Modh íocaíochta a athrú nó a uasdátú


Modh íocaíochta a chur le

Chun modh íocaíochta nua a chur leis, logáil isteach in eFlow.ie le d’ainm úsáideora agus le do phasfhocal.  

Cliceáil ar ‘Cuir in eagar’.

Chun cárta nua nó dochar díreach nua a chur leis, cliceáil ‘+Cuir Modh Íocaíochta nua le’ roghnaigh ‘Cárta Creidmheasa/Dochair’ nó ‘Dochar Díreach’ ó roghchlár anuas, líon na sonraí riachtanacha agus cliceáil ‘Cuir modh íocaíochta le’ chun é a dhearbhú. 

Ar ais go dtí an barr

Modh íocaíochta a bhaint

Chun modh íocaíochta a bhaint de do chuntas eFlow, logáil isteach in eFlow.ie le d’ainm úsáideora agus le do phasfhocal.  

Ar dtús beidh ort modh íocaíochta eile a bhunú mar phríomh-mhodh. Ní féidir príomh-mhodh íocaíochta a dhíghníomhachtú. Nuair nach é an modh íocaíochta an príomh-mhodh íocaíochta ar do chuntas is féidir leanúint ar aghaidh leis an gcéad chéim eile.

Cliceáil ar ‘Cuir in eagar’ agus ansin ar an roth gorm taobh leis an modh íocaíochta a theastaíonn uait a bhaint. Roghnaigh ‘Díghníomhachtaigh’ agus dearbhaigh.

A luaithe is atá an cárta díghníomhachtaithe agat féadfaidh tú é a scrios ó do chuntas ach cliceáil ar an tsiombail ‘X’ in aice leis an modh íocaíochta. Roghnaigh ‘Sea’ chun é a dhearbhú. 

Ar ais go dtí an barr

Socraigh do phríomh-mhodh íocaíochta

De réir réamhshocraithe, socrófar do mhodh deireanach íocaíochta mar phríomh-mhodh íocaíochta.

Má theastaíonn uait modh íocaíochta eile a shocrú ar do chuntas mar phríomh-mhodh íocaíochta, cliceáil an roth gorm ar an taobh deas den mhodh íocaíochta. Roghnaigh ‘Socraigh mar phríomh-mhodh’ agus dearbhaigh. 

Ar ais go dtí an barr

Dáta éaga a nuashonrú

Más mian leat sonraí do chárta creidmheasa nó do chárta dochair a nuashonrú le dáta éaga nua, logáil isteach in eFlow le d’ainm úsáideora agus le do phasfhocal. (sonraí logála isteach dearmadta agat?).

  •  Ar scáileán na Deaise Úsáideora, cliceáil ar ‘Cuir in eagar’.
  • Cliceáil ar an roth in aice leis an gcárta ar mian leat a nuashonrú agus roghnaigh ‘Athraigh dáta éaga’. Chun críochnú, sábháil na hathruithe. 

Ní gá d’uimhir CVV a athrú nuair a dhéanann tú do dháta éaga ar chárta atá agat cheana a nuashonrú. 

Ar ais go dtí an barr


View all FAQs or Back