Loading...
Close Menu

Ráiteas Inrochtaineachta

eFlow you first

Tá eFlow.ie tiomanta do:

Láithreán gréasáin inrochtana a choinneáil.

A chinntiú go gcoinníonn an láithreán gréasáin seo comhréireacht “Leibhéal AA” de réir na dTreoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.1, chun cloí le Cód Cleachtais an Údaráis Náisiúnta Míchumais ar Inrochtaineacht ar Sheirbhísí Poiblí agus ar Fhaisnéis arna Soláthar ag Comhlachtaí Poiblí.
A chinntiú go mbainfidh gach faisnéis nua ar an láithreán gréasáin comhréireacht “Leibhéal AA” amach de réir na dTreoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.1 lena n-áirítear inrochtaineacht nuair a sholáthraímid córais 3ú páirtí nó uasghráduithe ar chórais atá ann cheana féin.

Nóta ar mhaithe le Soiléire: Tá dhá fhearann ar leith ar láithreán gréasáin eFlow, eFlow.ie – eflow.ie agus secure.eflow.ie. Tá an dá fhearann faoi réir chomhlíonadh WCAG agus tá an dá fhearann san áireamh inár n-athbhreithniú comhlíonta míosúil.

Stádas Comhlíonta

Sainmhíníonn na Treoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.1 riachtanais do dhearthóirí agus d’fhorbróirí chun inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumas a fheabhsú. Déantar athbhreithniú ar an láitherán gréasáin eFlow seo ar bhonn míosúil chun a chinntiú go bhfuil aon athruithe / bhreiseanna ag cloí le comhréireacht “Leibhéal AA” de réir na dTreoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.1.

Ábhar neamh-inrochtana

Tá obair ar bun chun láithreán gréasáin eFlow a fheabhsú ó seoladh é i mí Lúnasa 2021.  Ó shin i leith, tá eFlow ag tabhairt faoi shraith forbairtí chun ár seirbhís láithreán gréasáin a bharrfheabhsú. D’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag an obair seo uaireanta ar roinnt gnéithe inrochtaineachta, ach trí athbhreithnithe míosúla (féach thuas) oibrímid go dlúth leis na forbróirí chun aghaidh a thabhairt ar aon ábhar neamhchomhlíontach ar bhonn leanúnach.

Ullmhú an ráitis inrochtaineachta seo

Athbhreithníodh agus nuashonraíodh an ráiteas seo ar an 06ú Feabhra 2025. Tá na modhanna a úsáideadh chun an ráiteas a ullmhú leagtha amach in Airteagal 3(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1523 ón gCoimisiún agus ón Údarás Náisiúnta Míchumais.

Aiseolas agus faisnéis teagmhála

Féadfaidh daoine atá faoi mhíchumas, nó aon duine a ghníomhaíonn ar a son, gearán a dhéanamh le eFlow má mheasann siad gur theip ar an eagraíocht cloí le forálacha Ailt 25, 26, 27 & 28 den Acht um Míchumas 2005.

Fáiltíonn eFlow roimh aiseolas uait ar inrochtaineacht an láithreáin ghréasáin seo. Má fhaigheann tú amach nach bhfuil tú in ann rochtain a fháil, faisnéis a lorg, nó ábhar a úsáid ar láithreán gréasáin eFlow ar chúiseanna inrochtaineachta, déan teagmháil linn le do thoil tríd ár leathanach ‘Déan Teagmháil Linn’. Déanfaimid ár ndícheall freagra a thabhairt ar gach teagmháil a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná dhá lá oibre tar éis í a fháil.