Nílim cinnte ar chailleas spriocam dola an M50


View all FAQs

Nílim cinnte ar thrasnaigh mé an dolaphointe.

m50 toll sign

Mura bhfuil tú cinnte ar thrasnaigh tú an dolaphointe, seiceáil an raibh an dolaphointe idir Acomhal 7 (Baile Bhlainséir) agus Acomhal 7 (Leamhcán) ar do bhealach. Tá na ceamaraí dola suite ar an droichead os cionn an M50 agus tá comharthaíocht lena aithint mar atá le feiceáil ar an íomhá thuas. 

Ar ais go dtí an Barr

Nílim cinnte ar chailleas spriocam dola an M50

Mura bhfuil tú cinnte ar chaill tú spriocam Dola an M50, tá sé an-fhurasta a sheiceáil. Murar íoc tú as an turas tríd dola an M50 roimh 8pm an lá tar éis duit taisteal, tá an spriocam íocaíochta caillte agat.

Eiseoidh eFlow litir phionóis d'úinéir cláraithe na feithicle sula i bhfad. Má tá a fhios agat go bhfuil an spriocam íocaíochta caillte agat ach nach bhfuair tú an litir go fóill cliceáil anseo le haghaidh breis eolais. 

Ar ais go dtí an Barr

Measaim go bhféadfadh seanphionóis a bheith ar mo chláruimhir

Meas tú go bhféadfadh seanphionóis a bheith ar do chláruimhir?
 Seiceáil ar  ‘Íoc Pionós’ ar eFlow.ie. Chun é sin a dhéanamh caithfidh tú cliceáil anseo agus do chláruimhir a iontráil agus Uimhir Thagartha Turais ó aon litir a fuair tú ó eFlow maidir le turas san fheithicil sin.

Mura bhfuil litir in aice láimhe agat ó eFlow nó más é seo an chéaduair duit ag plé le dola M50, déan teagmháil linn arTwitter nó Facebook agus féachaimid ar an gcúram duit.

Ar ais go dtí an Barr

***Tabhair faoi deara***

Na haistir faoi dhola lenar tabhaíodh pionóis agus ar tugadh ar láimh chuig ár n-aturnaetha; ní nochtfar iad ar chuid ‘Mo Chuntas’ den láithreán gréasáin seo. Le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le duine amháin dár n-ionadaithe cúraim chustaiméirí abhus


Úsáideann an láithreán gréasáin seo fianáin, trí leanúint ar aghaidh, comhaontaíonn tú lena n-úsáid.
Foghlaim níos mó faoi fhianáin agus conas iad a bhainistiú.

X