Íocaíocht


View all FAQs

Cad iad na modhanna íocaíochta ar féidir liom a úsáid le eFlow?

Má chláraíonn tú le haghaidh cuntas clibe nó físeáin eFlow, glacfar leis na modhanna íocaíochta seo a leanas ar do chuntas:

  • Cárta creidmheasa Visa
  • MasterCard
  • Cárta Visa Debit (ó chuntais i mbainc in Éirinn atá ainmnithe in euro)
  • Cárta Dochair Dhírigh (ó chuntais i mbainc in Éirinn atá ainmnithe in euro)

Ar ais go dtí an barr

Íocaíocht a dhéanamh ar do chuntas

Braithfidh sé seo ar cé acu cuntas billeála nó breisithe atá agat.

Cuntais Bhilleála:

Má tá cuntas billeála agat, is féidir páirtíocaíocht nó íocaíocht iomlán ar d’iarmhéid dlite a dhéanamh ach cliceáil ar ‘Déan Íocaíocht’ i ‘Mo Chuntas - Deais Úsáideora’. Is féidir íocaíocht a dhéanamh anseo le modh íocaíochta atá agat cheana nó le cárta creidmheasa/dochair nua.

De réir réamhshocraithe, tá an rogha ‘Íoc Iarmhéid Dlite’ socraithe ag ‘Sea’. Má theastaíonn uait áfach, páirtíocaíocht a dhéanamh, roghnaigh ‘Ní hea’ ón roghchlár anuas agus iontráil méid íocaíochta. Má roghnaíonn tú páirtíocaíocht, tógfar an t-iarmhéid atá fágtha ó do rogha mhodh íocaíochta, tríd an bpróiseas uathoibríoch billeála.

Má tá do chuntas ar fionraí, ní dhéanfar é a athghníomhachtú go dtí go n-íocfar an t-iarmhéid dlite ar do chuntas agus go dtí go bhfuil modh bailí íocaíochta ar do chuntas.

Cuntais Bhreisithe: 

Má tá cuntas breisithe agat, is féidir creidmheas a chur ar do chuntas ach cliceáil ar ‘Déan Íocaíocht’ i ‘Mo Chuntas - Deais Úsáideora’.

Is féidir íocaíocht a dhéanamh anseo le modh íocaíochta atá agat cheana nó le cárta creidmheasa/dochair nua.

Má tá do chuntas ar fionraí, ní dhéanfar é a athghníomhachtú go dtí go n-íocfar an t-iarmhéid dlite ar do chuntas agus go dtí go bhfuil modh bailí íocaíochta curtha ar do chuntas nó seancheann athghníomhachtaithe. 

Tabhair do d'aire: Tógtar na híocaíochtaí de réir sceideal uathoibríoch agus níl íocaíochtaí de láimh riachtanach. 

Ar ais go dtí an barr

Cathain a thógtar íocaíochtaí gach mí?

Tógtar na híocaíochtaí míosúla as cuntais bhilleála idir an 12ú agus an lá deireanach de gach mí. 

Faigheann custaimeirí billeála eFlow a gcuid billí mí i riaráistí. Ciallaíonn sé sin go n-asbhaintear an méid as do mhodh íocaíochta a chlúdóidh na turais a rinneadh sa mhí roimhe sin.

Chun go n-eireoidh leis an íocaíocht seo, cinntigh go bhfuil do rogha chláraithe íocaíochta bailí agus go bhfuil dóthain airgid ann chun an t-idirbheart a chur i gcrích.

Is féidir íocaíocht ar an iarmhéid dlite a dhéanamh am ar bith leis an rogha ‘Déan Íocaíocht’ tar éis duit logáil isteach i do chuntas. Má íocann tú an t-iarmhéid iomlán, ní thógfar an íocaíocht uathoibríoch ó do chuntas. Tabhair do d’aire, feicfidh tú dearbhú ag deireadh an phróisis ach ní bhfaighidh tú admháil tríd an ríomhphost. Má dhéanann tú páirtíocaíocht, cuirfimid do chuntas chun dochair don mhéid atá fágtha.

Má theastaíonn uait breathnú ar iarmhéid reatha do chuntais, nó do mhodh íocaíochta a nuashonrú, logáil isteach i do chuntas le d’ainm úsáideora agus le do phasfhocal. Cliceáil ‘Mo Bhille’ ar an taobh-bharra ar clé. 

Ar ais go dtí an barr

An féidir mo dháta íocaíochta a athrú?

Faoi láthair, ní féidir an dáta ar a dtógtar an íocaíocht uathoibríoch ó do chuntas eFlow a athrú.

Má theastaíonn uait áfach nach dtógfaí íocaíocht uathoibríoch i dtreo dheireadh na míosa, is féidir leat íocaíocht de láimh a dhéanamh ar an iarmhéid atá dlite ar do chuntas. 

Ar ais go dtí an barr

Conas is féidir liom méid an bhreisithe a athrú?

Chun méid an bhreisithe a athrú:

  • Logáil isteach i do chuntas le d’ainm úsáideora agus le do phasfhocal.
  • Cliceáil ‘Mo Bhille’ ar an taobh-bharra ar clé.
  • Cliceáil ‘Roghanna Íocaíochta’, agus scrollaigh síos go ‘Cineál Billeála’.
  • Ar an roghchlár Méid Breisithe, roghnaigh cibé méid breisithe is mian leat.

Tabhair do d'aire: Is é €30.00 an t-íosmhéid breisithe, agus is é €1000.00 an t-uasmhéid. Má tá gá agat le méid breisithe níos mó ná sin déan teagmháil linn.

Ar ais go dtí an barr

Tá mo chuntas ar fionraí, conas is féidir liom é seo a cheartú?

Tá dhá chéim ann chun do chuntas eFlow a athghníomhachtú: íoc an t-iarmhéid iomlán atá dlite agus uasdátaigh na sonraí íocaíochta ar do chuntas. 

Chun an t-iarmhéid ar do chuntas a íoc, logáil isteach sa chuntas agus cliceáil ‘Déan Íocaíocht’. Ag an bpointe seo, is féidir cárta nua íocaíochta nó dochair dhírigh a chur le do chuntas (le ‘+cuir rogha Modh Íocaíochta nua). 

Nuair a íocfar an t-iarmhéid dlite ina iomláine, beidh ort modh bailí nua íocaíochta a chur leis an gcuntas nó an modh íocaíochta a bhí ann a athghníomhachtú (mura bhfuil sé déanta agat cheana). Nuair a chuirfear an dá rud seo ina gceart, cuirfear deireadh leis an bhfiontraíocht. 
Cén fáth go bhfuil mo chuntas ar fionraí?

Tá do chuntas ar fionraí toisc nach rabhamar in ann íocaíocht a thógáil ó do mhodh cláraithe íocaíochta ar dhá bhabhta.

Ar ais go dtí an barr


Úsáideann an láithreán gréasáin seo fianáin, trí leanúint ar aghaidh, comhaontaíonn tú lena n-úsáid.
Foghlaim níos mó faoi fhianáin agus conas iad a bhainistiú.

X