir leanúint ar aghaidh leis an gcéad chéim eile.
Cliceáil ar ‘Cuir in eagar’ agus ansin ar an roth gorm taobh leis an modh íocaíochta a theastaíonn uait a bhaint. Roghnaigh ‘Díghníomhachtaigh’ agus dearbhaigh.
A luaithe is atá an cárta díghníomhachtaithe agat féadfaidh tú é a scrios ó do chuntas ach cliceáil ar an tsiombail ‘X’ in aice leis an modh íocaíochta. Roghnaigh ‘Sea’ chun é a dhearbhú.
De réir réamhshocraithe, socrófar do mhodh deireanach íocaíochta mar phríomh-mhodh íocaíochta.
Má theastaíonn uait modh íocaíochta eile a shocrú ar do chuntas mar phríomh-mhodh íocaíochta, cliceáil an roth gorm ar an taobh deas den mhodh íocaíochta. Roghnaigh ‘Socraigh mar phríomh-mhodh’ agus dearbhaigh.
Más mian leat sonraí do chárta creidmheasa nó do chárta dochair a nuashonrú le dáta éaga nua, logáil isteach in eFlow le d’ainm úsáideora agus le do phasfhocal. (sonraí logála isteach dearmadta agat?).
Ní gá d’uimhir CVV a athrú nuair a dhéanann tú do dháta éaga ar chárta atá agat cheana a nuashonrú.