Mura bhfuil tú cinnte ar thrasnaigh tú an dolaphointe, seiceáil an raibh an dolaphointe idir Acomhal 7 (Baile Bhlainséir) agus Acomhal 7 (Leamhcán) ar do bhealach. Tá na ceamaraí dola suite ar an droichead os cionn an M50 agus tá comharthaíocht lena aithint mar atá le feiceáil ar an íomhá thuas.
Mura bhfuil tú cinnte ar chaill tú spriocam Dola an M50, tá sé an-fhurasta a sheiceáil. Murar íoc tú as an turas tríd dola an M50 roimh 8pm an lá tar éis duit taisteal, tá an spriocam íocaíochta caillte agat.
Eiseoidh eFlow litir phionóis d'úinéir cláraithe na feithicle sula i bhfad. Má tá a fhios agat go bhfuil an spriocam íocaíochta caillte agat ach nach bhfuair tú an litir go fóill cliceáil anseo le haghaidh breis eolais.
Meas tú go bhféadfadh seanphionóis a bheith ar do chláruimhir?
Seiceáil ar ‘Íoc Pionós’ ar eFlow.ie. Chun é sin a dhéanamh caithfidh tú cliceáil anseo agus do chláruimhir a iontráil agus Uimhir Thagartha Turais ó aon litir a fuair tú ó eFlow maidir le turas san fheithicil sin.
Mura bhfuil litir in aice láimhe agat ó eFlow nó más é seo an chéaduair duit ag plé le dola M50, déan teagmháil linn arTwitter nó Facebook agus féachaimid ar an gcúram duit.