Ráiteas Príobháideachais eFlow
1. Brollach
Is é emovis Operations Ireland a fheidhmíonn láithreán gréasáin eFlow faoi láthair thar ceann Bhonneagar Iompair Éireann (“BIÉ”). Déanann eFlow agus BIÉ do cheart chun príobháideachta a urramú go huile is go hiomlán, agus déileálann siad le gach uile shonra a bhailítear ar an láithreán gréasáin seo de réir na ndlíthe cosanta sonraí is infheidhme.
Bunaíodh BIÉ tar éis cumasc reachtúil an Údaráis um Bóithre Náisiúnta agus na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród faoi Acht na mBóithre 2015. Is é BIÉ an rialaitheoir sonraí maidir leis na sonraí seo agus is é a phríomhsheoladh ná Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Éire.
Is cuideachta Éireannach é emovis Operations Ireland a phróiseálann faisnéis phearsanta faoi láthair thar ceann BIÉ chun an córas dolaí saor ó bhacainn ar mhótarbhealach M50 Bhaile Átha Cliath a oibriú agus chun clibeanna leictreonacha a sholáthar le húsáid ar gach aon bhóthar dola i bPoblacht na hÉireann a bhaineann le seirbhísí dola eFlow. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn:
•Sa phost: An tOifigeach Cosanta Sonraí, eFlow, Teach Cape, Páirc Oifigí an Chinn Thiar, Baile Átha Cliath 15, D15 Y9DV
• trí úsáid a bhaint as ár bhfoirm teagmhála
• trí ríomhphost dataprotection@eflow.ie
Léigh téarmaí an ráitis phríobháideachais seo go cúramach, le do thoil, toisc go measfar, as cuairt a bheith tugtha agat ar an láithreán gréasáin seo, go bhfuil téarmaí an ráitis phríobháideachais seo glactha agat. Más rud é nach bhfuil tú sásta le ráiteas príobháideachais an láithreáin seo, níor chóir duit an láithreán seo a úsáid. B'fhéidir gur mhaith leat súil siar ar ár bhFógra Cosanta Sonraí.
2. Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta
Ní dhéanfaimid aon fhaisnéis aitheantais phearsanta fút a bhailiú nuair a théann tú ar an láithreán gréasáin seo, seachas amháin má roghnaíonn tú an fhaisnéis sin a bheith curtha ar fáil dúinn. Braitheann an t-eolas a bhailímid ar na roghanna a dhéanann tú nuair a théann tú ar an láithreán gréasáin seo.
Má dhéanann tú ábhar ar an láithreán gréasáin seo a bhrabhsáil, a léamh nó a íoslódáil, déanaimid do sheoladh IP, an cineál brabhsálaí atá á úsáid agat agus fad ama do sheisiún úsáideora a bhailiú agus a stóráil go huathoibríoch. Bainimid úsáid as an fhaisnéis seo chun an láithreán seo a dhéanamh a bheith níos úsáidí don chuairteoir, chun fáil amach cad é an líon daoine a théann ar an láithreán gréasáin, chomh maith leis an cineál teicneolaíochta a úsáideann na daoine sin. Ní dhéanaimid faisnéis maidir le daoine aonair a rianú ná a thaifeadadh le linn dóibh an láithreán gréasáin a úsáid. Féadfaimid staitisticí comhiomlána a thiomsú agus a thuairisciú maidir lenár n-úsáideoirí i dtéarmaí lín, patrúin tráchta agus faisnéis atá gaolmhar leis an láithreán. Ní áireofar le haon staitistic dá leithéid sin aon fhaisnéis aitheantais phearsanta.
Féadfar duit roghnú sonraí pearsanta a sholáthar dúinn a bhaineann le cuid de na seirbhísí a chuirtear ar fáil ar an láithreán gréasáin do chuntas eFlow a chlárú agus a bhainistiú, mar shampla, chomh maith le híocaíocht a dhéanamh nó teagmháil a dhéanamh linn maidir le d’fhiosrúchán.
Má osclaíonn tú cuntas, iarraimid ort d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist/seoladh poist, uimhir theileafóin teagmhála, cláruimhir, agus sonraí cárta creidmheasa, cárta dochair nó dochair dhírigh a chur ar fáil dúinn. Úsáidimid na sonraí sin chun críocha d’íocaíocht(aí) dola a phróiseáil agus do chuntas eFlow a bhainistiú. Ní bhailímid aon sonraí níos pearsanta ná mar is gá chun na críocha seo.
Tá rogha ag úsáideoirí an M50, nach mian leo clárú le eFlow, íocaíocht a dhéanamh ar an láithreán gréasáin seo trí úsáid a bhaint as an tsaoráid ‘Pay a Toll’, ‘Pay a Penalty’. Chun na críche sin, iarraimid ort an chláruimhir, uimhir thagartha an turais agus na sonraí cárta creidmheasa nó dochair a chur ar fáil dúinn. Má theastaíonn admháil uait, iarrfaimid ar do sheoladh ríomhphoist nó seoladh poist a fháil uait.
Is féidir le húsáideoirí an M50 atá cláraithe le soláthraí clibeanna eile, ach a fuair litir phionóis eFlow, an pionós a achomharc ar an láithreán gréasáin seo trí úsáid a bhaint as an rogha ‘Appeal a Penalty’. Iarrfaimid ort an fhoirm a chomhlánú ina n-iarrtar ort uimhir thagartha an turais, do chláruimhir, soláthraí an chib agus d’uimhir chlib.
Aon uair a úsáideann tú foirm ‘déan teagmháil linn’ chun cumarsáid a dhéanamh linn, féadfar go roghnófá na rudaí seo a leanas a sholáthar dúinn:
• Ainm Iomlán, seoladh ríomhphoist/poist, uimhir theileafóin;
• Uimhir chuntais/Cláruimhir feithicle;
• Cáipéisí ceangailte (cruthúnas ar íocaíochtaí, srl.)
Ní úsáidtear an fhaisnéis arna bailiú ach amháin chun déileáil le d’fhiosrú. Déantar do chuid sonraí pearsanta a stóráil go sábháilte agus ní coimeádtar iad níos faide ná mar is gá leis.
Ó am go ham, féadfaimid teagmháil a dhéanamh leat, le do thoiliú, ag baint úsáide as do sheoladh ríomhphoist maidir le Suirbhéanna Sástachta Custaiméirí. Tá sé de cheart agat diúltú a dhéanamh an ríomhphost a fháil uainn ach ríomhphost a chur chugainn ag dataprotection@eflow.ie nó litir a chur chugainn
3. Cuspóir na Próiseála agus an Bunús Dlí Léi
Próiseálann eFlow sonraí pearsanta chun:
(a) a chinntiú go bhfaightear íocaíocht ó gach uile úsáideoir bóithre a úsáideann seirbhísí eFlow i gcomhréir le hoibleagáidí reachtúla BIÉ;
(b) seirbhísí a fháil ó sholáthraithe seirbhíse tríú páirtí;
(c) freagra a thabhairt ar cheisteanna agus ar ghearáin ón bpobal; agus
(d) cloí leis na hoibleagáidí reachtúla eile atá ar BIÉ.
Is é an bunús dlí atá ag BIÉ chun an t-eolas seo a bhailiú agus a úsáid ná go bhfuil gá ann lena leithéid de phróiseáil ionas go gcomhlíonfaimis leis na hoibligeáidí dlíthiúla agus rialúcháin atá ag BIÉ agus ionas gur féidir le BIÉ na cúraim atá againn a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail agus/nó agus muidne ag feidhmiú de réir an údaráis oifigiúil a cuireadh in BIÉ. In imthosca teoranta áirithe, féadfar gur ar bhonn toiliú a bheith tugtha agat leis go mbeidh do chuid sonraí pearsanta próiseáilte - nuair is amhlaidh an cás iarrfar ort léiriú dearfach a thabhairt ar an toiliú sin.
Is é an bunús dlí lena ndéanaimid catagóirí speisialta sonraí a bhaineann leat a bhailiú, a phróiseáil agus a aistriú (m.sh. má éilíonn tú díolúine ó dholaí a íoc ar fhorais stádas míchumais feithicle/tiománaí, féadfar go n-iarrfaí ar chruthúnas go bhfuil an fheithicil athraithe chomh maith le faisnéis faoi do stádas míchumais) sa tslí a thuairiscítear thuas ná:
(a) go bhfuil sé riachtanach ar mhaithe le leas poiblí substaintiúil; agus
(b) go bhfuil do thoiliú sainráite tugtha agat le próiseáladh dá leithéid a bheith déanta.
4. Nochtadh Sonraí Pearsanta
Féadfar dúinn do chuid sonraí pearsanta a nochtadh d'eagraíochtaí eile maidir leis na cuspóirí thuas, sna cúinsí seo a leanas:
(a) Is féidir linn sonraí pearsanta a chomhroinnt lenár ngníomhairí, lenár gconraitheoirí agus lenár soláthraithe seirbhíse a chabhraíonn linn oibriú gnéithe dár seirbhísí agus dár bhfeidhmeanna, leithéidí ár bpróiseálaí cártaí íocaíochta, ar gconraitheoirí baincéireachta agus clódóireachta/comhfhreagrais poist, eintiteas forfheidhmithe eFlow, Údaráis Cláraithe Feithicle i dTíortha Eachtracha agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí.
(b) Sa chás go gceapfaimid oibreoir nua eFlow, féadfaimid sonraí pearsanta a roinnt leis an oibreoir nua sin chun an t-aistriú chuig an oibreoir nua a éascú agus an leanúnachas seirbhíse a chinntiú do chustaiméirí eFlow le linn na hidirthréimhse.
(c) Sa chás go gcuireann tú barúil nó gearán nó ceist isteach chugainn maidir le hábhar nach bhfuilimid freagrach as, iarrfaimid cead ort do theachtaireacht a chur ar aghaidh chuig an tríú páirtí ábhartha.
(d) Sa chás go bhfuil sé de dhualgas orainn sonraí pearsanta a nochtadh nó a chomhroinnt chun aon oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, nó chun cearta, maoin nó sábháilteacht eFlow, ár gcustaiméirí, nó daoine eile a chosaint. Féadfar dúinn faisnéis a chomhroinnt faoin dóigh a gníomhaíonn tú do chuntas le gníomhaireachtaí tagartha creidmheasa.
(e) Nuair is gá, nó nuair is ceadaithe de réir an dlí, is féidir linn do chuid sonraí pearsanta a roinnt le húdaráis eile agus le comhlachtaí poiblí eile, ar nós na nGardaí nó údaráis forfheidhmithe dlí eile chun an choireacht a chosc, a imscrúdú nó a bhrath.
(f) I dtaca le hidirbhearta dola in-inoibritheacha a sholáthar in Éirinn, is féidir linn do shonraí pearsanta a nochtadh d'oibreoir comhoiriúnach ábhartha.
(f) Féadfaimid sonraí pasáiste dola a chomhroinnt le príomhpháirtithe leasmhara, i.e. an Roinn Iompair chun críche taighde agus anailíse staidrimh.
(h) Chun comórtais a oibriú thar ceann BIÉ, is féidir linn d’ainm, do sheoladh ríomhphoist agus do roghanna margaíochta a chuir tú ar fáil dúinn a nochtadh, ach amháin do thoiliú a bheith faighte againn chuige sin.
(i) Nuair a cheadaítear dúinn é a dhéanamh ar aon bhealach eile de réir an dlí.
5.Fianáin
Úsáidtear fianáin ar an láithreán gréasáin seo, agus féadfar fianán a bheith curtha i do bhrabhsálaí idirlín dá bharr. Téacsanna beaga is iad fianáin, ina sholáthraítear faisnéis dúinn faoi cé chomh minic a théann duine ar leith ar ár láithreán gréasáin, agus faoin gcineál gníomhaíochta a dhéanann sé ar an láithreán gréasáin le linn na gcuairteanna sin. Níl aon fhaisnéis lenar féidir an duine a shainaithint go pearsanta le fáil sna fianáin iad féin, ach má sholáthraíonn tú faisnéis dúinn, féadfar í sin a nascadh leis na sonraí atá stóráilte sa fhianán.
Mura dteastaíonn uait go nglacfadh do bhrabhsálaí le fianáin, is féidiran rogha glactha fianán a mhúchadh i socruithe an bhrabhsálaí atá á úsáid agat. Féadfar, mar gheall ar tacaíocht fianán a bheith dhíchumasaithe, nach mbeidh an láithreán gréasáin seo in ann feidhmiú i gceart agus seans nach mbeidh tú in ann na gnéithe agus an fhaisnéis go léir atá le fáil ann a úsáid go hiomlán.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin mbealach a n-úsáidtear fianáin ar an láithreán gréasáin seo, cliceáil anseo.
6. Aistrithe go dTíortha Eachtracha
Maidir leis an méid thuas, féadfar do eFlow do shonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, lena n-áirítear chuig dlínse nach n-aithníonn an Coimisiún Eorpach mar cheann a dhéanann soláthar do leibhéal cosanta coibhéiseach le haghaidh sonraí pearsanta mar a fhoráiltear san Aontas Eorpach. Má tharlaíonn sé, agus an oiread is a dhéanann eFlow amhlaidh, deimhneoidh eFlow go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm chun cloí lenár n-oibleagáidí faoin dlí infheidhme a rialaíonn aistrithe den sórt sin, ina bhféadfaí mar chuid de sin conradh a dhéanamh chun an t-aistriú a rialú, ina mbeidh na ‘gnáth-chlásail conarthacha’ a cheadaíonn an Coimisiún Eorpach chun na críche sin agus/nó aon oibligeáidí/socruithe aistrithe eile arna sonrú ag an gCoimisiún. Tá tuilleadh sonraí faoi na bearta a rinne eFlow i dtaca leis seo ar fáil ó Oifigeach Cosanta Sonraí eFlow, ach na sonraí teagmhála ar Leathanach 2 thuas a úsáid.
7. An tSlándáil
Chun críocha slándála láithreáin ghréasáin agus chun a chinntiú go mbeidh an láithreán gréasáin seo ar fáil do gach uile úsáideoir, úsáidtear cláir bhogearraí ar ár gcóras ríomhaireachta chun monatóireacht a dhéanamh ar an trácht líonra chun iarrachtaí neamhúdaraithe chun faisnéis a uaslódáil nó a athrú nó chun damáiste a dhéanamh ar aon shlí eile a bhrath. Tá cosc iomlán ar iarrachtaí neamhúdaraithe chun faisnéis a uaslódáil nó a athrú ar an láithreán gréasáin seo agus d’fhéadfadh sé a bheith inphionóis faoin dlí.
Tionólfar do shonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil dúinn ar fhreastalaithe slán arna n-óstáil ag emovis operations Ireland. Mar gheall ar an tslí ina bhfeidhmíonn an idirlíon go bunúsach, ní féidir linn ráthaíocht a thabhairt do shlándáil aon eolais a tharchuireann tú chugainn ar líne. Mar sin féin, déanaimid gach beart réasúnach (lena n-áirítear bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla cuí) chun do chuid sonraí pearsanta a chosaint.