Loading...
Close Menu
Táimid ar an eolas faoi theachtaireachtaí téacs amhrasacha a deir gur ó eFlow iad. Ná hoscail naisc ar bith uathu seo teachtaireacht eile. Tuilleadh Eolais a fháil anseo.
Rinneamar ár dTéarmaí agus Coinníollacha a nuashonrú le déanaí. Cliceáil anseo le haghaidh achoimre ar na hathruithe seo.

Gradam an eFlow STAR Buaite ag Meánscoil Muire don Dara Bliain as a chéile ag Comórtas Eolaí Óg BT

le eFlow

Rinne Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT, a reáchtáladh CRBÁC ón 10 go dtí an 13 Eanáir 2024, ceiliúradh ar léiriú iontach na seiftiúlachta, ina raibh mic léinn ag cur tionscadail nuálaíocha na heolaíochta i láthair thar raon na ndisciplíní éagsúla.

Ar cheann de bhuaicphointí chomórtas na bliana seo, ba ea  Leah Bradley, Tara Lane agus Ellie Walsh ó Mheánscoil Mhuire, Maigh Chromtha, Corcaigh, ag baint amach an eFlow STAR (Gradam an Iompair agus an Aitheantais Inbhuanaithe). B’í seo an dara bliain as a chéile a bhuaigh mic léinn ó Mheánscoil Muire Maigh Chromtha an gradam seo atá dírithe ar iompar. Thug an tionscadal buaiteach acu, dar teideal “I can’t wait for the bypass” (Ní féidir liom fanacht ar an seachbhóthar), iniúchadh léargasach ar sheachbhóthar an N22 Baile Bhuirne- Maigh Chromtha atá á thógáil agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar phobal na háite.

Ghlac na mic léinn ó Mheánscoil Naomh Muire cur chuige réamhghníomhach ina gcuid taighde, ag obair i gcomhar leis na comhairleoirí áitiúla, leis na cónaitheoirí agus leis na húinéirí gnó chun eolas ríthábhachtach na áite a bhailiú. Rinne a dtionscadal taighde ar na hiarmhairtí sóisialta, na timpeallachta agus an gheilleagair a bhainfidh leis an seachbhóthar ar shaol mhuintir Mhaigh Chromtha. Idir mheasúnú a dhéanamh acu ar dheathioncar an tseachbhóthair ar phlódú na tráchta agus ar cháilíocht an aeir agus an tionchar aige ar ghnólachtaí beaga agus ar an rochtain ar thithíocht a scrúdú, chuir na mic léinn anailís chuimsitheach le cheile.

Fuair na mic léinn amach gur comhlíon nó gur sáraigh ag a ionchais 84% de chónaitheoirí na háite mar thoradh ar mhaolú na tráchta, ar laghdú am an taistil níos giorra, mhaolú ar an torann, agus ar athbheochan gnólachtaí na háite. Ina theannta sin, tháinig feabhas suntasach ar cháilíocht aeir an bhaile, le laghdú iomlán 53% ar thruailleáin an aeir i gcomparáid leis na leibhéil sular osclaíodh an seachbhóthar.

Tá Comórtas Eolaí Óg BT á urrú le bród ag eFlow, ag cur béime ar an ngealltanas aige do chothú an talann san eolaíocht agus sa teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn. Aithníonn gradam an eFlow STAR, a bronnadh ar Mheánscoil Mhuire, an sár-éacht aici sa taighde eolaíoch, sa nuálaíocht agus i dtionchar an phobail laistigh de réimse an iompair.

Dúirt Róisín Barton-Murray, Bainisteoir na Faisnéise Poiblí agus an Fhorfheidhmithe le Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) a bhronn gradam an eFlow STAR ar na buaiteoirí thar ceann eFlow, “Tá an-áthas orainn an gradam seo a bhronnadh ar Mheánscoil Naomh Muire mar aitheantas ar an sár-thionscadal aici. Leanann Comórtas Eolaí Óg BT le haosaigh óga a spreagadh chun dul i mbun fiosrúchán bríoch na  heolaíochta agus bainimid bród as an méid bhain na scoláirí cumasacha seo amach maidir le ceisteanna an iompair agus na hinbhuanaitheachta a aithint.”

Léirigh Rory Deegan, Stiúrthóir Cumarsáide ag eFlow, an-bhród as an urraíocht atá á dhéanamh acu ar thionscnaimh an STEM, ag rá, “Is mór-chúis onóra do eFlow urraíocht a dhéanamh ar an ngradam seo ag comórtas an Eolaí Óg BT. Feidhmíonn an comórtas mar chatalaíoch chun fiosracht agus cruthaitheacht an aigne óg a chothú i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta agus an iompair. Léiríonn na sár-thionscadail atá ar thaispeáint, lena n-áirítear iniúchadh léargasach Meánscoil Naomh Muire, flúirse na tallainne i measc óige na hÉireann.”

Leanann Comórtas Eolaí Óg BT ag feidhmiú mar ardán do mhic léinn maidir le saincheisteanna an fhíorshaoil a fhiosrú agus le rannchuidiú bríoch a dhéanamh don phobal trí scrúdú ha heolaíochta. Táimid ag tnúth le tacaíocht a thabhairt d’urraíocht Eolaí Óg BT sa bhliain seo chugainn, ag cothú na nuálaíochta agus ag spreagadh an chéad ghlúin eile na n-eolaithe.

29 Jan, 2024