Loading...
Close Menu
Táimid ar an eolas faoi theachtaireachtaí téacs amhrasacha a deir gur ó eFlow iad. Ná hoscail naisc ar bith uathu seo teachtaireacht eile. Tuilleadh Eolais a fháil anseo.
Rinneamar ár dTéarmaí agus Coinníollacha a nuashonrú le déanaí. Cliceáil anseo le haghaidh achoimre ar na hathruithe seo.

Conas sceamálacha a aithint

eFlow you first

De bhrí go bhfuil sceamálacha níos coitianta anois ná riamh roimhe seo uaireanta ní bhíonn sé éasca idirdhealú a dhéanamh idir teachtaireachtaí calaoiseacha agus teachtaireachtaí iontaofa. Tá liosta de na dea-chleachtais a bhaineann le sceamálacha a shainaithint curtha i dtoll a chéile againn chun cabhrú leat a bheith níos airdeallaí ar sceamálacha.

  1. Bí airdeallach ar theachtaireachtaí gan iarraidh: Má fhaigheann tú SMS nó ríomhphost gan choinne ó sheoltóir neamhaithnid nó seoltóir nach mbíonn tú ag idirghníomhú leis de ghnáth, bí cúramach.
  2. Fíoraigh aitheantas an tseoltóra: Déan iniúchadh cúramach ar sheoladh ríomhphoist an tseoltóra chun an fearann nó na téacsanna a fhaightear ó uimhir theagmhála anaithnid a sheiceáil.Go minic, úsáideann sceamálaithe seoltaí ríomhphoist nó uimhreacha teileafóin atá athraithe beagán chun aithris a dhéanamh ar sheoltaí nó uimhreacha cearta. Seiceáil le haghaidh aon neamhréir nó athrú amhrasach.
  3. Bí airdeallach ar iarratais phráinneacha: Go minic, cuireann sceamálaithe in iúl nach mór rudaí a dhéanamh ar bhonn práinne chun brú a chur ort gníomhú láithreach gan machnamh cúramach a dhéanamh. Bí airdeallach ar theachtaireachtaí a éilíonn freagairtí práinneacha nó a bhagraíonn iarmhairtí diúltacha mura ndéanann tú rudaí áirithe.
  4. Tabhair aird ar URLanna amhrasacha: Bog do chúrsóir os cionn nasc i ríomhphoist chun féachaint ar an URL cuí sula gcliceálann tú air. Cinntigh go meaitseálann an URL an suíomh gréasáin nó eagraíocht ábhartha. Bí airdeallach ar URLanna giorraithe nó URLanna a bhfuil cuma neamhghnách nó aisteach orthu. Má thugann tú URL amhrasach faoi deara, tuairiscigh ainm beacht an tsuímh gréasáin trí ríomhphost a sheoladh chuig scam@netcraft.com nó tríd an ngréasán chuig https://report.netcraft.com.
    Is cuideachta cibearshlándála é Netcraft a sholáthraíonn seirbhísí slándála idirlín agus a chabhraíonn le heagraíochtaí agus daoine aonair iad féin a chosaint i gcoinne bagairtí ar líne, bogearraí mailíseacha, agus saincheisteanna cibearshlándála eile.
  5. Bí amhrasach maidir le hiarratais ar fhaisnéis phearsanta: Go ginearálta, ní lorgaíonn eagraíochtaí dlisteanacha faisnéis phearsanta nó airgeadais trí theachtaireachtaí gan choinne. Bí airdeallach ar theachtaireachtaí a lorgaíonn sonraí íogaire cosúil le pasfhocail, Uimhr PPS nó sonraí bainc.
  6. Cuardaigh brandáil oifigiúil agus faisnéis teagmhála: Go minic, áirítear i dteachtaireachtaí dlisteanacha ó chuideachtaí iontaofa brandáil chomhsheasmhach, lógónna cuideachta agus faisnéis teagmhála bheacht. Má tá an chuma ar scéal nach bhfuil gach rud i gceart nó ar neamhréir, b’fhéidir gur sceamáil atá ann.
  7. Déan an rud a shíleann tú atá ceart: Má shíleann tú go bhfuil rud éigin mícheart nó nach bhféadfadh rud éigin a bheith fíor, déan an rogha cheart. Go minic úsáideann sceamálaithe bealaí éagsúla chun dul i bhfeidhm ar mhothúcháin, fiosracht a mhúscailt nó dreasachtaí airgid a thairiscint.
  8. Cinntigh go bhfuil an t-eolas is déanaí maidir le sceamálacha coitianta agat: Bí eolach ar theicnící agus bealaí coitianta sceamála. Cinntigh go bhfuil tú ar an eolas faoi na sceamálacha is déanaí i do réigiún agus bí airdeallach ar rudaí coitianta. Féach ar na téacsteachtaireachtaí sceamála eFlow is coitianta anseo.
  9. Inis do do chairde agus teaghlach: Ní hamháin go bhfuil sé tábhachtach tú féin a chosaint, tá sé tábhachtach cabhrú le daoine eile freisin. Is féidir leat na leideanna seo a roinnt le do chairde agus teaghlach lena chinntiú go bhfuil níos mó daoine eolach ar an méid atá ag tarlú.

Ná déan dearmad, tá sé riachtanach a bheith airdeallach i gcónaí agus barántúlacht teachtaireachtaí a fhíorú roimh aon rud a dhéanamh nó roimh aon fhaisnéis phearsanta a roinnt.