Cúlra Meirge
News

Nuacht

Siar Go dtí Nuacht

Déanann eFlow Ceiliúradh ar an Rath a bhí ar Choill na nÓg trí Luach €12,000 de Sheomraí Ranga Faoin Aer a chur ar fáil do Scoileanna Buaiteacha

The image shows groups of schools students and some adults in outdoor spaces.

Rinne eFlow, oibritheoir na ndolaí gan bhacainn ar mhótarbhealach an M50 i mBaile Átha Cliath, ceiliúradh ar chur i gcrích na céime is déanaí de thionscnamh Choill na nÓg i gcomhpháirt leis an bhfiontar sóisialta, Bithéagsúlacht i Scoileanna, agus cuireadh seomraí ranga faoin aer luach €12,000 ar fáil do thrí scoil idir Bealtaine-Meitheamh 2026.

Is é Coill na nÓg ceann de na cláir bhithéagsúlachta agus cur crann dúchasach is mó in Éirinn do scoileanna. Trí thacaíocht a fháil ó eFlow ó 2024, spreagann an tionscnamh seo mic léinn chun a bheith rannpháirteach go gníomhach le bithéagsúlacht, gníomhú ar son na haeráide agus foghlaim faoin aer fad is go bhfuil oidhreacht mharthanach timpeallachta laistigh dá bpobail scoile á cinntiú.

Ó cuireadh tús leis an gcomhpháirtíocht, tá beagnach 10,000 crann agus fál sceach dúchasach Éireannach curtha i scoileanna ar fud Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Sa bhliain 2025, chuir an clár leis an obair mhór a rinneadh i rith na bliana tosaigh, tháinig méadú ar an rannpháirtíocht agus tacaíodh le scoileanna chun spásanna níos glaise, níos bithéagsúla a fhorbairt faoin aer.

Mar chuid den tionscnamh, spreagadh scoileanna chun scrúdú a dhéanamh ar choillte agus ar fhálta áitiúla, crainn dhúchasacha a chur agus deis a thabhairt do mhic léinn tairbhe a bhaint as foghlaim faoin timpeallacht ar bhealach praiticiúil. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar agus chun léargas a thabhairt ar a n-aistir bhithéagsúlachta, ghlac scoileanna ar fud na tíre páirt i gcomórtas náisiúnta, roinn siad grianghraif agus físeáin de mhic léinn a bhí i mbun scrúdú a dhéanamh ar an dúlra agus crann a chur, agus a bhí ag foghlaim faoin mbithéagsúlacht trí na meáin shóisialta agus trí aighneachtaí ríomhphoist. 

Dúnadh an comórtas i mí na Nollag 2025 agus fuarthas 133 iontráil ó 96 scoil ar fud na tíre, fianaise ar an bhfonn a bhí ar mhic léinn agus ar mhúinteoirí díriú ar an ngníomh ar mhaithe leis an timpeallacht agus ar an oideachas faoin aer.

Nuair a bhí an próiseas moltóireachta curtha i gcrích, fógraíodh i mí Eanáir 2026 gurb iad na scoileanna seo a leanas na buaiteoirí agus cuireadh seomra ranga faoi aer, a bhí deartha go speisialta, ar fáil dóibh chun tacú le hoideachas agus le gníomhaíochtaí folláine a bhí bunaithe ar an dúlra:

  • CBS Mhainistir na Corann, Corcaigh
  • Croí na Foraoise, An Cabhán
  • Scoil Mhuire, Buiríos Uí Chéin, Tiobraid Árann 

Tá luach €12,000 luaite leis na seomraí ranga faoin aer agus tá siad deartha chun spásanna ar leith a chur ar fáil do mhic léinn agus do mhúinteoirí chun a bheith ag foghlaim faoin aer, chun díriú ar thionscadail bhithéagsúlachta, tionscnaimh folláine agus rannpháirtíocht sa phobal.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag, Mark Nolan, Stiúrthóir Bithéagsúlacht i Scoileanna: “Arís i mbliana léirigh scoileanna ar fud na hÉireann go leor spéise i gCoill na nÓg. Is fianaise í an spéis sin ar an bhfonn atá ar oideoirí nasc a chruthú arís idir daoine óga agus an dúlra, agus tailte scoile ina bhfuil saibhreas bithéagsúlachta a chur ar fáil. Táimid fíorshásta go bhfuil Coill na nÓg páirteach sa ghluaiseacht seo agus ag tacú leis an obair iontach atá á déanamh ag scoileanna chun tacú leis an athrú seo”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Roisin Barton Murray, Bainisteoir Faisnéise Poiblí eFlow Bhonneagar Iompair Éireann: “Tá tionchar dáiríre agus dearfach ag an gclár seo ar scoileanna ar fud na tíre. Tá sé ag cabhrú chun nasc a chruthú idir leanaí agus an dúlra trí chrainn a chur, spásanna pailneora a chruthú agus tacú leis an bhfoghlaim faoin aer. Cúis bhróid do TII a bheith ag tacú le clár a spreag an oiread sin rannpháirtíochta i measc scoileanna ar fud na tíre chun tacú le folláine, cruthaitheacht agus foghlaim ar fud an churaclaim.

Cheana féin, bhí tionchar suntasach ag an gclár ar scoileanna ar fud na tíre. Tá sé ag cabhrú chun nasc díreach a chruthú idir mic léinn agus an dúlra trí chrainn dhúchasacha a chur, spásanna pailneora a chruthú agus tacú leis an bhfoghlaim faoin aer. Thug daoine ó scoileanna a bhuaigh duaiseanna roimhe seo le fios gur moil luachmhara iad a seomraí ranga faoin aer chun tacú le folláine, cruthaitheacht, gníomhaíochtaí bithéagsúlachta agus foghlaim thraschuraclaim.

Is fianaise í tacaíocht leanúnach eFlow do Choill na nÓg ar an ngealltanas atá tugtha aige maidir le hinbhuanaitheacht, feabhsú na bithéagsúlachta agus tacú le pobail trí thionscnaimh timpeallachta fhiúntacha.