Cúlra Meirge
News

Nuacht

Siar Go dtí Nuacht

Athruithe ar Ráta Dola M50 2026

The image shows a motorway with a sign saying "M50" with an arrow. The cars are driving on the road. It has a blue background and an eFlow logo at the top right corner.

Mar ghell ar bhoilsciú méadaithe, tá sé i gceist rátaí dola an M50 a mhéadú ón 1 Eanáir 2026. Beidh na rátaí dola nua seo a leanas i bhfeidhm:

CINEÁL FEITHICLEClib  Físeán  Neamhchláraithe
Gluaisteáin Mótair (suas le hochtar paisinéirí agus tiománaí)€2.60€3.20€3.80
Feithiclí earraí nach mó ná 2,000kg€3.60€4.20€4.90
Busanna nó Cóistí (níos mó ná 8 bpaisinéir)€3.60€4.20€4.90
Feithiclí earraí idir 2,000 kg agus 10,000kg€5.20€5.90€6.50
Feithiclí earraí os cionn 10,000kg€6.50€7.20€7.80

Ón 1 Eanáir 2026, cén tionchar a bheidh ag na hathruithe dola ar úsáideoirí an M50?

  • Athróidh rátaí dola do gach úsáideoir cláraithe (Clib agus cuntas físeáin M50 saor in aisce*).
  • Níl aon mhéadú ann do ghluaisteáin neamhchláraithe le clib ná cuntas físeáin M50 saor in aisce.
  • Athróidh rátaí dola do roinnt úsáideoirí neamhchláraithe:
    • Móide €0.10 do bhusanna nó cóistí neamhchláraithe le níos mó ná 8 paisinéirí, feithiclí earraí nach mó ná 2,000kg, feithiclí earraí idir 2,000kg agus 10,000kg agus feithiclí earraí os cionn 10,000kg.
    • Móide €0.20 do fheithiclí earraí os cionn 10,000kg (lena n-áirítear tarracóirí agus feithiclí altacha) i gcás dolaí físeáin agus móide €0.10 i gcás dolaí clibe.

**Oireann dolaí físeáin ar an M50 go hiontach d’úsáideoirí nach n-úsáideann an dola go minic, agus buntáistí ann ar nós laghdú €0.60 ar gach dola ar an M50, íocaíochtaí uathoibríocha, agus gan a bheith buartha faoin spriocdháta íocaíochta dola.

Is bonneagar poiblí é mótarbhealach an M50 atá faoi úinéireacht Stát na hÉireann agus é riartha ag Bonneagar Iompair Éireann (TII). Oibríonn eFlow an M50 thar ceann TII.

Is foinse ríthábhachtach maoinithe í dolaí chun an Líonra Bóithre Náisiúnta a oibriú agus a chothabháil.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na hathruithe ar rátaí dola, cliceáil anseo.