Má chaill tú an spriocam íocaíochta ach níl litir phionóis faighte agat, fan go bhfaighidh tú an litir sula ndéanann tú íocaíocht. Beidh an Uimhir Thagartha Turais ar an litir phionóis ag teastáil chun an íocaíocht a dhéanamh.
Mura n-íocann tú ach an dola gan an pionós a íoc, beidh an pionós fós le híoc ar d'fheithicil. Ní féidir pionós a íoc ar shuiomh gréasáin eFlow gan Uimhir Thagartha Turais agus is fearr mar sin fanacht ar an litir. Sa chaoi sin beidh gach rud réidh agat in aon bheart amháin.
Mura n-íoctar an méid iomlán gearrfar pionóis bhreise
Ón uair a thagann do litir phionóis, tá 14 lá ó dháta a eisiúna leis an méid iomlán atá dlite a íoc. Mura n-íocann tú an t-iarmhéid iomlán laistigh de 14 lá, gearrfar pionóis bhreise.
Má chailleann tú an spriocam íoctha dola eFlow, gheobhaidh tú rud ar a nglaoimid 'Céad Fhógra Pionóis' (STR). Is éard atá sa 'Céad Fhógra Pionóis' ná sonrasc ó eFlow le haghaidh chostas an dola agus pionós €3.00 as an spriocam íocaíochta a chailleadh. Tá 14 lá ó dháta a eisiúna agat chun íoc as an turas agus as an gcéad phionós; mura ndéantar gearrfar pionós €41.00 sa bhreis.
Ón uair a fhaigheann tú an litir phionóis is próiseas réasúnta símplí é. Téigh go dtí eFlow.ie agus cliceáil ‘Íoc Pionós’. Is féidir leat an litir phionóis a thabhairt freisin go dtí aon siopa miondíola Payzone agus an t-iarmhéid a íoc ansin.
Chun íoc as turas tar éis duit an sprioc a chailleadh ach sula bhfaigheann tú an litir phionóis, caithfidh an Uimhir Thagartha Turais a bheith agat.
Chun é sin a dhéanamh caithfidh tú cliceáil anseo agus do chláruimhir a iontráil agus Uimhir Thagartha Turais ó litir a fuair tú cheana ó eFlow maidir le turas san fheithicil sin.
Mura bhfuil litir agat ó eFlow nó más é seo an chéaduair duit ag plé le pionós ó eFlow, déan teagmháil linn arTwitter nó Facebook agus féachaimid ar an gcúram duit.