Cosaint Sonraí


View all FAQs

Cad iad na hAchtanna um Chosaint Sonraí reatha?

Is iad  na hAchtanna um Chosaint Sonraí (ACS) 1988 agus 2003 na hAchtanna um Chosaint Sonraí reatha. 

Ar ais go dtí an Barr

Cad chuige na hAchtanna um Chosaint Sonraí reatha?

Tá  na hAchtanna um Chosaint Sonraí ann chun an úsáid a bhaintear as faisnéis phearsanta laistigh d'eagraíochtaí a rialú. Tá siad ann freisin chun ceart dlíthiúil a chruthú do dhaoine aonair rochtain ar a bhfaisnéis phearsanta a éileamh.

Ar ais go dtí an Barr

Cad iad príomhailt na nAchtanna um Chosaint Sonraí?

Deirtear sna hAchtanna um Chosaint Sonraí go gcaithfidh aon eagraíocht a phróiseálann faisnéis phearsanta a bheith oscailte faoi conas a úsáidtear an fhaisnéis agus caithfidh siad cloí leis na hocht bpionsabal cosanta sonraí seo a leanas.

  1. An fhaisnéis phearsanta a fháil agus a phróiseáil go cóir agus go dleathach.
  2. An fhaisnéis phearsanta a choimeád do shainchuspóir amháin nó níos mó, atá follasach agus dleathach
  3. Na sonraí pearsanta a úsáid agus a nochtadh ar shlite atá comhoiriúnach leis na cuspóirí dá bailíodh iad amháin
  4. Sonraí pearsanta a choimeád slán agus sábháilte
  5. Sonraí pearsanta a choimeád cruinn, iomlán agus nuashonraithe
  6. Deimhin a dhéanamh de gur leor í, go bhfuil na sonraí pearsanta a bailíodh ábharthach agus nach bhfuil an iomarca ann
  7. Gan sonraí pearsanta a choimeád níos sia ná mar atá riachtanach don chuspóir nó do na cuspóirí
  8. Cóip a thabhairt duit de do shonraí pearsanta, ar iarratas

Ar ais go dtí an Barr

Cad iad na cearta rochtana atá agam ar an bhfaisnéis fúmsa atá i seilbh eFlow?

Faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí tá an ceart ag duine aonair, faoi réir díolúintí áirithe;

  1. Cóip a fháil de na sonraí atá ag eagraíocht faoi nó fúithi
  2. A bheith ar an eolas faoi chatagóirí a gcuid sonraí agus na cuspóirí ar a bpróiseáltar iad
  3. Aitheantas aon duine eile a nochtann siad do shonraí pearsanta dóibh
  4. A bheith ar an eolas faoi fhoinse na sonraí, mura bhfuil sé contrártha don leas coitinn

Má theastaíonn uait leas a bhaint as na cearta seo, scríobh chugainn ag

eFlow, Teach Cape, Páirc Oifigí an Chinn Thiar, Baile Átha Cliath 15 marcáilte lena chur faoi bhráid "Oifigeach Cosanta Sonraí".

Tabhair na mionsonraithe ábhartha dúinn a chuirfidh ar ár gcumas do shonraí a aithint, amhail; Ainm, Seoladh, Cláruimhir Feithicle, Uimhir chuntais eFlow.

Tá oibleagáid de réir dlí ar eFlow do cheist a fhreagairt laistigh de 40 lá.

Ar ais go dtí an Barr

Cén áit ar féidir liom breis eolais a fháil maidir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí?

Tá breis eolais ar na hAchtanna um Chosaint Sonraí ar fáil ach teagmháil dhíreach le hOifig An Choimisinéara Cosanta Sonraí, mar seo:

Oifig An Choimisinéara Cosanta Sonraí
Teach na Canálach
Bóthar an Stáisiúin
Cúil an tSúdaire
Co. Laoise


Íosghlao:  1890 252 231
Fón:         057 868 4800
Faics:        057 868 4757
R-phost:    info@dataprotection.ie
Suíomh Gréasáin: www.dataprotection.ie

Ar ais go dtí an Barr

An sáraíonn oibríocht eFlow ar dhroichead dola an M50 mo chearta cosanta sonraí?

Ní sháraíonn - Bíonn Oifig An Choimisinéara Cosanta Sonraí i mbun plé leanúnach le Bonneagar Iomair Éireann maidir leis an gcóras leictreonach dola. Baineann rochtain theoranta ag aonán príobháideach (sanef its Ireland) le hoibríocht an chórais ar shonraí úinéireachta feithicle, ach tá bonn reachtach ann don rochtain sin (faoi fhorálacha na nAchtanna um Bóithre ábhartha)

Tá sanef its Ireland ag gníomhú, in oibríocht an chórais, faoi choimirce Bhonneagar Iompair Éireann agus, faoi réir conarthaí idir an dá aonán, bheadh sé i dteideal rochtain a fháil ar an bhfaisnéis in imthosca srianta áirithe.

Ar ais go dtí an Barr


View all FAQs or Back