Cén fáth go bhfuil comharthaí nua á gcur in airde ag eFlow ag dola an M50?


Cén fáth go bhfuil comharthaí nua á gcur in airde ag eFlow ag dola an M50?

Leis na comharthaí dola ar an M50 a uasdátú le scéim nua dathanna, nílimid ach ag iarraidh go seasfaidh siad amach níos mó d’úsáideoirí bóithre. 

Cérbh iad na fadhbanna a bhí leis na seanchomharthaí?

Cé go raibh na comharthaí dola M50 bunaidh éifeachtach, mheasc siad rómhaith leis na comharthaí treorach eile ar an mótarbhealach. Ó tá an dath gorm céanna orthu, tharla sé ar uairibh nár rith sé le daoine nach raibh taithí acu ar an mbealach go raibh siad ag imeacht thar dholaphointe. Leis na comharthaí nua, tá sé i gceist againn iad a idirdhealú ó na comharthaí eile ar an M50.

Cén athruithe atá déanta ar an eolas atá ar an gcomhartha, má tá?

Thapaíomar an deis na comharthaí a uasdátú chun an t-eolas orthu a athrú beagán. Tá sé i gceist leis an athrú seo próiseas dola an M50 a dhéanamh chomh soiléir agus chomh furasta lena thuiscint agus is féidir, agus aon athrá ar na comharthaí ar an mótarbhealach a sheachaint.

Cén fáth gur roghnaigh eFlow na dathanna sin don chomhartha?

Roghnaíodh an dath corcra toisc go bhféadfadh sé bheith uathúil don dolaphointe. Níl aon chomharthaí eile ar ghréasán bóithre na hÉireann ar an dath corcra; tá sé foirfe mar sin le go seasfaidh sé amach ó na comharthaí eile ar mhótarbhealach an M50.


Úsáideann an láithreán gréasáin seo fianáin, trí leanúint ar aghaidh, comhaontaíonn tú lena n-úsáid.
Foghlaim níos mó faoi fhianáin agus conas iad a bhainistiú.

X