Cén fáth ar Cheart dom Clárú?
Is é eFlow soláthraí ceannródaíoch réitigh dholála na hÉireann. Déanann siad freastal ar bhreis agus leathmhiliún custaiméir i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart na hÉireann. Tugaimid an rogha do chustaiméirí pearsanta agus gnó araon chun clárú do chuntas Clibe nó cuntas Físeáin a úsáidtear go heisiach le eFlow. Tá dhá ghnáthrogha íocaíochta ann: íocaíocht bille agus breisiú.
Anseo ag eFlow, is tusa agus do thuras is tábhachtaí dúinn. Tá ár bhfoireann seirbhísí do chustaiméirí, a bhain gradam amach, atá lonnaithe i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath, i gcónaí réidh chun do chuid fiosrúchán a fhreagairt agus chun a oiread stró a bhaint de do chuid turas agus is féidir.
Na Tairbhí*
Clib
- Laghdú €1.00 ar gach turas ar an M50 i gcás cuntais Chlibe
- Níl aon spriocdháta íocaíochta i gceist an lá dar gcionn
- Billeáil mhíosúil nó breisithe
- Bainistíocht cuntais ar líne – miondealú ar íocaíochtaí agus turais; do shonraí billeála agus pearsanta a chur in eagar
- *Tá bainisteoirí cuntais uathúla an tionscail tiomanta do do ghnó agus tá siad réidh le do chuid cheisteanna a fhreagairt
- Oibríonn clibeanna ar fheithiclí a cláraíodh ar dtús in Éirinn agus thar lear
- *Laghdú ar tháillí riaracháin Chlibeanna i gcás cuntais mhóra Flít
Físeán
- Laghdú €0.50 ar gach turas i gcás cuntais Físeáin
- Ní féidir ach an M50 amháin a úsáid
- Níl aon spriocdháta íocaíochta i gceist an lá dar gcionn
- Níl aon táille mhíosúil bhainistíochta le híoc
- Billeáil mhíosúil nó breisithe
- Bainistíocht cuntais ar líne – miondealú ar íocaíochtaí agus turais; do shonraí billeála agus pearsanta a chur in eagar
- *Tá bainisteoirí cuntais uathúla an tionscail tiomanta do do ghnó agus tá siad réidh le do chuid cheisteanna a fhreagairt
* Custaiméirí Gnó eFlow amháin.