Is seirbhís íocaíochta éasca le húsáid í Mear-rochtain atá le fáil laistigh den aip My Tolls: eFlow, a cheadaíonn do chustaiméirí neamhchláraithe an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Íocaíochtaí le haghaidh dolaí a dhéanamh.
- Súil a choinneáil ar aistir agus ar íocaíochtaí.
- Fógraí a fháil maidir le haistir déanta chun pionóis a sheachaint.
Ní cuntas eFlow é Mear-rochtain. Níl rátaí dola lascainithe i bhfeidhm. Faigh tuilleadh eolais maidir leis na buntáistí a bhaineann le cuntas eFlow anseo.