Cúlra Meirge
News

Nuacht

Siar Go dtí Nuacht

Tabhair Faoin Turas Gan Pháipéar Linn

The image shows a purple background with multiple trees. The text on top left reads in English "Take the Paperless Journey with Us" with Irish translation underneath "Tabhair Faoin Turas Gan Pháipéar Linn "

Ag eFlow, táimid tiomanta do thuras níos réidhe, níos cliste agus níos inbhuanaithe a chur ar fáil dár gcustaiméirí.  

Sin an fáth in 2025 gur oibríomar chun suíomh gréasáin eFlow nua agus feabhsaithe a fhorbairt, a forbraíodh mar fhreagairt ar aiseolas ó thomhaltóirí, ag tairiscint eispéireas digiteach níos iomasaí agus níos cuíchóirithe.  

I measc phríomhghnéithe an tsuímh ghréasáin nua tá: 

  • Rochtain PIN: Is féidir le custaiméirí amharc ar shonraí iomlána dola agus pionóis anois gan gá cuntas eFlow a chruthú.
  • Sonraí Cárta Sábháilte: Is féidir faisnéis íocaíochta a stóráil go slán chun idirbhearta níos tapúla amach anseo a chumasú.
  • Seiceáil Dola Tapa: Trí uimhir chláraithe feithicle a chur isteach mar aon le dáta agus am an turais M50 dheireanaigh, is féidir le custaiméirí aon mhuirir gan íoc a sheiceáil láithreach. 

Inbhuanaitheacht  

In 2024, chuir eFlow 3 mhilliún leathán páipéir sa phost – ag giniúint astuithe CO2 atá inchurtha le carr a thiomáint 141,667 ciliméadar. Sin timpeall trí huaire go leith timpeall an Domhain. 

In Earrach 2025, gheallamar feabhas a chur ar ár gcleachtais inbhuanaitheachta agus d'éirigh linn triail a bhaint as aistriú go dtí billeáil gan pháipéar do 20,000 custaiméir. Is féidir le hathruithe beaga torthaí móra a bhaint amach. 

Dá n-aistreodh na custaiméirí eile go léir go dtí billeáil gan pháipéar, d’fhéadfaimis an choibhéis de níos mó ná 80 crann a shábháil in aghaidh na bliana

Tar éis rath ár gclár píolótach agus seoladh ár suíomh gréasáin nua, táimid ag cur cumarsáid agus billeáil gan pháipéar i bhfeidhm do gach custaiméir eFlow a bhfuil seoladh ríomhphoist bailí acu ó Dheireadh Fómhair 2025.  

Tá sé níos éasca anois ná riamh rochtain a fháil ar do bhille eFlow: 

  1. Logáil isteach i do chuntas eFlow
  2. Cliceáil ar ‘Féach ar Ráitis’ nó ‘Féach ar Shonraisc’
  3. Cliceáil ar an deilbhín ‘Íoslódáil’ den bhille is mian leat a fheiceáil. 

Ní aistreofar ach custaiméirí a bhfuil seoladh ríomhphoist bailí ar chomhad acu chuig billeáil gan pháipéar. Más fearr leat leanúint ar aghaidh ag fáil ráitis pháipéir, déan teagmháil linn anseo. 

Gabhaimid buíochas ó chroí lenár gcustaiméirí go léir as tacú leis an gcéim thábhachtach seo i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe.