Calaois Ríomhphoist
Ní mór dúinn a bheith airdeallach ar ríomhphoist sceamála i gcónaí de bhrí go bhfuilimid ag brath an oiread sin ar chumarsáid trí ríomhphost. Iarrfar ort sna ríomhphoist seo cliceáil ar nasc agus sonraí pearsanta agus airgeadais a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin góchumtha atá deartha chun aithris a dhéanamh ar shuíomh gréasáin ceart.
B’fhéidir go mbeadh nasc nó ceangaltán le fáil i roinnt ríomhphost calaoiseach agus nuair a chliceáiltear orthu íoslódálann siad bogearraí mailíseacha chuig do ríomhaire nó gléas. Is féidir le cineálacha áirithe bogearraí mailíseacha do ghníomhaíochtaí ar líne a rianú, agus cur ar a gcumas do shonraí airgeadais, pearsanta nó slándála a aistriú chuig na sceamálaithe. Is féidir a leithéid de rioscaí a sheachaint go héasca má chaitheann tú nóiméad i mbun machnaimh sula gcliceálann tú ar cheangaltáin nó ar naisc i do ríomhphoist.
- Ná freagair aon ríomhphost a lorgaíonn d’fhaisnéis airgeadais, phearsanta nó slándála mura ndeimhníonn tú go neamhspleách gur tháinig an ríomhphost ón gcuideachta maíte. Ní sheolann eFlow ríomhphoist ina bhfuil naisc chun íocaíocht a dhéanamh, fiafróimid díot logáil isteach ar do chuntas eFlow trí www.eflow.ie nó www.secure.eflow.ie.
- Sula gcliceálann tú ar nasc nó ceangaltán i ríomhphost, fíoraigh go bhfuil an ríomhphost barántúil trí fhoinse an ríomhphoist a dheimhniú.
- Bí cúramach má iarrtar ort aon ghníomh práinneach a dhéanamh chun do chuntas a chosaint de bhrí nach lorgaíonn eFlow a leithéid de ghníomhaíochtaí riamh.
Ainneoin go mb’fhéidir go bhfuil an chuma ar an scéal go mbeidh am á chur amú agat, cabhróidh sé leat am agus airgead a shábháil trí ionsaí féideartha bogearraí mailíseacha a chosc.