Cairt Chustaiméirí
Ráiteas Luacha
Ag eFlow táimid tiomanta do sheirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar duit ar an mbealach is fearr a shásaíonn do riachtanais. Soláthraíonn an Chairt um Sheirbhís do Chustaiméirí seo faisnéis ar an tseirbhís do chustaiméirí ar chóir duit a bheith ag súil a fháil agus tú i dteagmháil le eFlow. Glacaimid le cur chuige custaiméir ar dtús chun do shaol a dhéanamh éasca agus saor ó bhuairt. Tá sé mar aidhm againn seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar agus freagra tráthúil a thabhairt ar do cheisteanna i gcónaí. Is iad ár mbunluachanna atá ina gceann feadhna de gach rud a dhéanaimid, ó na cinntí a dhéanaimid go dtí an caidreamh a bhíonn againn le custaiméirí.
Luachanna Branda
Tiomanta do Chustaiméirí: Tá tú tábhachtach dúinn. Éistimid agus déanaimid ár ndícheall seirbhísí a sholáthar atá ceart duitse.
Áisiúlacht: Táimid tiomanta don saol laethúil a dhéanamh éasca duitse.
Cothroime: Rachaimid i dteagmháil leat ar bhealach cothrom, macánta agus measúil. Táimid tiomanta do bheith oscailte agus trédhearcach i ngach cumarsáid.
Forásach: Déanaimid ár ndícheall réitigh níos cliste a sholáthar a chuirfidh le todhchaí níos fearr.
Ár gCur Chuige maidir le Custaiméirí
Táimid tiomanta do sheirbhísí ardchaighdeáin a thairiscint a shásaíonn riachtanais na gcustaiméirí. Chun na críche sin, táimid tiomanta do:
- Eispéireas digiteach a sholáthar duit atá iomasach, éasca le nascleanúint agus atá simplí ó thaobh feidhmiúlachta de;
- Cabhair agus tacaíocht a sholáthar duit ar an mbealach is rogha leat;
- Tú a choinneáil ar an eolas faoi shaincheisteanna oscailte agus faisnéis a sholáthar go réamhghníomhach a d’fhéadfadh a bheith cabhrach chun saincheist a réiteach;
- A bheith i mbun nuálaíochta ar bhonn leanúnach chun réitigh níos cliste a sholáthar duit;
- Seirbhís iontaofa, comhsheasmhach ar féidir brath uirthi a sholáthar nuair a bhíonn gá agat léi, agus
- Caitheamh go cothrom leat agus d’aiseolas a úsáid chun ár seirbhísí a fheabhsú.
Ceanglais Seirbhíse
Tá roinnt gealltanas seirbhíse ag eFlow. Tá sé mar aidhm ag ár gcéad straitéis dhigiteach an tSeirbhís do Chustaiméirí a dhéanamh chomh simplí agus is féidir duit. Ciallaíonn sé seo gur cheart duit a bheith in ann gach rud atá uait a fháil ar ár láithreán gréasáin www.eflow.ie Ó am go chéile, áfach, d’fhéadfadh go mbeadh tacaíocht bhreise ag teastáil uait. Tá na foirne tacaíochta cearta i bhfeidhm ag ár nIonad Teagmhála chun freagairt go héifeachtúil agus go héifeachtach do do riachtanais. Anseo thíos tá liosta de na bealaí éagsúla Seirbhíse do Chustaiméirí agus an t-am freagartha measta nuair a dhéanann tú teagmháil leo.
Le linn uaireanta oibriúcháin, tá sé mar aidhm againn:
- Do ghlaoch a fhreagairt laisitigh de 20 soicind
- Do ríomhphost a fhreagairt laistigh de 6 uair an chloig
- D’fhiosrúchán ar chomhrá gréasáin a fhreagairt laistigh de 30 soicind
- D’fhiosrúchán ar na meáin shóisialta a fhreagairt laistigh de 30 nóiméad
- Freagra a thabhairt ar d’fhiosrúchán poist laistigh de 3 lá oibre
Gearáin
Ag eFlow, éistimid le d’aiseolas. Gach seachtain déanaimid suirbhé ar fho-thacar dár gcustaiméirí chun a thuiscint cad a dhéanaimid go maith agus cad is gá a fheabhsú. Bainimid úsáid as an léargas seo chun bonn eolais a chur faoinár n-obair agus ár seirbhís a fheabhsú sa ghearrthéarma agus go fadtéarmach. Mar sin féin, mura bhfuil tú sásta le haon ghné den tseirbhís a fhaigheann tú ó eFlow nó má tá moladh agat conas is féidir linn í a fheabhsú, ba mhaith linn cloisteáil uait. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár Seirbhís do Chustaiméirí ar an teileafón, ar an láithreán gréasáin, ar ríomhphost, ar litir, ar chomhrá gréasáin nó ar na meáin shóisialta (sonraí teagmhála thíos). Tá nós imeachta gearán á n-oibriú againn chun dul i ngleic le haon chúiseanna imní go pras agus go cothrom. Beidh sé mar aidhm againn do ghearán a réiteach laistigh de 5 lá oibre agus coinneoimid ar an eolas tú faoi dhul chun cinn do cháis.
Seirbhís Trí Ghaeilge
Ag eFlow, táimid tiomanta don reachtaíocht atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cuirimid faisnéis agus seirbhís ar fáil trí mheán na Gaeilge de réir na reachtaíochta seo. Áirítear leis sin na gealltanais seo a leanas:
- Is féidir leat rogha a dhéanamh chun do ráitis/shonraisc agus comhfhreagras a bhaineann le do chuntas a fháil i mBéarla nó i nGaeilge.
- Freagrófar i nGaeilge gach comhfhreagras scríofa ríomhphoist nó litreach a fhaightear i nGaeilge.
- Cuirfear ball foirne ar fáil duit a bheidh in ann dul i mbun plé leat trí Ghaeilge.
- Tá ár láithreán gréasáin www.eflow.ie ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.
- Foilsítear na príomhdhoiciméid go léir i mBéarla agus i nGaeilge.
Comhionannas
Tá sé mar aidhm againn eispéireas custaiméara a sholáthar atá comhionann agus cothrom. Is mór againn gach custaiméir agus táimid tiomanta caitheamh leo le meas, beag beann ar a gcúlra, a bhféiniúlacht nó a gcúinsí. Baineann ár dtiomantas don chomhionannas le níos mó ná ár gcustaiméirí agus cuimsíonn sé ár bhfostaithe, ár gcomhpháirtithe, agus ár soláthraithe. Cinntímid go mbíonn gach caidreamh agus seirbhís a chuirtear ar fáil bunaithe ar chomhionannas agus go bhfaigheann gach custaiméir an leibhéal céanna airde, cúnaimh, agus tacaíochta. Ní ghlactar le hidirdhealú nó le claonadh de chineál ar bith, agus déanaimid gach iarracht timpeallacht a chruthú ina mothaíonn gach custaiméir go mbaineann luach leo agus go n-éistear leo.
Inbhuanaitheacht
Ag eFlow, aithnímid an tábhacht a bhaineann le freagracht chomhshaoil agus táimid tiomanta dár lorg carbóin a íoslaghdú agus cleachtais éicea-chairdiúla a chur chun cinn inár n-oibríochtaí. Trí thionscnaimh mar bhilleáil gan pháipéar, teicneolaíochtaí atá tíosach ar fhuinneamh, agus bainistiú dramhaíola freagrach, déanaimid gach iarracht cur le domhan níos sláintiúla agus ag an am céanna seirbhís den scoth a sholáthar dár gcustaiméirí. Ní sprioc amháin í an inbhuanaitheacht; is gealltanas é do na glúnta atá le teacht agus do chaomhnú ár dtimpeallachta.
Inrochtaineacht
Ag eFlow, is gné bhunúsach í an inrochtaineacht dár dtiomantas do sheirbhís do chustaiméirí éifeachtach a sholáthar. Tuigimid go mbaineann inrochtaineacht le níos mó ná ár láithreán gréasáin amháin agus go gcuimsíonn sé gach gné dár n-oibríochtaí. Seo thíos roinnt simplí d’uirlisí inrochtaineachta a chuirimid ar fáil do chustaiméirí.
Láithreán Gréasáin
- Téacs inaitheanta.
- Méarchláir agus uirlisí nascleanúna inrochtana.
- Comhéadan úsáideora intuartha agus inléite.
Ionad Tegmhála
- Rogha bealaí teagmhála do chustaiméirí m.sh. teileafón, comhrá greásáin, ríomhphost, postáil ar na meáin shóisialta.
- Uaireanta oscailte áisiúla – Luan-hAoine 08:00–21:00, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh 10:00-18:30.
- Tá próiseas i bhfeidhm againn do chustaiméirí nach bhfuil an éisteacht go maith acu agus ar gá dóibh cumarsáid a dhéanamh linn trí thríú páirtí.
Cosaint Sonraí
Táimid an-dáiríre faoi do phríobháideachas agus cosaint do shonraí pearsanta. Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a chuirtear ar fáil do eFlow go slán agus go rúnda de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Is féidir leat féachaint ar Ráiteas Príobháideachais eFlow ina iomláine anseo. Tá Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) tiomnaithe ag eFlow. Más mian leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí, is féidir leat ríomhphost a chur chuig dataprotection@eflow.ie
Eolas Teagmhála:
Fón | 0818 50 10 50 (Poblacht na hÉireann) 353 1 4610122 (lasmuigh de Phoblacht na hÉireann) |
Ríomhphost |
info@eflow.ie dataprotection@eflow.ie foi@eflow.ie |
Comhrá Gréasáin | www.eflow.ie |
Seoladh Poist | eFlow BOSCA POIST 13294 Saorphost FCK7528 Corcaigh |
Meáin Shóisialta | X/Twitter: @eflow_freeflow Facebook: eFlow.ie |
Uaireanta Oscailte | Luan go hAoine 8:00rn-9:00in Dé Sathairn go Dé Domhnaigh 10:00rn-6:30in |