eFlow: Fógra Príobháideachais Aip MyTolls
1.1 Is é Bonneagar Iompair Éireann (“BIÉ”) ainm oibriúcháin an Údaráis um Bóithre Náisiúnta i ndiaidh scaoileadh na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród agus aistriú a feidhmeanna chuig an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta de réir Acht na mBóithre, 2015. Is é seo a leanas príomhsheoladh BIÉ - Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Éire.
1.2 Tá Turas Mobility Services Ltd (“Turas”) ceaptha ag BIÉ chun seirbhísí dola agus seirbhísí eile a chur ar fáil a bhaineann le hoibriú an chórais dola gan bhacainn eFlow ar mhótarbhealach an M50 i mBaile Átha Cliath, lena n-áirítear suíomh gréasáin eFlow.ie a chur ar fáil agus Aip MyTolls: eFlow (an “Aip”).
1.3 De bhrí go bhfuil Turas freagrach as an Aip a chur ar fáil thar ceann BIÉ, go ginearálta tá sé ag feidhmiú mar phróiseálaí aon sonraí pearsanta a bhailítear agus a phróiseáiltear tríd an Aip seo. Ciallaíonn sé sin go bhfuil BIÉ freagrach as na sonraí seo a phróiseáil ina ról mar rialaitheoir sonraí den chineál sin.