Roghnaigh ón liosta thíos an chúis go dteastaíonn uait pionós dola M50 a achomharc chun breis eolais a fháil:
Má cheapann tú go ndearnadh botún litir phionóis a sheoladh chugat, déan teagmháil lenár foireann seirbhísí do chustaiméirí agus déanfaidh duine dár ngníomhaithe athbhreithniú ar an gceist.
Beidh ort cruthúnas íocaíochta a thabhairt d'fhonn an íocaíocht a cheistiú lenár bhfoireann seirbhísí do chustaiméirí.
Lena chinntiú gur íocadh as an bhfeithicil cheart agus laistigh den tréimhse riachtanach, molaimid duit athbhreithniú a dhéanamh ar d'admháil íocaíochta chun na sonraí a dheimhniú.
Ionas nach ngearrafar pionóis níos airde ort, is féidir le eFlow íocaíochtaí a úsáid chun íoc as turais níos sine.
Cé go n-úsáideann eFlow an teicneolaíocht aitheanta feithiclí is cruinne ar domhan, tarlaíonn sé, go fíorannamh, go míléitear cláruimhreacha.
Is féidir leat an t-íomhá a thóg ár gceamaraí a athbhreithniú ar líne ach cuairt a thabhairt ar Íoc Dola. Beidh ort d'Uimhir Thagartha Turais a iontráil ansin (ón litir phionóis) agus Cláruimhir na Feithicle.
Má chreideann tú go raibh sé mícheart go bhfuair tú litir phionóis, molaimid duit teagmháil linn, agus déanfaimid athbhreithniú ar an gceist.
Má athraigh tú d'fheithicil le déanaí, cinntigh gur uasdátaíodh do chuntas clibe dá réir. Tá sonraí teagmhála na soláthraithe clibeanna in Éirinn le fáil anseo.
Má tá tú cinnte gur suiteáladh do chlib i gceart, go raibh dóthain creidmheasa uirthi, agus/nó nár tuairiscíodh caillte, goidte í, ná damáiste déanta di, tá seans go bhfuil pláta cláruimhreach mhícheart bainteach le do chlibe.
Chun gach dola eFlow gan íoc a aistriú go dtí an cuntas clibe atá agat cheana féin, cliceáil Pionós a Achomharc agus cuir isteach an fhaisnéis a lorgaítear.
Nuair a bheidh sé seo déanta agat, seiceálfaimid do shonraí le do sholathraí clibe agus, más féidir, aistreoimid na táillí dola gan íoc go dtí an cuntas clibe atá agat cheana.
Seoltar fógraí custaiméirí neamhchláraithe maidir le turais gan íoc go dtí an t-ainm agus an seoladh faoinar cláraíodh an fheithicil le Rannóg Seirbhísí Ríomhaireachta Um Tiománaithe agus Feithiclí
Má dhíol tú an fheithicil le déanaí, ba cheart an Rannán a chur ar an eolas, chun go mbeidh siad in ann a gcuid taifid úinéireachta feithiclí a uasdátú. Ní féidir le eFlow na sonraí seo a uasdátú. Nuair a uasdatófar taifid an rannáin, uasdátófar go huathoibríoch na taifid s'againne leis.
Líon Cuid B den Teastas Cláraithe Feithicle nó an log leabhar agus seol go dtí:
Rannóg Seirbhísí Ríomhaireachta Um Tiománaithe agus Feithiclí
An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
Sionainn
Co. an Chláir
Má tá d’fheithicil cláraithe i dTuaisceart Éireann, déan teagmháil le Gníomhaireacht Um Tiománaithe agus Feithiclí.
Nuair a bhíonn na sonraí sin nuashonraithe agat leis an Rannóg nó leis an nGníomhaireacht déan teagmháil linn, agus déanfaimid athbhreithniú láithreach ar an gceist.
Má theastaíonn uait pionós a achomarc ar chúis éigin eile, déan teagmháil linn agus déanfaimid athbhreithniú láithreach ar an gceist.
Má theastaíonn uait litir phionóis a d’eisigh Euro Parking Collection a achomharc, cliceáil anseo.