Cúlra Meirge
Document

eFlow: Téarmaí Úsáide Aip MyTolls

LÉIGH NA TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA SEO A LEANAS GO CÚRAMACH. SNA TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA SEO (NA DOICIMÉID DÁ dTAGRAÍONN SIAD LE CHÉILE) LEAGTAR AMACH AN BONN AR A bhFUIL TÚ I dTEIDEAL EFLOW A ÍOSLÓDÁIL, A SHUITEÁIL AGUS A ÚSÁID: AIP MYTOLLS (AN “AIP”).

MÁ ÍOSLÓDÁLANN, MÁ SHUITEÁLANN NÓ MÁ ÚSÁIDEANN TÚ AN AIP, DEIMHNÍONN TÚ GO nGLACANN TÚ LEIS NA TÉARMAÍ SEO AGUS AONTAÍONN TÚ A BHEITH FAOI CHEANGAL NA dTÉARMAÍ SEO. MURA N-AONTAÍONN TÚ LEIS NA TÉARMAÍ SEO, BA CHEART DUIT ÉIRIGH AS AN AIP A ÚSÁID AGUS Í A DHÍSHUITEÁIL Ó DO GHLÉAS LÁITHREACH.

1.1 Tá na téarmaí agus fógraí breise seo a leanas i bhfeidhm i ndáil leis an úsáid a bhaineann tú as an Aip freisin, sa bhreis ar na Téarmaí Úsáide seo:

  • Ár eFlow: Fógra Príobháideachais Aip My Tolls agus Beartas Fianán Aip My Tolls: eFlow ina leagtar amach (i) sonraí maidir leis na sonraí pearsanta a bhailímid uait nó a chuireann tú ar fáil dúinn i ndáil leis an úsáid a bhaineann tú as an Aip; agus (ii) faisnéis maidir leis na fianáin ar an Aip.
  • Má chláraíonn tú cuntas cláraithe iomlán le eFlow chun dolaí a íoc ag an ráta custaiméara cláraithe laghdaithe, rialóidh Téarmaí agus Coinníollacha Chuntas eFlow (Custaiméir Cláraithe) oscailt agus oibriú an chuntais sin.
  • Má chruthaíonn tú Próifíl Mhear-rochtana ar an Aip, rialóidh Téarmaí & Coinníollacha na Próifíle Mear-rochtana oibriú na próifíle sin. 

1.2 Tá faisnéis i ndáil le próiseáil do shonraí pearsanta nuair a úsáideann tú Bóthar Dola an M50 (Córas Dolaí gan Bhacainn an M50) ar fáil ar leithligh ag cuir isteach nasc chuig fógra cosanta sonraí eFlow.

2.1 Is é Bonneagar Iompair Éireann (“BIÉ”) ainm oibriúcháin an Údaráis um Bóithre Náisiúnta (“ÚBN”)  i ndiaidh scaoileadh na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród agus aistriú a feidhmeanna chuig an ÚBN de réir Acht na mBóithre, 2015.   Is é seo a leanas príomhsheoladh BIÉ - Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10.

2.2 Tá Turas Mobility Services Ireland Limited (“Turas”) ceaptha ag BIÉ chun seirbhísí a sholáthar i ndáil le hoibriú Chóras Dolaí Gan Bhacainn an M50 agus eFlow, lena n-áirítear oibriú na hAipe.

2.3 Sna Téarmaí Úsáide seo tagraíonn “muid” nó “ár” do BIÉ, nó Turas ag feidhmiú thar ceann BIÉ. 

3.1 Ceadaítear úsáid a bhaint as an Aip chun críche brabhsála agus tairbhe a bhaint as seirbhísí a thairgtear ar an Aip (cosúil le Dola a íoc, Cuntas eFlow cláraithe nó Próifíl Mhear-rochtana a oibriú/a bhainistiú).  Tá dianchosc ar aon úsáid eile a bhaint as ábhar agus bogearraí ar an AIP, lena n-áirítear atáirgeadh, modhnú, dáileadh, tarchur, athfhoilsiú nó taispeáint an ábhair ar an AIP gan cead sainráite a fháil uainn.

3.2 Ní féidir an Aip nó aon chuid den Aip a atáirgeadh, a dhúbailt, a chóipeáil, a dhíol, a athdhíol nó a úsáid ar shlí eile chun aon chríche tráchtála nach bhfuil ceadaithe go sainráite againn.

3.3 Níor cheart duit aon mhí-úsáid a bhaint as an Aip trí víris, traígh, péisteanna, buamaí loighce nó ábhar eile atá mailíseach nó díobhálach a úsáid go feasach nó go místuama.  Níor cheart duit iarracht a dhéanamh rochtain neamhúdaraithe a fháil ar an Aip, an freastalaí ar a bhfuil an Aip stóráilte nó aon fhreastalaí, ríomhaire nó bunachar sonraí atá nasctha leis an Aip.  Níor cheart duit ionsaí a dhéanamh ar an Aip trí ionsaí diúltaithe seirbhíse nó ionsaí diúltaithe seirbhíse dáilte.

3.4 Coimeádaimid an ceart chun rochtain ar an Aip agus/nó ar na seirbhísí atá le fáil san aip a dhiúltú de réir lánrogha, lena n-áirítear, gan teorainn, má chreidimid go sáraíonn iompar áirithe dlí infheidhme, go bhfuil sé díobhálach dár leasanna nó má tá na Téarmaí Úsáide seo á shárú aige.

4.1 Aontaíonn agus admhaíonn tú leis seo go bhfuil an Aip agus an t-ábhar ar fad atá le fáil ar an Aip dílsithe do BIÉ nó dá cheadúnóir agus go bhfuil sé cosanta ag cóipcheart infheidhme agus/nó ag cearta maoine intleachtúla eile. Tugaimid ceadúnas neamh-inaistrithe, neamheisiach duit chun cóip neamhbhuan atá stóráilte go leictreonach den Aip seo nó de shleachta nó codanna de a dhéanamh, chun críocha féachaint orthu ar líne díreach faoi réir na dTéarmaí seo, ár bhFógra Príobháideachais Aip My Tolls: eFlow agus Beartas Fianán Aip My Tolls: eFlow agus téarmaí agus coinníollacha Sheirbhísí Apple Media agus téarmaí agus coinníollacha Google Play a ionchorpraítear trí thagairt ach ní féidir leat ábhar nó bogearraí bunúsacha na hAipe a athrú, a chóipeáil, a stóráil, a fhoilsiú, a ligean ar cíos, a cheadúnú, a dhíol nó a dháileadh ar shlí ar bith nó saothair dhíorthaigh bunaithe ar an Aip a chruthú. Coimeádaimid gach ceart eile. 

4.2 Admhaíonn tú agus aontaíonn tú leis seo (i) nach ionann na Téarmaí seo agus cead nó rún nó gealltanas chun aon cheart, teideal nó leas eile a cheadú i gcearta maoine intleachtúla na hAipe nó BIÉ nó ár gceadúnóirí duitse seachas mar atá leagtha amach sa cheadúnas thuas; agus (ii) ní féidir leat aon chuid den Aip a dhíol ná a aistriú chuig aon tríú páirtí nó an Aip a úsáid ar bhealach chun do tháirgí féin nó táirgí tríú páirtithe a tháirgeadh, a chur ar an margadh nó chun tacú leo. 

4.3 Gan toiliú i scríbhinn a fháil roimh ré ní chóipeálfaidh tú, ná ní stórálfaidh, ní foilseoidh, ní ligfidh tú ar cíos, ní cheadúnóidh tú, ní mhodhnóidh tú, ní dhíolfaidh tú ná ní dháilfidh tú, ar bhealach ar bith, aon chuid den Aip, ábhair na hAipe nó a bogearraí bunúsacha nó ní dhéanfaidh tú ais-innealtóireacht, díthiomsú nó díchóimeáil ar an Aip nó ar aon chuid den Aip.

5.1 Admhaíonn agus aontaíonn tú leis seo go bhfuil an Aip ar fáil le húsáid ‘mar atá’ agus ‘mar atá ar fáil’, gan aon bharánta de chineál ar bith agus, gan dochar do choitiantacht an mhéid thuasluaite, ní thugaimid aon bharánta maidir le, agus ní bheidh aon fhreagracht orainn maidir le, cruinneas, infhaighteacht, iontaofacht, slándáil, oiriúnacht don fheidhm nó feidhmiú na hAipe nó ábhar na hAipe. 

5.2 Seachas mar atá leagtha amach go sainráite sna Téarmaí Úsáide seo, tá gach uiríoll, baránta, téarma agus coinníoll, cibé acu sainráite nó tugtha le fios i ndáil leis an Aip nó an fhaisnéis atá le fáil anseo, eisiata a mhéid is féidir a cheadaítear de réir an dlí. 

5.3 De bhrí nach féidir linn a ráthú go mbeidh an Aip saor ó locht nó go mbeidh an fhaisnéis atá le fáil san Aip ceart, aontaíonn tú nach mbeimid faoi dhliteanas d’aon chaillteanas nó damáiste a eascraíonn as nó i ndáil leis an Aip nó ábhair na hAipe, cibé acu faoi theoiricí conartha, torta (faillí san áireamh), diandliteanas nó ar shlí eile.

6.1 Mar gheall ar nádúr domhanda aipeanna agus an Idirlín, aontaíonn tú gach dlí áitiúil maidir le hiompar ar líne a chomhlíonadh.

7.1 Féadfaimid, de réir lánrogha, seirbhísí a chur ar fáil duit lena n-áirítear cuntas, seirbhísí íocaíochta, agus seirbhísí nuachta agus faisnéise. Aontaíonn tú na téarmaí agus coinníollacha ar a gcuirfear aon chineál seirbhísí dá leithéid ar fáil duit mar atá leagtha amach sna Téarmaí Úsáide seo agus in áiteanna eile san Aip, lena n-áirítear e.g. Téarmaí agus Coinníollacha Chuntas eFlow (Custaiméir Cláraithe), a chomhlíonadh.

7.2 Coimeádaimid an ceart chun aon seirbhís nó gach seirbhís a fhoirceannadh, a aistarraingt, a shrianadh, a athrú, a fhairsingiú nó a athbhunú agus aon ghné dár nAip (lena n-áirítear an rochtain atá agat ar an Aip) a nuashonrú, a athrú, a chur ar fionraí nó a scor, gan fógra a thabhairt ag am ar bith agus le haghaidh cúis ar bith agus gan dliteanas.

7.3 Ó am go ham, féadfaimid an Aip a nuashonrú go huathoibríoch agus an tseirbhís a athrú chun feidhmíocht a fheabhsú, feidhmiúlacht a fheabhsú, athruithe ar an gcóras oibriúcháin a chur san áireamh agus déileáil le haon saincheist slándála. Nó, féadfaimid a iarraidh ort an Aip a nuashonrú le haghaidh na gcúiseanna seo. Má roghnaíonn tú gan a leithéid de nuashonruithe a shuiteáil nó má dhíliostálann tú ó nuashonruithe uathoibríocha b’fhéidir nach mbeimis in ann leanúint ar aghaidh leis an Aip agus leis na seirbhísí a úsáid.

8.1 D’fhéadfadh naisc le suíomhanna gréasáin a bhfuil tríú páirtithe freagrach astu a bheith le fáil san Aip. Is chun cabhrú leat amháin a chuirtear a leithéid sin de naisc ar fáil. Níl aon smacht againn ar na suíomhanna gréasáin seo, agus nílimid freagrach as a n-infhaighteacht nó as an ábhar atá le fáil orthu. 

Ní thugann naisc le suíomhanna gréasáin den chineál sin a bheith ar fáil ar an Aip le tuiscint go bhfuiltear ag formhuiniú an ábhair ar a leithéid sin de shuíomhanna gréasáin nó go bhfuil aon bhaint acu lena n-oibritheoirí. 

9.1 Ionas gur féidir codanna áirithe den Aip a úsáid, ceanglaítear ort clárú linn. Sampla amháin is ea go ndéanann tú iarratas ar agus go gcláraíonn tú Cuntas eFlow nó Próifíl Mhear-rochtana (ar fáil díreach ar an Aip). Tá na sonraí a chuireann tú ar fáil nuair a chláraíonn tú tábhachtach agus ní mór go mbeidís fíor agus cruinn. Má thagann aon athrú ar na sonraí seo, taifead iad trí logáil isteach ar do chuntas/do phróifíl agus cuir d’fhaisnéis in eagar. 

9.2 Má roghnaíonn tú, nó má chuirtear pasfhocal ar fáil duit nó aon phíosa faisnéise eile mar chuid dár nósanna imeachta slándála, ní mór duit caitheamh lena leithéid d’fhaisnéis mar fhaisnéis rúnda agus níor cheart duit an t-eolas sin a chur ar fáil d’aon tríú páirtí. Aontaíonn tú fógra a thabhairt dúinn láithreach má chailltear nó má bhaintear mí-úsáid as do phasfhocal. Faoi réir seiceálacha slándála oiriúnacha, eiseofar pasfhocal nua chugat nó seolfar leid chugat chun do phasfhocal a athrú. 

10.1 Má thugann tú faoi deara gur sháraigh tú aon cheann de na téarmaí atá le fáil sna Téarmaí Úsáide seo féadfaimid gníomh ceartaitheach a dhéanamh láithreach lena n-áirítear cosc a chur ort ó rochtain a fháil air agus/nó ó úsáid a bhaint as na seirbhísí a thairgeann an Aip seo agus aon fhaisnéis, sonraí agus ábhar de do chuid ar an Aip a bhaint, am ar bith agus gan fógra a thabhairt. Más rud é gur gortaíodh thú mar thoradh ar do shárú féadfaimid, de réir lánrogha, iarracht a dhéanamh damáistí a aisghabháil nó foirmeacha eile de chúiteamh airgeadaíochta a fháil uait. 

11.1 Féadfaimid, ó am go ham, na Téarmaí Úsáide seo agus aon doiciméad dá dtagraítear iontu a leasú.  Sonrófar san Aip an dáta is déanaí ar leasaíodh na Téarmaí Úsáide.

12.1 Beidh na Téarmaí Úsáide seo á rialú agus á bhforléiriú de réir dhlíthe na hÉireann agus aontaíonn tú leis seo le dlínse eisiach Chúirteanna na hÉireann. 

Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn, seol ríomhphost chuig dataprotection@eflow.ie.