Pionós a Achomharc
Tá eolas ar an leathanach seo do dhaoine a chreideann go bhfuair siad litir phionóis go mícheart agus ar mian leo a gcuid muirear dola a achomharc.
Roghnaigh an rogha oiriúnach le do thoil:
Ní raibh mé ar an M50 ag an am /
Tá mo dhola íoctha agam cheana féin
Má chreideann tú go bhfuair tú litir phionóis go mícheart mar nach raibh d’fheithicil ar an M50 ag an am sonraithe sa litir phionóis nó má tá do dhola íoctha agat cheana féin, táimid ag tabhairt deise duit teachtaireacht a sheoladh chuig ar bhfoireann seirbhísí do chustaiméirí trínár bhfoirm teagmhála. Déanfaidh duine dár ngníomhairí athbhreithniú ar d’fhiosrúchán agus déanfar teagmháil leat a luaithe agus is féidir*.
*Féach, le do thoil, ár gCairt Chustaiméirí chun eolas a fháil maidir lenár n-amanna freagartha leibhéal seirbhíse.
Tá mé cláraithe le soláthraí clibe eile
Má tá tú cláraithe le soláthraí clibe eile agus má tá tú cinnte:
- go bhfuil do chlib suiteáilte i gceart
- go bhfuil do chuntas clibe suas chun dáta
- nár tuairiscíodh go raibh do chlib caillte, goidte, nó damáistithe
- nach bhféadfadh go bhfuil cláruimhir feithicle mhícheart luaite le do chlib
D’fhonn cealú do chuid pionós a lorg agus a chinntiú go mbeidh do chláruimhir feithicle luaite le do chlib as seo amach, cliceáil ar an gcnaipe thíos, le do thoil.