Loading...
Close Menu
Táimid ar an eolas faoi theachtaireachtaí téacs amhrasacha a deir gur ó eFlow iad. Ná hoscail naisc ar bith uathu seo teachtaireacht eile. Tuilleadh Eolais a fháil anseo.
Rinneamar ár dTéarmaí agus Coinníollacha a nuashonrú le déanaí. Cliceáil anseo le haghaidh achoimre ar na hathruithe seo.

Fógra Cosanta Sonraí

eFlow you first
Réamhrá

a) Maidir le BIÉ

Sé Bonneagar Iompair Éireann (“BIÉ”) ainm oibre a tugadh ar Údaráis um Bhóithre Náisiúnta (“ÚBM”) tar éis lánscor na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród agus aistriú a cuid fheidhmeanna chuig an ÚBM de réir an t-Acht na mBóithre 2015. Sé príomhsheoladh an BIÉ ná Ionad Gnó Gheata na Páirce, Sráid Gheata na Páirce, Baile Átha Cliath 8, D08 DK10, Éire.

b) Maidir le eFlow

Is ainm gnó cláraithe de chuid BIÉ é eFlow (déanann gach tagairtí do “eFlow” san fhógra seo tagairtí do Bhonneagar Iompair Éireann). Feidhmíonn eFlow (BIÉ) an córas dola gan bhacainn ar mhótarbhealach an M50 i mBaile Átha Cliath agus is soláthraí é freisin na gclibeanna leictreonacha le húsáid maidir le híocaíocht dolaí ar gach dola-bhóthar i bPoblacht na hÉireann.

Déanann Turas Mobility Services Ltd., cuideachta Éireannach atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, an tseirbhís dola eFlow a bhainistiú agus a fheidhmiú thar ceann BIÉ.

Cuspóir an Fhógra

Sé eFlow (TII) rialaitheoir na sonraí pearsanta a mbailítear agus a bpróiseáiltear de réir an fhógra seo.

Sé cuspóir an fhógra seo ná tusa a chur ar an eolas faoi na sonraí pearsanta a bhaineann leat a d’fhéadfadh eFlow a bhailiú agus a phróiseáil chun seirbhísí dola-bhóithre a chur ar fáil agus na húsáidí (lena n-áirítear nochtadh do thríú páirtithe) a d’fhéadfadh eFlow a dhéanamh as a leithéid sonraí pearsanta. Tugann eFlow meas iomlán ar gach cheart príobháide agat agus geallann sú go gcosnóídh sé do shonraí pearsanta. Déantar aon sonraí pearsanta a bhaineann le gnó eFlow a phróiseáil de réir an dlí um chosaint sonraí lena bhaineann.

Teaghmháil a dhéanamh le eFlow

Is féidir leat dul i dteagmháil le eFlow mar seo a leanas:

  • Post: An t-Oifigeach Cosaint Sonraí, Bloc 8, Ionad Fhearchair, Bealach Charlotte, Baile Átha Cliath, D02 K580
  • rPhost: dataprotection@eflow.ie
  • Gúthán: 0818 50 10 50 (lasmuigh d’Éirinn: +353 1 4610122)
  • Úsaid a bhaint as an rogha Webchat with the eFlow team ar shuíomh Gréasáin eFlow

Sonraí Pearsanta arna bPróiseáil ag eFlow

Tá gá le próiseáil na sonraí pearsanta chun seirbhísí dola-bhóithre a chur ar fáil do chustaiméirí eFlow. Is féidir le eFlow gach nó cuid de na sonraí pearsanta seo a leanas a mbaineann leat a bhailiú agus a phróiseáil:

Catagóir na sonraí pearsanta

Cur síós

Sonraí cuntais cláraithe (siad sin, úsáideoirí bóithre dola a bhfuil cuntas cláraithe eFlow acu)

•        ainm agus sloinne

•        sonraí teagmhála lena n-áirítear do sheoladh poist, seoladh rPhoist agus uimhir theileafóin teagmhála

•        uimhir an phláta ceadúnais agus an íomhá de a gabhadh ó thuras ar an M50

•        uimhir thagartha an turais

•        soláthraí na clibe agus uimhir na clibe

•        sonraí cárta creidmheasa, cárta dochair nó dochair dírigh

•        stair faisnéise um íocaíocht na gluaiseachta dola

•        taifid an chomhfhreagrais agus na gcomhrá teileafóin le eFlow

Sonraí cuntais neamhchláraithe (siad sin, úsáideoirí bóithre dola nach bhfuil cuntas cláraithe acu le eFlow)

 

 

 

 

•        ainm agus sloinne

•        seoladh poist (agus uaireanta, d’uimhir ghutháin agus do sheoladh rPhoist)

•        uimhir an phláta ceadúnais agus íomhá de a gabhadh ó thuras ar an M50

•        faisnéis faoi thurais ar an M50

•        stair íocaíochta

•        taifid an chomhfhreagrais agus na gcomhrá teileafóin le eFlow

Sonraí cumarsáide

Nuair a dhéanann tú teagmháil le eFlow ar an nguthán, trí rPhost nó trí shuíomh Gréasáin eFlow, déanann eFlow sonraí na gcumarsáidí sin a thaifeadadh (m.sh. taifid chomhfhreagrais, teachtaireacht ghréasáin, comhfhreagras litreacha/feaics, taifeadtaí glaonna gutháin lena n-áirítear logaí na nglaonna gutháin, srl) agus aon sonraí eile agat a d’fhéadfá a chur ar fáil

Sonraí íocaíochta

Chun críche na n-íocaíochtaí a phróiseáil, d’fhéadfadh eFlow sonraí cárta creidmheasa nó cárta dochair a bhailiú

Sonraí Feithicle Díolmhaithe

•        uimhir an phláta ceadúnais agus an íomhá de a gabhadh ó thuras ar an M50

•        uimhir thagartha an turais

•        soláthraí na clibe agus uimhir na clibe

Sonraí Suirbhé Sástacht Custaiméirí

(1.1.a)      ainm agus sonraí teagmhála (seoladh rPhoist agus uimhir fón póca)

(1.1.b)      uimhir an chuntais (i gcás custaiméirí cláraithe)

(1.1.c)       cineál feithicle

(1.1.d)      sonraí an chuntais (i gcás custaiméirí cláraithe)

(1.1.e)       freagraí ar shuirbhéanna (trácht ó bhéal san áireamh)

(1.1.f)        uimhir an phláta ceadúnais

Foinsí na Sonraí Pearsanta

De ghnáth, bailítear na sonraí pearsanta i seilbh eFlow a mbaineann leat go díreach uait (m.sh. nuair a úsáideann tú seirbhísí eFlow). Chomh maith leis an bhfaisnéis a bhailiú uait go díreach, d’fhéadfadh eFlow faisnéis fút féin agus faoi d’fheithicil a bhailiú ó na foinsí seo a leanas:

  • Comhad Náisiúnta na bhFeithiclí agus na dTiománaithe, i gcomhréir le húdarás reachtach ar leith;
  • údaráis eachtracha um cheadúnú feithiclí, sna tíortha ina bhfuil an fheithicil cláraithe;
  • cuideachtaí cíosa feithiclí, chun cur ar chumas eFlow teagmháil a dhéanamh leat agus na híocaíochtaí a iarraidh le haghaidh do phasáiste;
  • Oibreoirí Comhoiriúnacha i dtaca le híocaíóchtaí idir-inoibritheacha dola a phróiseáil;
  • taifid grianghraif agus físeáin gluaiseacht gach feithicil a úsáideann dolabhóthar an M50; agus
  • ceamaraí/TCÍ ar an M50.

Bonn Dlí

Bainimidne agus soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a ngníomhaíonn ar ár son úsáid as na sonraí pearsanta atá leagtha amach thuas. Sé an bonn dlí faoi na sonraí pearsanta agatsa a mbailímid, faoiná bpróiseál agus faoiná n-aistriú ná na gcríoch seo:

  • sa chás ina bhfuil gá lena leithéid próiseála chun dualgais dlí agus rialála an BIÉ (“Dualgas Dlí”) a chomhlíonadh;
  • sa chás ina bhfuil gá lena leithéid próiseála chun a chuid chúraimí a chur i gcrích ar leas an phobail agus/nó i bhfeidhmiú an údaráis oifigiúil atá dílsithe do n BIÉ (“Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil”);
  • sa chás ina bhfuil gá lena leithéid próiseála chun conradh a chomhlíonadh leat nó nuair is gá bearta a ghlacadh arna iarraidh agat sula ndéantar an conradh leat (“Conradh”); agus
  • do chead (“Cead”), agus iarrfar ort sa chás sin léiriú dearfach a thabhairt maidir lena leithéid ceada.

Cuspóirí na ngníomhaíochtaí próiseála agus na boinn dlí lena mbaineann

Déanann eFlow sonraí pearsanta a phróiseáil d’fhonn:

Cuspóirí Catagóirí na sonraí pearsanta Boinn Dlí

A chinntiú go bhfaightear íocaíocht ó gach úsáideoir bóithre a úsáideann seirbhísí eFlow de réir dualgais reachtúil BIÉ

 

 

 

Sonraí cuntais cláraithe

Sonraí cuntais neamhchláraithe

Sonraí íocaíochta

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun alt 59(1) d’Acht na mBóithre 1993 (arna leasú) agus Fodhlí 5 d’Fodhlíthe an M50 (idir Acomhail 6 agus 7) (“Fodhlíthe an M50“)

 

Conradh (i leith custaiméirí cláraithe eFlow)

Seirbhísí a n-allfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhíse tríú páirtí

 

Sonraí cuntais cláraithe

Sonraí chuntais neamhchláraithe

Sonraí cumarsáide

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun alt 59(1) d’Acht na mBóithre 1993 (arna leasú)
Freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin agus ar ghearáin

Sonraí cuntais cláraithe

Sonraí cuntais neamhchláraithe

Sonraí cumarsáide

Conradh (i leith custaiméirí cláraithe eFlow)

 

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun alt 59(1) d’Acht na mBóithre 1993 (arna leasú)

Imeachtaí (sibhialta agus coiriúla) a eisiúint maidir le dolaí neamhíoctha

Sonraí cuntais cláraithe

Sonraí chuntais neamhchláraithe

Sonraí cumarsáide

Sonraí íocaíochta

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun alt 59(1) agus alt 81 (3)(b) d’Acht na mBóithre 1993 (arna leasú)
Dualgais reachtúla eile BIÉ a chomhlíonadh

Sonraí cuntais cláraithe

Sonraí chuntais neamhchláraithe

Sonraí cumarsáide

Sonraí íocaíochta

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun alt 59(1) d’Acht na mBóithre 1993 (arna leasú) agus Fodhlíthe an M50

 

Sa chás gur custaiméir cláraithe eFlow tú, do chuntas a choinneáil Sonraí cuntais cláraithe Feidhmiú conartha
Sonraí feithicle díolmhaithe Sonraí Feithicle Díolmhaithe

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun alt 59(1) d’Acht na mBóithre 1993 (arna leasú) agus Fodhlí 12 d’Fodhlíthe an M50

 

Tabhairt faoi shuirbhéanna sástacht custaiméirí

Sonraí cuntais cláraithe

Sonraí chuntais neamhchláraithe

Cuntais Flít

Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil, de bhun alt 59(1) d’Acht na mBóithre 1993 (arna leasú) – is deonach amháin í páirt a ghlacadh i suirbhé

Sé an bonn dlí ar a mbailímid, ar a bpróiseálaimid agus ar a n-aistrímid catagóirí speisialta na sonraí a mbaineann leat (m.sh. sonraí a bhaineann le sláinte) ar an modh a gcuirtear síos orthu thuas ná Leas an Phobail agus Cead (caithfidh tú cead ar leith a thabhairt dá leithéid ohróiseála).

Sé an bonn dlí ar a dhéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha imeachtaí coiriúla ná comhlíontacht an BIÉ a fheidhmeanna reachtúla maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó maidir le pionóis choiriúla a fhorghníomhú i leith dolaí neamhíoctha.

Aistriú na Sonraí Thar Lear

I leith an méid thuas, is féidir eFlow do shonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chuig soláthraithe seirbhíse san Ind agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar dlínsí iad an beirt acu nach n-aithníonn an Coimisiún Eorpach go bhfuil leibhéal coibhéiseach cosanta do sonraí pearsanta ar fáil iontu mar atá ar fáil san Aontas Eorpach. I gcás dá leithéid, cinntíonn eFlow go bhfuil nbearta cuí i bhfeidhm chun a chuid dualgais a chomhlíonadh faoin dlí a rialaíonn a leithéid aistrithe. Beart amháin dá leitheid is ea conradh a rialaíonn an t-aistriú ina bhfuil na ‘clásail chaighdeánacha chonarthacha’ arna gceadú chun na críche sin ag an gCoimisiún Eorpach. Faoi láthair, siad na clásail chonarthacha chaighdeánacha seo an bonn ar a gcinntíonn eFlow gur féidir aistrithe a dhéanamh ar bhealach a chomhlíonann an dlí cosanta sonraí is cuí.

Is féidir leis an gCoimisiún Eorpach a chinneadh, ar bhonn Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2016/679, an gcuireann tír lasmuigh den AE leibhéal  an dóthain cosaint sonraí ar fáil. Ina leith seo, braitheann eFlow ar chinntí na dóthain maidir le haistriú na sonraí chuig W5 Marketing Intelligence Ltd. sa RA agus chuig Kapsch Trafficcom Argentina S.A. san Airgintín (tuilleadh sonraí le fáil thíos).

Tá tuilleadh faisnéise ar na bearta atá glactha ag eFlow ina leith seo ar fáil ón Oifigeach Cosanta Sonraí eFlow, ag na sonraí teagmhála arna lua thuas.

Faighteoirí na Sonraí

In connection with eFlow, the following are the key recipients of personal data processed by TII:

Faighteoir na Sonraí

Cuspóir na Próiseála

Turas Mobility Services Ltd.

Le haghaidh eFlow a oibriú agus a bhainistiú

Abtran Unlimited Company

Fochóras bealaí na gcustaiméara a óstáil agus a oibriú

Pierse Fitzgibbon Solicitors LLP

Soláthar seirbhísí na forghníomhaithe i leith dolaí neamhíoctha ag feithiclí Éireannacha

Euro Parking Collection plc

Soláthar seirbhísí na forghníomhaithe i leith dolaí neamhíoctha ag  feithiclí atá cláraithe thar lear

TollPlus LLC

Seirbhísí tacaíochta a mbaineann le feidhmiú eFlow

Kapsch Trafficcom Argentina S.A.

Tacaíocht agus fabhtcheartú maidir le híomhánna gafa

W5 Marketing Intelligence Limited

Stóráil na sonraí maidir le suirbhéanna na gcustaiméirí

 

D’fhéadfaimis aon chuid de do shonraí pearsanta atá luaite sa rannán thuas “Sonraí Pearsanta arna bPróiseáil ag eFlow” thuas a nochtadh d’eagraíochtaí eile maidir leis na cuspóirí thuas, sna cúinsí seo a leanas:

  • D’fhéadfaimis sonraí pearsanta a chomhroinnt lenár ngníomhairí, conraitheoirí agus soláthraithe na seirbhíse a chuidíonn linn i bhfeidhmiú gnéithe dár seirbhísí agus dár bhfeidhmeanna, ar nós próiseálaí an chárta íocaíochta, conraitheoirí na baincéireachta agus na priontála/an chomhfhreagras poist, na húdaráis eachtracha um cheadúnú na bhfeithiclí agus na gníomhaireachtaí forfheidhmiú dlí.
  • Nuair a cheapaimid oibreoir nua eFlow, is féidir linn sonraí pearsanta a roinnt leis an oibreoir nua seo chun aistriú rathúil a éascú agus chun leanúnachas na seirbhíse a chinntiú do chustaiméirí eFlow le linn aon idirthréimhse.
  • Sa chás go bhfuil an dualgas orainn sonraí pearsanta a nochtadh nó a roinnt chun aon dualglas dlíthiúil a chomhlíonadh, nó chun cearta, maoin nó sábháilteacht eFlow, ár gcustaiméirí, nó daoine eile a chosaint.
  • Sa chás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear é faoin dlí, is féidir linn do shonraí pearsanta a roinnt le húdaráis agus le comhlachtaí poiblí eile, amhail An Gardaí Síóchána nó údaráis forghníomhaithe dlí eile chun críocha cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun críocha pionóis coiriúla a chur i gcrích.
  • Maidir le próiseáil dola idir-inoibritheach laistigh d’Éirinn, d’fhéadfadh do shonraí pearsanta a nochtadh d’oibreoir ábhartha comhoiriúnach.
  • D’fhéadfaimis sonraí pasáiste dola a roinnt leis na príomhgheallsealbhóirí, m.sh. an Roinn Iompair, chun críocha taighde agus anailís staidrimh.
  • D’fhonn comórtais a oibriú thar ceann BIÉ, d’fhéadfaimis d’ainm, do sheoladh rPhoist agus na roghanna margaíochta a chuir tú ar fáil dúinn a nochtadh, má cheadaíonn tú a leithéid.
  • Sa chás go gceadaítear a mhalairt dúinn faoin dlí.
Coinneáil

De ghnáth, ní choinnímid do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na críche ar a bhfuarthas iad, lena n-áirítear chun críocha aon cheanglais dlí, na cuntasaíochta nó na tuairiscithe a shásamh. Braitheann an tréimhse coinneála ar chatagóir na sonraí pearsanta faoi choinneáil.

Chun an tréimhse choinneála chuí do shonraí pearsanta a chinneadh, breithnímid ar mhéid, ar nádúr, agus ar íogaireacht na sonraí pearsanta, ar an mbaol díobhála a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar mhí-úsáid nó ar nochtadh do shonraí pearsanta; ar na críocha ar a phróiseálamar do shonraí pearsanta agus cibé an is féidir linn na críocha sin a bhaint amach trí bhealaí eile; agus na dualgais dlí lena mbaineann. Tá tuilleadh eolais ar an gcleachtais choinneála againne maidir le gníomhaíochtaí na próiseála a pléadh thuas ar fáil ón Oifigeach Cosanta Sonraí eFlow, ag na sonraí teagmhála a luaitear thuas. 

An gá le faisnéis ar leith a sholáthar agus na torthaí a dtagann as

Níl dualgas reachtúil ort aon sonraí pearsanta a chur ar fáil do eFlow. Mar sin féin, tá míreanna áirithe na faisnéise ann nach mór duit a sholáthar dúinn chun cuntas eFlow a oscailt nó chun dola nó pionós a íoc (m.sh. d’ainm, do shonraí teagmhála agus do shonraí íocaíochta). Muna bhfaighimid a leithéid eolais, cuireann sé isteach ar ár gcumas (i) d’iarratas a phróiseáil; agus/nó (ii) d’íocaíocht a phróiseáil (a bhféadfadh imeachtaí forfheidhmithe a bheith mar thoradh air).

Sábháilteacht do chuid Fhaisnéise

Coinnítear na sonraí pearsanta a phróiseálaimid ar fhreastalaithe slána arna n-óstáil ag Turas Mobility Services Ltd. Tá bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla cuí glactha ag eFlow chun do chuid faisnéise a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe agus ó phróiseáil neamhdhleathach; agus ó chaillteanas, ó scrios nó ó dhamáiste de thaisme. Cinnteoimid freisin go gceanglófar ar ár ngníomhairí nó ar  soláthraithe ár gcuid seirbhísí tríú páirtí a phróiseálann do shonraí á gcoinneáil sábháilte agus slán.

Do Chearta

I gcúinsí áirithe agus faoi réir srianta áirithe, tá na cearta seo a leanas agat maidir le do shonraí pearsanta:

  • An ceart rochtain a fháil ar na sonraí – Tá sé de cheart agat cóip a iarraidh de na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn fút, mar aon le haon fhaisnéis eile faoin gcaoi a ndéanaimid na sonraí pearsanta sin a phróiseáil
  • An ceart ceartúcháin – Tá sé de cheart agat a iarraidh go gceartófar aon sonraí míchruinn a choinnítear fút, nó, má tá aon fhaisnéis neamhiomlán againn, d’fhéadfá a iarraidh go ndéanfaimid an fhaisnéis a nuasdátú ionas go ndéanfar iomlán í.
  • An ceart scriosta – Tá sé de cheart agat iarraidh orainn sonraí pearsanta atá againn fút a scriosadh. Uaireanta tugtar an ceart dearmada air seo.
  • An ceart próiseáil a shrianadh nó agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála – Tá sé de cheart agat a iarraidh nach ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil a thuilleadh chun críocha ar leith, nó agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil á dhéanamh againne ar do shonraí pearsanta chun críocha ar leith.
  • An ceart iomparthacht na sonraí – Tá sé de cheart agat a iarraidh orainn cóip de do shonraí pearsanta a sholáthar duitse, nó ar thríú páirtí, i bhformáid struchtúrtha atá inléite ag meaisín.

Tabhair faoi deara nach iomlán iad na cearta seo agus go bhfuil siad faoi réir srianta agus díolúintí áirithe. Mar shampla, ní bheidh feidhm ag an gceart chun sonraí pearsanta a scriosadh sa chás go bhfuil cúis dhlisteanach againn leanúint ar aghaidh ag coinneáil a leithéid sonraí agus is féidir linn leanúint ar aghaidh ag próiseáil do shonraí pearsanta, in ainneoin go bhfuil tú ag cur ina choinne, i gcás ina bhfuil forais dhlisteanacha láidre againn don phróiseáil. a sháraíonn na leasanna, na cearta agus na saoirse agatsa.

D’fhonn  feidhm a bhaint as aon cheann de na cearta atá leagtha amach thuas, déan teagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí eFlow, ag na sonraí teagmhála a luaitear thuas.

Ceisteanna agus Gearáin

Má tá aon cheist nó aon ghearán agat faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, déan teagmháil linn ag na sonraí teagmhála thuas. Nó is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí BIÉ mar seo a leanas:

  • Post: An t-Oifigeach Cosaint Sonraí, Bloc 8, Ionad Fhearchair, Bealach Charlotte, Baile Átha Cliath, D02 K580
  • Gúthán: 0818 50 10 50 (lasmuigh d’Éirinn: +353 1 4610122)
  • rPhost: dataprotection@eflow.ie

Tá tuilleadh faisnéise faoi chosaint sonraí ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí: www.dataprotection.ie

Muna bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar úsáideamar do chuid faisnéise nó ar thugamar aghaidh ar do chearta, tá sé de cheart agat freisin gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí . Tá na sonraí maidir le conas gearán a dhéanamh le fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.

Uasdátuithe

D’fhéadfaimis an Fógra Cosanta Sonraí seo a leasú ó am go chéile. Cuirfear gach athrú ábhartha a dhéanaimid ar an bhFógra Cosanta Sonraí seo amach anseo ar ár suíomh Gréasáin (www.eflow.ie). Rinneadh an Fógra Cosanta Sonraí seo a uasdátú ar an 7 Samhain 2023.